‘Kidnapped’ – scéal ‘scleondrach atmaisféarach’ Robert Louis Stevenson ar fáil i nGaeilge ó Leabhar Breac

Is é bunaitheoir an chomhlachta, an t-údar Darach Ó Scolaí, a rinne an t-aistriúchán nua seo, an fear céanna a chuir Gaeilge ar leabhar eile de chuid Stevenson, Oileán an Órchiste, dhá bhliain ó shin

Darach Ó Scolaí

Tá aistriúchán úrnua den leabhar clúiteach Kidnapped le Robert Louis Stevenson curtha ar fáil ag an  bhfoilsitheoir Leabhar Breac, atá lonnaithe in Indreabhán.

Is é bunaitheoir an chomhlachta, Darach Ó Scolaí, a rinne an t-aistriúchán nua seo, an fear a chuir Gaeilge ar leabhar eile de chuid Stevenson, Oileán an Órchiste, dhá bhliain ó shin.

Dúirt Ó Scolaí le Tuairisc.ie go gcuirfidh léitheoirí na Gaeilge spéis faoi leith san eagrán nua seo, mar gur i nGaeltacht na hAlban atá cuid mhaith den scéal lonnaithe.

“Tá pictiúr cruthaithe ag Stevenson sa leabhar seo den Ghaeltacht mar a bhí an uair sin, i lár an ochtú haois déag, pictiúr nach bhfuil againn cheana sa Ghaeilge, agus tá sé cruinn go maith mar chur síos ar an nGaeltacht.

“Roghnaigh mé é le haistriú ar chúpla cúis. Ar an gcéad dul síos d’éirigh go han-mhaith le Oileán an Órchiste, leis an údar céanna. Taitníonn Stevenson liom, sílim go bhfuil sé máistriúil mar scríbhneoir, agus scríobh sé an cineál leabhair a léifí. An-leabhar atá i Kidnapped agus aithnítear go coitianta ar fud an domhain é ar cheann de na ‘clasaicí’,” a dúirt sé.

D’fhoilsigh An Gúm leagan Gaeilge de Kidnapped, a d’aistrigh Leon Ó Broin, sa bhliain 1931. Aistritheoir bisiúil a bhí in Ó Broin a chuir roinnt mhaith leabhar ar fáil i nGaeilge faoi Scéim Aistriúcháin an Ghúim, ina measc Cogadh na Reann, nó War of The Worlds. Rinneadh athchló ar an eagrán sin anuraidh. An_Fuadach

Rinne Ó Scolaí a leagan siúd as an nua, agus cé go bhfuil cóip aige d’aistriúchán Uí Bhroin, d’oibrigh sé go huile is go hiomlán ón mbunleagan Béarla agus an t-eagrán seo á réiteach aige.

“D’fhéadfainn leagan athchóirithe den seanleagan a chur amach agus bheadh ar dhuine é a chur in oiriúint agus an seanchló a chur sa chló nua agus an litriú a chur ar aon dul le litriú an lae inniu. Bheadh an obair chéanna i gceist leis sin agus a bhí le tosú as an nua. Rinne muid ár gcuid féin de ar an gcaoi seo.

“Ní glan-aistriúchán amháin atá anseo ach oiriúnú freisin, mar a bhí i gceist le Oileán an Órchiste. Tá sé deacair ar dhéagóirí an leagan Béarla a léamh inniu mar tá an teanga sin tar éis athrú ón uair a scríobhadh an leabhar. Tá an leagan curtha in oiriúint do léitheoir an lae inniu. Ar bhealach bhí sé níos deacra é a dhéanamh in An Fuadach mar bhí níos lú a bhféadfaí a bhaint as. Ní mar sin a bhí le Oileán an Órchiste,” a dúirt sé.

Deir Ó Scolaí gur “scéal scleondrach atmaisféarach” atá i An Fuadach, agus tá an bunleagan ar cheann de na húrscéalta eachtraíochta is mó cáil ar domhan. Insítear sa leabhar scéal Dháibhí Balfúr, dílleachta óg a thugann aghaidh ar theach daoine muinteartha leis agus é ag súil go gcabhróidh siad leis.

“Tar éis longbhriseadh amach ón oileán Muileach, déanann Balfúr a bhealach go hApainn le casadh le cara leis, an Seacaibíteach aitheanta, Ailean Breac Stíobhaird. Ar a bhealach ann, agus scíth á ligean aige ar thaobh an bhóthair, caitear piléar ó shleasa an tsléibhe ar Chailean Rua Caimbéal, Tiarna Ghleanna Iúir, nó an Sionnach Rua mar is fearr aithne air, agus é ar a bhealach go hApainn chun na tionóntaí a chur dá dtailte. Ón bpointe sin amach, tá Dáibhí Balfúr agus Ailean Breac Stíobhaird ar a dteitheadh agus breith an bháis orthu.

“Leabhar románsúil atá ann, tá rómánsaíocht ag baint le Gaeltacht na hAlban agus leis na Garbhchríocha, leis an stíl áirithe eachtraíochta agus leis an teitheadh ó na Cótaí Dearga – téarma rómánsúil ann féin,” a dúirt Ó Scolaí.

Tarlaíonn imeachtaí an scéil timpeall an ama ar maraíodh Cailleain Chaimbéil i ‘Dúnmharú na hApainn’ i mBaile an Chaolais tar éis Éirí Amach na Seacaibíteach sa bhliain 1745 agus tá cuid mhaith de na carachtair ann bunaithe ar dhaoine a mhair an t-am sin – Ailean Breac Stíobhaird agus Caimbéil san áireamh.

Tá an t-eagrán nua Gaeilge maisithe le pictiúir ó eagrán Béarla den leabhar a rinne an t-ealaíontóir Meiriceánach NC Wyeth agus a tháinig amach in 1913. Ba iad léaráidí Wyeth a úsáideadh do Oileán an Órchiste (Treasure Island) chomh maith agus ba é Ó Scolaí a chuir Gaeilge ar an scéal sin freisin.

“Ní dóigh liom go mbeadh stíl nua-aimseartha do na léaráidí feiliúnach don leabhar. Tá muid ag coinneáil le seanluachanna foilsitheoireachta anseo, agus muid ag breathnú siar ar ré órga na ngrafaicí. Tá muid ag iarraidh go mbainfí taitneamh as, ní hamháin as an scéal agus as an aistriúchán, ach as an leabhar mar rud fisiciúil ann féin,” a dúirt Ó Scolaí.

Fágann foilsiú an eagráin seo go bhfuil Robert Louis Stevenson ar dhuine de na scríbhneoirí Béarla is mó a bhfuil a shaothar ar fáil i nGaeilge. Tá ceithre mhórshaothar dá chuid ar fáil anois sa teanga: Cás Aduain an Dr Jekyll agus Mhr Hyde, Oileán an Órchiste, An Fuadach agus Máistir Bhaile na Trá.

Tá leagan Nua-Ghaeilge den Táin Bó Cúailigne agus leagan Gaeilge de A Christmas Carol le Charles Dickens ar na bacáin ag Leabhar Breac freisin agus táthar ag súil go bhfeicfear an bhliain seo chugainn iad.