Lá crua i ndán do Carbery agus é ag filleadh ar Chúige Laighean

Ba cheart go mbeadh Cúige Uladh róláidir do Chúige Chonnacht i gcluiche na hoíche anocht ach is í coimhlint an lae amárach i Staid Aviva, idir Cúige Laighean agus Cúige Mumhan, cluiche mór an deireadh seachtaine

Lá crua i ndán do Carbery agus é ag filleadh ar Chúige Laighean

Tá an dara babhta de na cluichí idirchúige linn arís an deireadh seachtaine seo. Beidh na Connachtaigh ar an mbóthar go Béal Feirste inniu, iad ag súil go mbeidh ar a gcumas teacht i dtír ar an bhfíordhroch-thaispeántas a thug Cúige Uladh i mBabhta 5 nuair a thug Cúige Mumhan greadadh uafásach (64-7) dóibh i Luimneach.

Go deimhin, cé go raibh cúpla paiste maith imeartha ag na Connachtaigh agus iad ag imirt i gcoinne Chúige Laighean ar an mBóthar Beag an Satharn seo caite, theip orthu  an líne bhán a thrasnú agus ní raibh ach trí phointe ar chlár na scór acu ag deireadh an chluiche. Mar sin féin, bhí cosaint Chúige Laighean iontach ar fad agus ba dheacair teacht ar aon bhearna sa líne ghorm chéanna. 

Maidir leis an gcluiche idir na hUltaigh agus na Connachtaigh, is cinnte go mbeidh athrú iomlán ar chur chuige fhoireann Bhéal Feirste agus go leor athruithe i measc na n-imreoirí freisin. Ní raibh fáil ag Cúige Uladh ar Rory Best, Jordi Murphy, Marty Moore ná Marcell Coetzee an deireadh seachtaine seo caite. Má bhíonn fáil ach ar chúpla duine féin acusan chomh maith le leithéidí Stuart McCloskey, Rob Herring agus Seán Reidy,  tabharfaidh sé an toirt agus an taithí dóibh a bhí chomh mór sin in easnamh orthu ar Pháirc Thuamhan. Ní hé sin le rá nach bhfuil seans ar bith ag na Connachtaigh sa gcoimhlint seo. Bhí farasbare seacht bpointe dhéag ag na Laighnigh orthu seachtain ó shin ach níor éirigh leis na curaidh ach dhá úd a aimsiú, ainneoin gurbh iad a rinne an chuid is mó den ionsaí sa gcluiche sin. Bhí cosaint Chúige Chonnacht ar ardchaighdeán ar fad agus má dhéanann siad an rud céanna arís an Aoine seo, beidh cluiche suimiúil againn.  Fós féin, ní féidir buntáiste an bhaile a chur as an áireamh i gcluiche den chineál seo. 

Más ag caint ar chluiche suimiúil atáim, seans maith go mbeidh aird an domhain ar an gcoimhlint idir Cúigí Laighean agus na Mumhan, cluiche a bheas á imirt i Staid Aviva ar an Satharn seo. Mar a dúirt mé roimhe seo, bhí an dá fhoireann seo thar barr ar fad i mBabhta 5, iad fíochmhar agus snasta ag an am céanna. Ní raibh aon amhras faoi thoradh na gcluichí sin óna dtús, go deimhin ní raibh ach ceist amháin ann maidir leis an mbearna a bheadh ar chlár na scór ag a dheireadh, i gcás chluiche na Mumhan, go háirid. 

 Ag an am céanna, is fiú a mheabhrú nár éirigh le Cúige Mumhan an lámh in uachtar a fháil i gceann amháin féin de na trí chluiche as baile a d’imir siad an séasúr seo agus níl an buntáiste sin acu don chluiche seo ach oiread. Ach sin cuid den chúlra atá ag baint leis an gcoimhlint seo, tá rudaí eile ag tarlú freisin. Seo é an chéad uair ag Joey Carbury, laoch na himeartha ag na Muimhnigh i gcoinne Chúige Uladh, a bheith ag dul chun páirce i gcoinne a sheanfhoirne, Cúige Laighean. Beidh an-suim go deo i gcoimhlint Joey, chomh maith leis an iomaíocht sa dara roinn idir Tadhg Beirne na Mumhan agus James Ryan Chúige Laighean.

Ach ag deireadh an lae is cluichí Pro 14 atá i gceist sna cluichí seo, cluichí atá á n-imirt mar réiteach do na Comórtais Eorpacha, cluichí a bheas á n-imirt faoi cheann seachtaine. Mar sin féin beidh neart gleo ag lucht leanta pé foireann a bheas ar bharr an tábla. Tá mise ag tuar gur ag na Laighnigh a bheas an lámh in uachtar an Satharn seo, ach beidh orthu oibriú go han-chrua leis an ngradam sin a bhaint amach. Nuair a bhíonn tú ar bharr an chnoic, is cuma cé acu cúrsaí gnó, polaitíochta nó spóirt a bhíonn i gceist, níl ionat ach sprioc don fhreasúra. Tá na Laighnigh sa mbád sin anois.  Seans go bhfuil siad róláidir faoi láthair le hiad a bhrú ar leataobh go héasca.

Fág freagra ar 'Lá crua i ndán do Carbery agus é ag filleadh ar Chúige Laighean'