
Is é Thomas Mac Donncha as Leitir Móir, agus Bríd Nic Dhonncha as an gCeathrú Rua atá ina gcónaí in Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara an chéad bheirt a fuair an tsnáthaid in aghaidh an Covid-19 ansin ag an deireadh seachtaine.
Dúirt Mairéad Walsh, Stiúrthóir Altrachta an Árais go raibh an fhoireann agus na daoine atá ina gcónaí ansin an-sásta go deo go raibh an vacsaín faighte acu.
“Lá iontach a bhí againn in Áras Mhic Dara agus bhí neart cainte is spraoi ann sa seomra bia ar maidin agus chuile dhuine ag caint go raibh ‘an tsnáthaid’ tagtha.
“Bhí neart dea-chaint is magaidh idir na daoine ar fad agus bís orthu go n-inseoidís dá muintir go raibh an tsnáthaid faighte acu.”
D’admhaigh Mairéad go raibh an bhliain seo “crua” ar na daoine atá ina gcónaí san Áras agus gur airigh siad uathu go mór a bheith in ann a ghabháil amach agus seal a chaitheamh lena muintir agus a gcairde, nó fiú iad a fheiceáil.
Ghabh sí buíochas leis an bhfoireann iontach in Áras Mhic Dara a “d’oibrigh go dian dícheallach le bliain chun na daoine ansin a choinneáil slán”.
Gheobhaidh na daoine ar fad an dara snáthaid den vacsaín i gceann trí seachtaine le cosaint iomlán a thabhairt dóibh ar an Covid-19.
Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag leanacht leis an vacsaíniú an tseachtain seo sna hionaid altranais uile sa nGaeltacht agus lasmuigh di.
Tabharfaidh Cúram Sláinte Pobail an Iarthair an vacsaín don fhoireann agus do na daoine atá ina gcónaí i mbreis is 100 ionad, 66 ionad altranais príobháideach agus 20 ionad cónaithe.
Muiris Tóibín ó Ghaeltacht na Rinne, atá ag cur fé in Aonad Altranais Tigh Dunabbey i nDún Garbhán – áit go bhfuair sé an vacsaín frith Covid ag an deireadh seachtaine ó Tara McDonagh (ball fóirne dáileacháin an vacsaín ag @HSELive @SouthEastCH)#CovidVaccine #Waterford pic.twitter.com/VMY7oGuttw
— HSE/South East Community Healthcare (@SouthEastCH) January 17, 2021
Fág freagra ar '‘Lá iontach’ – an vacsaín faighte ag lucht Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua'