KNEECAP le ceiliúradh a dhéanamh ar ‘mheath na Ríochta Aontaithe’ ar a gcamchuairt nua

Deir Móglaí Bap ón ghrúpa rap KNEECAP go bhfuil sé ag súil go mbeidh  ‘tuilleadh airgid don chóisireacht’ acu i ndiaidh The Occupied Six Tour

KNEECAP le ceiliúradh a dhéanamh ar ‘mheath na Ríochta Aontaithe’ ar a gcamchuairt nua

Tá na ticéid ar díol inniu do mhórchamchuairt nua KNEECAP, an grúpa rap as Béal Feirste a bhíonn ag ceol i nGaeilge agus i mBéarla.

‘The Occupied Six Tour’, atá á thabhairt ag an ghrúpa ar a gcamchuairt ar ionaid mhóra ar fud na tíre, an Olympia Theatre i mBaile Átha Cliath, Leisureland i nGaillimh agus Ionad an Telegraph i mBéal Feiste. An fómhar seo chugainn a thosóidh ‘The Occupied Six Tour’.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie dúirt Móglaí Bap, duine den bheirt cheoltóirí rap KNEECAP a tógadh le Gaeilge i mBéal Feirste, go ndéanfadh ‘The Occupied Six Tour’ “ceiliúradh ar mheath na Ríochta Aontaithe” agus go mbeidh “tuilleadh airgid don chóisireacht” ag an ghrúpa ina diaidh.

Dúirt Móglaí Bap go mbeidh EP nua á chur amach ag KNEECAP i mbliana agus go mbeidh a gcuid amhrán nua le cloisteáil ag na gigeanna.

‘Farewell to the Union Tour’ a thug lucht KNEECAP ar a gcamchuairt dheireanach, camchuairt a tharraing go leor conspóide mar gheall ar phóstaer poiblíochta ina raibh ceannaire an DUP agus Príomh-Aire na Breataine le feiceáil agus iad ceangailte de roicéad ar bharr tine chnámh.

Dúirt KNEECAP an t-am sin nach raibh sa phóstaer, a bhain lena gcamchuairt i Sasana agus Alban, ach “dea-phíosa ealaíne”.

“Bhí muid ag iarraidh dul i bhfeidhm ar ár gcomrádaithe i Sasana agus in Albain a mbíonn orthu cur suas leis na Tóraithe lofa, agus leis an slad atá á dhéanamh acu ar an lucht oibre,” a dúirt KNEECAP.

Níorbh é sin an chéad uair gur tharraing KNEECAP, a mbíonn cur chuige idir mhagadh agus dáiríre acu, conspóid orthu féin.

Bhí tuairiscí faoi na ceoltóirí rap Gaelacha sna meáin freisin nuair a díbríodh ón stáitse iad ag ceolchoirm dá gcuid sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Rinne an DUP cáineadh ar an bhanna chomh maith toisc ‘Brits Out’ a bheith á bhéiceadh ón stáitse acu ag ceolchoirm san Empire Music Hall i mBéal Feirste.

Cuirfidh KNEECAP tús lena gcamchuairt is déanaí in Leisureland, Gaillimh, ar an 25 Meán Fómhair. Beidh siad san Olympia Theatre, Baile Átha Cliath, ar an 2 Deireadh Fómhair agus in Ionad an Telegraph, Béal Feirste, ar an 10 Deireadh Fómhair.

Fág freagra ar 'KNEECAP le ceiliúradh a dhéanamh ar ‘mheath na Ríochta Aontaithe’ ar a gcamchuairt nua'