‘Lá iontach’ don Ghaeltacht – plean €15m seolta chun Óstán Ghaoth Dobhair agus an Seaview a oscailt arís 

Tá sé i gceist ag grúpa infheistíochta as Baile Átha Cliath dhá cheann de na hóstáin is aitheanta sa Ghaeltacht a athoscailt 

‘Lá iontach’ don Ghaeltacht – plean €15m seolta chun Óstán Ghaoth Dobhair agus an Seaview a oscailt arís 

Tá €15 milliún le caitheamh ar cheannach, athchóiriú agus athoscailt dhá cheann de na hóstáin is aitheanta sa Ghaeltacht – Óstán Ghaoth Dobhair i Machaire Chlochair agus Óstán Radharc na Mara, an Seaview, sa Bhun Beag.

Táthar ag súil go gcruthóidh an plean forbartha 80 post.

Dúnadh an Seaview agus cuireadh Óstán Gaoth Dobhair faoi ghlacadóireacht i dtús 2015. Dúnadh Óstán Ghaoth Dobhair nuair a theip ar roinnt iarrachtaí a rinneadh é a dhíol.

Athbheochan an Bhuna Bhig Teoranta, fochomhlacht de chuid an chomhlachta infheistíochta Vesada Private, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, atá chun dul i mbun athfhorbairt na n-óstán, a bhíodh á rith ag muintir Uí Bhaoill as Gaoth Dobhair. 

Facebook/Abandoned Misadventures

Buille mór ab ea dúnadh na n-óstán do Ghaeltacht Dhún na nGall agus táthar ag súil go gcuirfidh a n-athoscailt borradh faoi chúrsaí turasóireachta agus fostaíochta sa cheantar.

Táthar ag súil Óstán Radharc na Mara, ina mbeidh 28 seomra leapa agus beár, a oscailt arís i bhfómhar na bliana seo chugainn. Bhíodh club oíche sa ‘Seaview’ a mbíodh an-tóir air ach níl a leithéid beartaithe mar chuid den athfhorbairt.

Tá só-árasáin féinfhreastail, bialann, beár agus ionad fóillíochta agus gníomhaíochta le forbairt in Óstán Ghaoth Dobhair. Táthar ag súil é a oscailt i bhfómhar 2022.

Facebook/Abandoned Misadventures

Bhíodh an-tóir ar an óstán do bhainiseacha agus ócáidí eile sa cheantar mar gheall ar áilleacht na háite ina bhfuil sé agus méid na seomraí ócáide.

 Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Pearse Doherty, a d’fhógair an plean infheistíochta inniu,  gur “lá iontach” a bhí ann do Ghaoth Dobhair.

“Bhí baint mhór ag na radhairc áille ó na hóstáin, ag féachaint amach ar na hoileáin agus ar Bhád Eddie, leis an gcinneadh infheistíocht a dhéanamh iontu.

“Rófhada atá Dún na nGall fágtha ar an ghannchuid. Tuigimid áille na háite agus tuigimid go mbíonn fáilte mhór againn roimh chuairteoirí chuig an cheantar. Ciallaíonn an infheistíocht seo go mbeimid in ann deis a thabhairt do níos mó daoine blaiseadh fháilte sin agus den áilleacht sin, daoine a thiocfaidh agus a fhanfaidh anseo chun leas a bhaint as na háiseanna nua seo,” arsa Pearse Doherty.

Bhí an plean infheistíochta á phlé ag an gcomhlacht Vesada leis an Teachta Dála le bliain go leith anuas. Dúirt Des Connolly ó Vesada go raibh súil aige go gcuirfeadh forbairt na n-óstán “beocht nua” sa Bhun Beag agus i nGaoth Dobhair agus go n-éireodh léi “draíocht” an cheantair Ghaeltachta a léiriú do chuairteoirí.

Facebook/Abandoned Misadventures

Fág freagra ar '‘Lá iontach’ don Ghaeltacht – plean €15m seolta chun Óstán Ghaoth Dobhair agus an Seaview a oscailt arís '

  • Padraig O Gallachoir

    Tá bunadh na Gaeltachta agus go hathraithe bunadh Ghaoth Dobhair tinn tuirseach ag éisteacht le sí -scéalta. Cuid acu fíor is cuid acu a d’imigh mar sneachta de chlaí. Is cinnte gur scoth togra atá foghraithe anseo.Anois caithfear corp a chuir ar an cnámharlach ,spaid a chuir í dtalamh,fostaí a fhostú. agus airgead tirim a chuir in airt na ngeall.