Mar cheiliúradh ar Lá Éigse Éireann inniu beidh dánta Gaeilge agus físeáin speisialta á roinnt ag Foras na Gaeilge ar líne
Mar chuid de Lá Éigse Éireann 2021, nochtann Foras na Gaeilge na cnuasaigh agus na bailiúcháin filíochta is mó díol ag Áisíneacht Dáileachán Leabhar (Áis) le deich mbliana anuas. Bunaíodh ÁIS nach mór daichead bliain ó shin le dáileadh a dhéanamh ar scoth na leabhar Gaeilge ar shiopaí an oileáin agus i gcéin.
Le linn 2020, rinne ÁIS luach €1.6 milliún de leabhair Ghaeilge agus leabhair dhátheangacha a dháileadh. San áireamh san fhigiúr sin tá leabhair a bhaineann le gach seánra, idir leabhair do pháistí, théacsanna acadúla agus neart leabhar filíochta.
Ag tagairt do liosta na mbailiúchán, dúirt Bainisteoir ÁIS, Breandán Mac Craith, “Mar atá le feiceáil ón liosta atá curtha ar fáil againn inniu, tá meascán de bhailiúcháin i measc na ndeich leabhar is mó díol, idir chlasaicí mhórfhilí na Gaeilge agus fhilíocht chomhaimseartha. Bheadh duine ag súil leithéidí Sheáin Uí Riordáin agus Mháirtín Uí Dhireáin a fheiceáil ar an liosta, ach tá rogha de bhailiúcháin úra ina measc freisin, a léiríonn saibhreas na filíochta sa lá atá inniu ann.
Ní mór a aithint nach bhfuil anseo ach na bailiúcháin, rogha dánta roghnaithe ag eagarthóir nó ag an bhfile féin. Agus ní mór a aithint nach bhfuil anseo ach blaiseadh! Foilsítear breis is fiche a cúig bailiúchán úr filíochta in aghaidh na bliana ach insíonn an liosta seo scéal na gcnuasach is mó a bhfuil tóir orthu – tá ceird na filíochta Gaeilge beo beathach!”
Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Duine ar bith againn a rinne staidéar ar an Ghaeilge, d’fhás sé aníos le mórlaochra filíochta na hÉireann, agus tá glór chuid de na filí sin ag caint linn go fóill mar ghlórtha comhaimseartha, mar is dual do mhórfhilí. Ach tá glórtha úra ann ina measc atá ag cuidiú linn brí a bhaint as an saol, go háirithe ar na saolta deireanacha seo: is maith ann iad agus go maire siad.”
Lean an haischlib #TreoNua ar na meáin shóisialta, chomh maith le cuntais Fhoras na Gaeilge ar YouTube, Twitter, Facebook agus Instagram, áit a mbeidh dánta Gaeilge á roinnt le linn an lae.
Bailiúcháin
Teideal | Údar / Eagarthóir | Foilsitheoir | Bliain |
---|---|---|---|
An Duanaire 1600-1900 – Poems of the Disposessed | Thomas Kinsella / Seán Ó Tuama | Bord na Gaeilge / An Gúm | 1981 |
Seán Ó Ríordáin – Na Dánta | Seán Ó Riordáin | Cló Iar-Chonnachta | 2011 |
Leabhar na hAthghabhála / Poems of Repossession | Louis De Paor | Bloodaxe / Cló Iar-Chonnachta | 2016 |
Filíocht Ghrá na Gaeilge / Love Poems in Irish | Ciarán Mac Murchadha | Cois Life | 2008 |
Gaolta Gairide (2010) | Máirín Nic Eoin | Cois Life | 2010 |
Duanaire an Chéid | Gearóid Denvir | Cló Iar-Chonnachta | 2003 |
Máirtín Ó Direáin: Dánta 1939 – 1979 | Máirtín Ó Direáin | Clóchomhar | 2010 |
Seán Ó Ríordáin – Selected Poems (Yale) | Frank Sewell | Yale | 2014 |
Máirtín Ó Direáin: Selected Poems / Rogha Dánta | Máirtín Ó Direáin / Frank Sewell | Cló Iar-Chonnachta | 2018 |
