Lá gréine an-te an-tirim geallta inniu

Deir Met Éireann gur mórán mar a chéile a bheidh an aimsir an chuid eile den tseachtain agus gur ar éigean go mbeidh aon bháisteach aon áit

Lá gréine an-te an-tirim geallta inniu

Lá gréine an-te an-tirim atá geallta inniu agus tréimhse bhrothaill i ndán don chuid eile don tseachtain.

Idir 23-27 céim Celsius a bheidh an teocht is airde inniu agus d’fhéadfadh go mbeidh sí chomh hard le 29 céim amárach Déardaoin. Cúige Mumhan agus Cúige Laighean na háiteanna is teo a bheidh agus beidh stádas buí aimsire i bhfeidhm sa dá chúige sin ó mheán lae amárach go dtí 6am Dé Domhnaigh.

Oíche ábhairín ceobhránach a bheidh anocht againn agus lá gréine an-te an-tirim atá geallta arís amárach.

Aimsir an-séimh atá á tuar oíche amárach agus ní dócha go mbeidh an teocht níos lú ná 10-15 céim Celsius aon uair le linn na hoíche. D’fhéadfadh an teocht a bheith chomh hard le 16-17 céim in áiteanna áirithe istoíche amárach.

Deir Met Éireann gur mórán mar a chéile a bheidh an aimsir an chuid eile den tseachtain agus gur ar éigean go mbeidh aon bháisteach aon áit.

Sa deisceart agus san oirthear a bheidh an an teocht is airde an chuid eile den tseachtain agus ní dócha go dtitfidh sí faoi bhun 7-12 céim le linn na hoíche.

Tá sé ina bhrothall ó thús na seachtaine. 24.9 céim an teocht is airde a bhí ann Dé Luain agus í sin curtha ar an taifead ag stáisiún Met Éireann i gcontae Cheatharlach. I mBéal an Mhuirthead i Maigh Eo a bhí an teocht is ísle Dé Luain – 18.3 céim.

Tirim agus te “den chuid is mó” a bheidh an tír ag an deireadh seachtaine, a deir Met Éireann. Beidh “tréimhsí fada gréine” Dé hAoine ann agus “corrchith fánach” a bheidh ann má fhliuchann in aon chor. Beidh sé “an-te” arís le linn na hoíche Dé hAoine agus Dé Sathairn.

Aimsir níos luainí atá á tuar do thús na seachtaine seo chugainn agus deirtear go mbeidh an teocht “níos giorra don mheánteocht a mbeifeá ag súil leis an t-am seo bliana”.

Tá Uisce Éireann ag iarraidh ar dhaoine uisce a úsáid “go stuama” le linn an bhrothaill agus baol ganntan uisce ann.

Tá an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre ag impí ar dhaoine a bheith an-chúramach ar an mbóthar le linn an bhrothaill.

Idir an dá linn, deir áisíneacht aimsire na Náisiún Aontaithe go raibh an mhí seo caite ar cheann de na trí mhí Iúil is teo ó tosaíodh ar chuntas a choimeád. Leathchéim Celsius níos airde ná an mheánteocht dhomhanda a bhí an teocht an mhí seo caite.

Deir lucht na heolaíochta gur fianaise shoiléir ar an téamh domhanda an teaspach a bhíonn coitianta ann.

 

Fág freagra ar 'Lá gréine an-te an-tirim geallta inniu'

  • Antóin

    Réamhfhaisnéis na haimsire ina scéal mór! Bhí mearbhall orm gur tháinig mé go dtí an paragraph deireanach. FIANAISE SHOILÉIR, TÉAMH DOMHANDA.

    D’fhéadfaí a rá go mbeadh an aimsir go maith gan an sult a bhaint aisti.

    Mar sin, “Lá gréine an-te an-tirim geallta inniu” Buíochas mór le Dia. Amach libh agus bain sult aisti. Agus beidh vitimín D
    agaibh leis.