Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht á cheiliúradh

Forbairt inbhuanaithe chothrom sprioc na bliana seo ag na Náisiúin Aontaithe do ‘Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht’

Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht á cheiliúradh

Déanfaidh Foras na Mara ceiliúradh ar líne ar ‘Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht’ inniu.

In 2016 a cuireadh tús leis an lá seo le bealaí a phlé chun aghaidh a thabhairt ar a laghad mná agus cailíní a bhí ag obair i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice (STEM). De réir Eagraíocht Eolaíoch agus Chultúrtha na Náisiún Aontaithe (UNESCO), ní ach 28% de na taighdeoirí ar fud an domhain ina mná, agus níos lú ná sin díobh atá i bpoist shinsearacha.

Forbairt inbhuanaithe chothrom sprioc na bliana seo ag na Náisiúin Aontaithe do ‘Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht’ lena mana IDEAS – Nuáil, Léirigh, Ardaigh, Cuir chun cinn agus Cothaigh [Innovate, Demonstrate, Elevate, Advance, Sustain].

Is mná 50.6% den fhoireann 241 fostaí atá ag Foras na Mara. Le ceiliúradh a dhéanamh ar an méid a dhéanann na mná sin atá ag obair i ngach réimse san eagraíocht, ar a nuálaíocht agus an tionchar atá acu ar an earnáil, tá an eagraíocht chun cuid dá gcuid scéalta faoina gcuid gcúrsaí léinn agus a ngairm bheatha a roinnt agus tábhacht na hoibre a dhéanann siad a thaispeáint.

Dúirt Patricia Orme, Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha Fhoras na Mara go bhfuil an eagraíocht “tiomanta don chomhionannas inscne” agus gur mian leo go mbeadh teacht ag mná agus fir “ar gach gairm, gach clár oiliúna, maoiniú taighde agus deiseanna le líonrú a dhéanamh le daoine eile”. Dúirt sí go raibh mná ar an bhfoireann atá ag obair san eolaíocht, san anailís theicniúil, i mbun taighde, i bhforbairt mhuirí, agus i róil chorparáideacha.

Chun an chéad ghlúin eile ban a spreagadh le tabhairt faoi ghairm bheatha san earnáil, dúirt sí go gcuireann Foras na Mara béim “ar an méid atá bainte amach ag mná san eolaíocht mhuirí agus an paisean atá acu don obair a dhéanann siad”.

Mar cheiliúradh ar mhná seo earnáil na mara, beidh Foras na Mara ag roinnt “grianghraf, beochan agus próifílí dár mná-eolaithe, chun a ngnóthachtálacha, a gcuid staidéir agus a ngairm bheatha, chomh maith leis an obair a dhéanann siad ag Foras na Mara”.

Is féidir an t-ábhar sin a leanacht ar #WomenInScience ar chlár Facebook, Twitter agus Instagram Fhoras na Mara.

Fág freagra ar 'Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht á cheiliúradh'