Dánta: 1966-1998 – Michael Davitt | Michael Davitt | Coiscéim | 2004 |
Cnuasaigh
Teideal | Údar | Foilsitheoir | Bliain |
---|---|---|---|
Camino de Santiago: Dánta, poems, poemas | Liam Ó Muirthile | Cois Life | 2018 |
Scáthán Véarsaí | Seán Ó Riordáin | Sáirseal, Ó Marcaigh | 1980 |
An Fuíoll Feá – Rogha Dánta | Lian Ó Muirthile | Cois Life | 2012 |
Spíonáin is Róiseanna | Nuala Ní Dhomhnaill | Cló Iar-Chonnachta | 1993 |
An Dealg sa bhFéar | Nuala Ní Dhomhnaill | Cló Iar-Chonnachta | 2011 |
Mise Áine: An Bhean Istigh | Áine Durkin | Cló Iar-Chonnachta | 2017 |
Fe Gheasa / Spellbound | Daríne Ní Chinnéide | Arlen House | 2016 |
An Cion Go Dtí Seo | Máire Mhanc an tSaoi | Sáirseal, Ó Marcaigh | 1987 |
Oighear | Doireann Ní Ghríofa | Coiscéim | 2017 |
Criss-Cross Mo Chara | Grearóid Mac Lochlainn | Cló Iar-Chonnachta | 2011 |
Gabriel Rosenstock
Nuair a ullmhaítear liostaí den sórt seo agus an frása ‘is mó díol’ orthu, cuirtear an fhilíocht le criospaí, cíochbhearta, cabáiste, cnónna, caipíní agus earraí tomhaltais eile den sórt sin. Cé a cheannódh dán? Ba cheart go dtuigfí nach bhfuil gach saothar filíochta (ná gach anam) ar díol. Is é Rún na Rún/ Secret of Secrets an séú leabhar filíochta uaimse atá saor in aisce:
https://www.edocr.com/v/djr6qn6d/gabrielrosenstockbis99/secret-of-secrets
Tagann an inspioráid chugainn saor in aisce ó Dhia agus ní ar an gcoinníoll go ndíolfaí í.
Seosamh Ó Cuaig
Shíl mé nach bhfuil Dia ar bith ann, a Ghabriel.
Garry Bannister
Is cinnte dearfa go dtuigeann Rosenstock a cheird mar fhile agus eisint na filíochta í féin. Cé gur breá liom ‘bunaitheoir’ dúchasach na NuaGhaeilge, Seán Ó Ríordáin, caithfidh mé a admháil gurb é an dán sin ‘Fill Arís’ atá ar na dánta dá chuid ba mheasa a chum sé riamh dar liomsa. Thug saothar an Ríodánaigh filíocht na Gaeilge as “portaigh na Gaillimhe” isteach i saol glúine óige nua; filí amhail Nuala Ní Dhomhnaill, Michael Davitt, Gabriel Rosenstock, Liam Ó Muirthile, Seán Ó Leocháin agus a lán eile. Saoradh an teanga ón pharóisteachas den chéad uair agus tugadh cead don aos óg a n-anam peartsanta féin a chur ag eitilt ar sciatháin na filíochta. Le filíocht an Ríordánaigh cuireadh ruaig ar laincisí ceataiseacha aos dána na Gaeilge i leith na teanga agus bhí ceadaithe ag cách gáire, spórt agus a n-eispeireas féin den teanga a chur in iúl gan chosc – rud a rinne Davitt ach go háirithe. Tugann filíocht Uí Shearcaigh sinn isteach i gcroí a theanga saibhre dúchasaí agus tugann filíocht Rosenstock go dtí an India, an tSín sinn agus siar siar ar ais go haimsirí na Véidí agus na na nÚpainiseadaí. Tóraíonn an Ghaeilge inniu na na limistéir is faide i gcéin agus is ilghnéithí ar fad. Tá an ceart go hiomlán ag Rosenstock is rud gan praghas ar bith í an fhilíocht agus gan aon díol air… amhail an t-aer breá úr a thugann beatha dúinne nó an t-uisce friseáilte ón tobar gairdín.
Seosamh Ó Cuaig
Cén cineál filíochta a bhí i bportaigh na Gaillimhe, a Gharry?
