Kinsella agus Kipling agus an chuimhne chruinn neamhchruinn

An chéad riachtanas ag an scríbhneoir uaireanta ná an taithí a roinnt, í a scríobh síos ionas gur féidir leis an léitheoir meabhair a bhaint aisti agus an scríbhneoir féin í a thuiscint

Kinsella agus Kipling agus an chuimhne chruinn neamhchruinn

Bhínn ag déanamh iontais de sheasmhacht is de bhuaine ábhair áirithe: cuimhní mionsonraithe ar áiteanna agus ar ghnóthaí fánacha, comharthaí agus guthanna, chomh soiléir is dá mbeadh siad beo beathaíoch. Frása nár chuala mé ach uair amháin i mo shaol, b’fhéidir, nó sracfhéachaint trí dhoras, nár fhág an intinn riamh ach a bheadh neadaithe ansin mar chuid de mo chuid smaointe i gcónaí. Níor leor na cuimhní diongbháilte úd a fhágáil mar chuimhní taifeadta. Ba ghá go gcuirfí i bhfocla tréana iad – focla a bheadh ag iarraidh an chuimhne a thabhairt chun cuimhne an athuair agus a athbheochan agus freagairt arís dó ionas go bhféadfaí an chuimhne dhíreach chéanna a athaimsiú agus an fhreagairt a athmhothú go brách. 

  • Thomas Kinsella in agallamh le Adrienne Leavy 

 

Sa sliocht seo bhí Thomas Kinsella, a bhásaigh ag deireadh na bliana seo caite, ag labhairt faoi na dánta siúd a bhaineann le cuimhne agus a foilsíodh ina leabhar Notes from the Land of the Dead sa mbliain 1973. Bhí mé ag streachailt leis na dánta sin nuair a léigh mé i dtosach iad. Ba chosúil le giotaí próis iad, le híomhánna gruama aonair, gan aon ornáidíocht go minic ná aon mheafair ná samhlacha de ghnáth ach oiread. Is mar seo a thosaíonn ‘Hen Woman’: ‘The noon heat in the yard/ smelled of stillness and coming thunder. [Bhí toirneach san aer is boladh an tsuaimhnis/ ó bhrothall an tráthnóna sa ngarraí.]’. Cuirtear tús le ‘Ancestor’ leis na focla: ‘I was going up to say something, /and stopped. [Bhí mé ag dul suas chun rud éigin a rá/ agus stop mé.]’. Tosaíonn ‘Tear’ leis an líne seo: ‘I was sent in to see her [Seoladh isteach mé lena feiceáil.]’. 

Abairtí maithe iad, ar nós na gcineálacha abairtí a roghnofá de ghnáth le tús a chur le scéal nó caibidil d’úrscéal. 

In ainneoin na simplíochta agus easpa ornáidíochta, nó go deimhin mar thoradh orthu freisin, b’fhéidir, tá na dánta sin, lena gceol searbh, lán cruinnis. Ach ní cuimhne chruinn amháin iad ach mothúchán cruinn faoin gcuimhne freisin. Agus, níos tábhachtaí ná sin, rud eicínt seasmhach, agus ní hé nach ndearna Kinsella ach iad a ghairm chuige ar nós cuma liom, ach íomhánna ceilte iad a thagann amach arís agus arís eile ina chuid filíochta amhail is dá mbeidís tar éis cumhacht shiombalach a ghlacadh chucu féin agus iad sáinnithe istigh ina intinn le blianta. 

Tá sé tábhachtach, áfach, gan scéal rómhór a dhéanamh den chumhacht sin. Ba leor don fhile an íomhá a mhothú agus í a scríobh síos ansin, ag déanamh cinnte go mbeadh gach focal fíor, cruinn. Ní mba leor stiléireacht a dhéanamh ar an eachtra; tá sé tábhachtach scríobh fúthu mar a bhí ag an am, cosúil le focla a bheadh greanta i gcloch. 

Ní mé an bhfuil an ceart ag Kinsella béim a chur ar an riachtanas sin, ar an ngá ‘a chinntiú gur féidir an chuimhne chruinn agus an fhreagairt don chuimhne chéanna sin a athmhothú i gcónaí’. Cinnte, is é an chéad riachtanas ná an taithí a roinnt, í a scríobh síos ionas gur féidir leis an léitheoir meabhair a bhaint aisti nó, má léann tú sa nóiméad ceart í, an taithí a mhothú go fírinneach duit féin freisin, í a mhothú i do chroí istigh, í a thuiscint. 

Murab ionann is Kinsella, ní raibh aithne agamsa ar mo sheantuismitheoirí. Bhí triúr acu básaithe sul má rugadh mé. Fuair athair mo mháthar bás nuair a bhí sé ocht mbliana is dhá scór d’aois sa mbliain 1936. Ní raibh mé istigh sa teach inar cailleadh é riamh, ach chonaic mé an teach ón taobh amuigh. Dá bhrí sin, dá ndéarfainn leat go bhfuil fód agus uair a bháis greanta i mo chuimhne, déarfá nach bhféadfadh sé sin a bheith fíor. Is é féin amháin, agus mo mháthair, a bhí ceithre bliana déag d’aois ag an am, a bhí ansin sa seomra. 

Ainneoin sin, maireann an íomhá seo fós i mo chuimhne amhail is dá mbeinn in aice láimhe nuair a tharla sé. Tá a fhios agam go ndeachaigh mo mháthair síos an staighre leis an nuacht – nuacht a scaip go tapa ansin ar fud na sráide gnóthaí, agus gur tháinig daoine isteach, mná den chuid is mó, agus go ndeachaigh siad ar a nglúine pé áit arbh fhéidir leo chun an paidrín páirteach a rá. 

