‘Lá breá brothallach a bhí ann agus ní raibh scamall sa spéir …’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Ní féidir éalú ón aimsir, fiú amháin sa scríbhneoireacht fhicsin.

‘Lá breá brothallach a bhí ann agus ní raibh scamall sa spéir …’

Creid é nó ná creid, ach ceann de na rudaí is casta sa scríbhneoireacht fhicsin ná an aimsir.

Níl tú ceaptha píosa ficsin a thosú leis an aimsir, mar shampla. Má dhéanann tú sin, beidh an chuma ar do phíosa gurbh é Aindí na hArdteiste a scríobh é: ‘Lá breá brothallach a bhí ann agus ní raibh scamall sa spéir …’ (Aire: fiú mura mbíonn an cur síos ar an aimsir féin ina cliché, mar atá in abairt Aindí, cliché ann féin a bheadh ann téacs a thosú leis.)

Ach bíonn an aimsir ann i gcónaí, pé áit a dtéann tú, agus bheadh cuma fhíor-mhínádúrtha ar phíosa ficsin nach mbeadh tagairt ar bith don aimsir ann. Níl sé inmholta píosa scríbhneoireachta a thosú leis an aimsir, ach bíonn an léitheoir ag súil le cur síos éigin ar an aimsir go réasúnta luath sa phíosa. Gné lárnach den chur síos ar láthair an scéil atá inti.

Ach ní hamháin sin: is iontach an deis a thugann an aimsir don scríbhneoir imeacht an ama a léiriú – go háirithe má chaitheann sé dua leis an gcur síos.

Cleas beag deas a mbainim féin úsáid as – úsáid thíosach, óir bíonn blas ar an mbeagán! – ná cur síos a dhéanamh ar an gcineál éadaí a chaitheann daoine seachas tagairt dhíreach a dhéanamh don aimsir nó don séasúr – cleas a oibríonn thar cionn má bhíonn aicsean agus eolas breise sa chur síos, leis. ‘Bhain Irene dí na miotóga dearga a chniotáil a hathair di’: ar an bpointe boise, tá a fhios againn gur lá geimhridh atá ann, go bhfuil Irene díreach tagtha isteach an doras, agus go bhfuil athair aici atá éagsúil le cuid mhór aithreacha eile.

Uaireanta ar ndóigh beidh gá le cur síos díreach ar an aimsir féin. Nuair a bhíonn cur síos á dhéanamh agat ar bhrothall, sioc nó díle – seachas ar fheisteas do chuid carachtar, ar chlagarnach ar dhíonta nó ar thoit mhóna a bheadh ag teacht amach as simléir – bí cúramach nach dtitfidh tú isteach i ngaiste eile: ná tabhair pearsantacht don aimsir. Bíonn chuile stoirm thoirní bagrach – ní gá é a rá.

Ní hamháin go mbíonn baol an pleonasmós ann (mar a thug scríbhneoirí na Sean-Ghréige ar an gcur síos iomarcach ar rud atá intuigthe), mura gcreideann tú i ndéithe aimsire a dteastódh uathu a ladar a chur isteach i saol na ndaoine (má chreideann, togha, coinnigh ort!) níor chóir duit meon nó cuspóir a thabhairt don aimsir i do chuid scríbhneoireachta.

Carachtar fíorleithleasach amháin a cheapfadh gur ar mhaithe leis féin amháin a shéidfeadh gaoth, a scoiltfeadh an ghrian cloch nó a ghleadharfadh báisteach – agus seans gur scríbhneoir fíorleithleasach amháin a chumfadh a leithéid de charachtar. Céard faoi na daoine eile i suíomh an scéil – nach mbeadh an aimsir cheannann chéanna acu siúd?

Cinnte, is féidir úsáid a bhaint as an aimsir chun mothúcháin charachtar ficseanúla a léiriú – ach ní mór duit díriú ar dhearcadh na gcarachtar ar an aimsir seachas ar an aimsir féin. Má cheapann carachtar a bheadh faoi léigear ag an saol go bhfuil scamall sa spéir cosúil le long chogaidh atá ar tí é a ionsaí, togha – ach arís, mura gcreideann tú i ndéithe aimsire a chuirfeadh a ladar isteach sa scéal, drochsheans go raibh aon mhailís i gceist ag an scamall sin é féin, ná tuiscint ar céard is long chogaidh ann.

Maidir leis an gcineál sin úsáide a bhaint as cúrsaí aimsire, ní sháraíonn éinne an scríbhneoir mórcháile ón bhFionlainn, Tove Jansson.

Stoirmeacha is mó a mbíonn Jansson ag trácht orthu ach ceo atá faoi chaibidil aici i sliocht as úrscéal dá cuid atá ar fáil i mBéarla faoin teideal Fair Play agus a chuaigh i bhfeidhm orm go mór le deireanas. Sa sliocht sin, baineann Jansson úsáid mháistriúil as ceo chun argóint ársa agus dhoiléir idir an mbeirt phríomhcharachtar, Jonna agus Mari (atá ar an bhfarraige i mbáidín rámha) a léiriú.

Bheadh Tove Jansson 108 mbliana d’aois dá mbeadh sí beo inniu agus is mór an feall nach bhfuil: b’aoibhinn liom cur síos óna peann sise ar an athrú aeráide.

Ach tá muidne beo, scríbhneoirí agus filí an lae inniu, agus is orainne atá an dualgas cur síos a dhéanamh ar a bhfuil ag tarlú inár dtimpeall faoi láthair. Dá chasta é an cur síos uirthi, anois níos mó ná riamh, ní féidir éalú ón aimsir sa scríbhneoireacht fhicsin.

 

Fág freagra ar '‘Lá breá brothallach a bhí ann agus ní raibh scamall sa spéir …’'