Gabriel Rosenstock
Is annamh cúrsaí filíochta idir chamáin ar Tuairisc.ie. Seans maith nach é seo an áit chuige in aon chor mar nach mbíonn léirmheasanna ar an bhfilíocht – ná ar leabhair Ghaeilge i gcoitinne – ar na leathanaigh seo. Is fearr leis na léitheoirí nuacht áitiúil, cúrsaí spóirt is polaitíochta ná trácht ar bith ar an nualitríocht, is léir. B’fhearr leo a fháil amach faoi na leabhair is mó díol ná leabhar a léamh. Cad faoi na leabhair is lú díol? An bhfuil tuairisc agaibh ó ÁIS ar na leabhair sin?
I ndeireadh na dála, cé a cheannódh leabhar gan ‘tuairisc’ a bheith faighte aige ina thaobh agus ní ó Tuairisc.ie a gheobhaidh sé an tuairisc sin, bí cinnte de!
Garry Bannister
Ha, ha! Togha, a Sheosaimh! Bhíos ag déanamh tagairt, ar ndóigh, don bhithiúnach sin de Bhlá Cliathach – Breandán Ó Beacháin agus don dán dorránach dásachtach dea-chomhairleach dána a thainig uaidh… ‘Guidhe an Rannaire’ !
Dá bhfeicfinn fear fásta, as Gaolainn líofa,
Ag cur síos go sibhialta ar nithe is ar dhaoine,
Meoin is tuairimí i ráithe an lae seo,
Soibealta, sómhar, soicheallach, saolta,
– bheinn an-sásta a theagasc d’éisteacht.
File fiáin fearúil feadánach,
Bard beo bíogach bríomhar bastallach,
Pianta paiseanta peannphagánach!
Ariú, mo chreach, cad é an fhírinne?
Stát-sheirbhísigh ó Chorcha Dhuibhne,
Bobarúin eile ó chladaigh Thír Chonaill
Is ó phortaigh na Gaillimh’, mar bharr ar an donas,
Gaeil Bhleá Cliath na n-órchnap fáinne,
Pioneers páistiúla pollta piteánta
Maighdeana malla maol marbhánta
Gach duine acu críochnaithe cúramach cráifeach.
Dá dtiocfadh file ag séadadh gríosaí,
Rachainn abhaile mo ghnó agam críochnaí’
Is cuimhin liom, a Sheosaimh, gur léigh mé an dán seo den chéad uair ar scoil agus gur chuir sé mo chroí óg ag damhsa faoin am sin le teann sceitimíní. Anois is seanfhear críonna mé ach fós mothaím an bogadh croí céanna agus é á léamh agam inniu. ‘Casadh na taoide’ a bhí ag tarlú sna seascaidí agus sna seachtóidí le teacht ar an láthair filí galánta ghlúin nua na Gaeilge amhail na filí óga in ‘Innti’, agus Seven Drunken Nights á chanadh ag na Dubliners. An cuimhin leat an raic?! Inniu, ar ndóigh, tá flúirse d’fhilí óga cumasacha sa tír amhail: Marcus Mac Conghail, Aifric Mac Aodha, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Doireann Ní Ghríofa, Collette Nic Aodha, Séamas Barra Ó Súilleabháin, Dairena Ní Chinnéide, Caitríona Ní Chléirchín, etc. etc.. gan fiú tagairt ar bith a dhéanamh don seangharda! Ach ar ndóigh, ba é an Ríordánach tús na Réabhlóide liteartha úd, cé gur ionsaíodh faoi gan trócaire mar gheall air faoin am! Go méadaí Dia thú, a Sheosaimh!
Bríd
Caitlín Maude, Liam Ó Flaithearta & Breandán Ó Héithir, Máirtín Ó Cadhain, Máire Mhac an tSaoi….ar leibhéal eile ar fad dóibh i dteannta an Ríordáinigh & an Direánaigh….nach orainn atá an t-ádh & gur eascair a bhformhór acu thiar!!
FÓS
Péacadh le Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Crithloinnir le Caitríona Ní Chléircín
file
“Shíl mé nach bhfuil Dia ar bith ann, a Ghabriel.”
Cé gur shíl tú sin, a Sheosaimh, bhí dul amú ort.