Ba é toradh a bháis ná go mb’éigean do mo mháthair éirí as an scoil, agus dá bharr sin mhéadaigh agus d’fhás a hardmheas ar leabhra agus ar an léann agus chothaigh sin fiosracht nádúrtha sa bhfilíocht ina saol, díograis agus fiosracht a d’fhan léi an chuid eile dá saol. Sa gcisteanach bheag agus í ag bogadh anonn is anall idir an doirteal agus an spás oibre, bhíodh sí ag aithris línte filíochta di féin os ard, líne nó dhó, na línte ceannann céanna, go mion minic. 

Tá mé ar an traein atá ag fágáil stáisiún Phaddington. Tá cara liom. Tá muid ag dul go Cheltenham. Tugaim faoi deara go bhfuil a laptop ceangailte leis an idirlíon aige. Nuair a thosaíonn an traein ag gluaiseacht, tagann dhá líne filíochta isteach i m’intinn gan coinne dá laghad, línte nár chuala mé le leathchéad bliain b’fhéidir, línte a bhíodh á n-aithris ag an nguth sin, guth mo mháthar, i gcisteanach an tí siúd in Inis Córthaidh. 

Fiafraím de mo chara an bhféadfadh sé iad a ghoogleáil le go bhfaighinn amach cárb as a dtáinig siad an chéad lá riamh. 

‘That must be why the big things pass and the little things remain, /Like the smell of the wattle at Lichtenberg {rud éigin} in the rain. [Sin í an chúis go n-imíonn mór-rudaí thart, is gurb iad na rudaí beaga a fhanann, / Amhail boladh an chaolaigh i Lichtenberg {rud éigin} sa bhfearthainn.]’  

Dúirt sí na focla agus í ag ligean cineál osna, amhail is dá mbeadh sí ag aithris línte le Yeats nó as Othello, agus b’fhéidir línte eile atá dearmadta agam. Sna blianta sin, na blianta a gcuimhním uirthi sa gcisteanach, bhíodh sí féin agus a cairde agus a deirfiúracha ag caint go nádúrtha faoin rud a dtugadh siad ‘saol’ air, agus bhíodh ‘saol’ á phlé is á scagadh acu. Ní mba ‘saol’ é an galf, ní mba ‘saol’ é an beiriste. Is minic a thosaíodh mo mháthair ag caint mar seo: ‘Nuair a bheas an saol feicthe agat mar atá agamsa … ’ Nó déarfadh sí faoi shagart nó faoi Bhráthair Críostaí: ‘Níl aon taithí saoil acu.’ 

Bhíodh rud eicínt faoin ‘saol’ á rá ag na dánta sin léi, b’fhéidir, rud eicínt fíor, ach rud eicínt dothuigthe san am céanna, nó b’fhéidir go mbíodh sí á n-aithris mar go raibh na focla féin go hálainn nó mistéireach, nó de bharr gur mhúscail siad mothúcháin eicínt inti agus í á rá, mothúcháin aisteacha. 

Ba línte as dán de chuid Rudyard Kipling a bhí iontu, rud a fuair muid amach ó Google. Curfá óna dhán ‘Lichtenburg’, as cnuasach filíochta dá chuid dar teideal Five Nations sa mbliain 1903 a bhain le saol saighdiúirí a bhí ar dualgas. Is san Afraic Theas atá Lichtenburg. Saighdiúir as an Astráil é reacaire an dáin. Tosaíonn an dán mar seo: ‘Smells are surer than sounds or sights/ To make the heart-strings crack [Is láidre bolaithe ná fuaimeanna nó radhairc / Le tocht a chur ar do chroí]’ agus is é críoch an chéad rainn ná: 

That must be why big things pass 

And the little things remain, 

Like the smell of the wattle by Lichtenberg, 

Riding in, in the rain. 

 

[Sin í an chúis go n-imíonn mór-rudaí thart,  

Is gurb iad na rudaí beaga a fhanann, 

Amhail bholadh an chaolaigh i Lichtenberg, 

Ag marcaíocht tríd, tríd an bhfearthainn.] 

Bhí mé ag dul go Cheltenham. Maidin Sathairn. Bhí nuachtán an lae liom i m’ucht. Agus tháinig an dán seo, nó línte as chugam, é ag teacht aniar aduaidh orm nó as cathair ghríobháin éigin i m’intinn ina bhfuil mothúcháin aisteacha stóráilte. Is dócha gur thaitin na línte sin le mo mháthair, is go raibh a gcuid fuaimeanna chomh tábhachtach di agus a bhí gach a raibh á rá acu léi faoin ‘saol’. 

Bhí chuile rud chomh fada sin ó bhaile: an Afraic Theas, an saighdiúir Astrálach, Kipling. Ach iad sách cóngarach freisin ar bhealach eile. Róchóngarach le bheith taibhsiúil nó scanrúil ná aon rud mar sin. Agus ní hamhlaidh is dá mba inné a tharla sé. Ní hea ar chor ar bith. Ach amhail is nár thréig an fhuaim ná na guthanna a chuala mé sa gcisteanach an chuimhne riamh, ach gur mhéadaigh siad is gur éirigh níos saibhre agus níos cumhachtaí le linn dóibh a bheith brúite báite nó faoi scáth na scáilí ansin san intinn. 

Is é sin go léir ar thraein a bhí ag fágáil Londan maidin Sathairn i bhfómhar na bliana 2017.  

  • Micheál Ó Conghaile i gcomhar le Niklas Fink a d’aistrigh go Gaeilge na hailt le Colm Tóibín sa tsraith seo, sraith atá á foilsiú againn i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon. Tá Colm Tóibín ina Laureate i gcomhar Ficsean Éireannach, 2022-2024 

 

Fág freagra ar 'Kinsella agus Kipling agus an chuimhne chruinn neamhchruinn'