‘Just because gur dhúirt Máirtín Ó Cadhain é doesn’t mean go bhfuil sé fíor’ – Gaeilge na linne seo

Tá suim ag ár gcolúnaí sa mheascán de Ghaeilge agus de Bhéarla atá ag éirí níos coitianta,  nó an códmhalartú mar a thugann na saineolaithe air

‘Just because gur dhúirt Máirtín Ó Cadhain é doesn’t mean go bhfuil sé fíor’ – Gaeilge na linne seo

Níl aon lá sa mbliain nach mbíonn plé agus sioscadh ar Tuairisc.ie faoin nGaeilge. Be that as it may, ní chloisim focal ar bith faoin gcineál teanga is coitianta sa nGaeltacht inniu taobh amuigh den Bhéarla agus í sin an teanga a thagann as códmhalartú.

Meascán de Ghaeilge agus de Bhéarla atá inti.

Thug mé síob, nó marcaíocht nó ‘lift’ do chailín lá i gCois Fharraige. Ag obair i monarcha a bhí sí. ‘An bhfuil tú sa union?’ arsa mise. ‘Tá,’ a dúirt sí, ‘níor mhór dhuit a bheith sa union really, níl say ar bith a’d otherwise.’

Bhí mé ag éisteacht le máthair ag caint lena maicín beag lá eile i siopa ar an gCeathrú Rua. Gaeilge a bhí sí a labhairt. Chuir mé cluas orm féin mar nach minic a chloisim máthair ag caint Ghaeilge lena páiste.

Bhí an gasúirín ag dul ar fud an tsiopa ag brath ar rudaí a tharraingt de na seilfeanna.

‘Ná touch-áil an till, maith an feairín,’ a dúirt an mháthair leis.

Lá a raibh mé ag sárú ar bhean acadúil faoi rud a dúirt Máirtín Ó Cadhain tháinig sí romham out of the blue.

‘Just because gur dhúirt Máirtín Ó Cadhain é doesn’t mean go bhfuil sé fíor,’ ar sise go húdarásach.

Seo í an uirnis liteartha is fearr atá mise a fháil ó mo mhuintir, a dúirt mise i m’intinn féin.

Ós ag caint ar Mháirtín Ó Cadhain é, d’úsáid sé beagán den chódmhalartú seo sna gearrscéalta deireanacha a scríobh sé. Ag léiriú an athrú saoil i gConamara a bhí sé. Más ea féin níor thug sé leis na leaganacha truaillithe chomh cruinn agus ba mhaith leat. Bhí sé rófhada imithe as Cois Fharraige.

Chuaigh mé ag an ngaráiste le linn tréimhse seaca bliain amháin.

‘An bhfuil anti-freeze sa gcarr sin a’d?’ a dúirt an meicneoir liom. ‘Níl,’ a deirimse. ‘A muise, a mhac, tá tú ag tempt-áil fate,’ a dúirt sé.

Cén chaoi a ndéarfá i nGaeilge cheart é? a d’fhiafraigh duine díom ar inis mé an scéal dhó ina dhiaidh sin. Ní raibh freagra ar bharr mo ghoib ná off by heart agam dó.

Sin cúis amháin go bhfuil an códmhalartú chomh coitianta agus atá: bíonn sé níos éasca an leagan Béarla a chaitheamh isteach ná a dhul ag tochailt i bhfoclóir and that’s for sure.

Needless to say, chuaigh mé i muinín an fhoclóra an iarraidh sin chomh luath agus a fuair mé deis. A bheith ag iarraidh an anachain a tharraingt ort féin an míniú a fuair mé air.

Chuir scéal an gharáiste sin i gcuimhne dhom an lá a ndeachaigh cara liom lena charr chuig fear garáiste eile. Scrúdaigh an meicneoir í agus bhreathnaigh sé go cráite ar mo dhuine.

‘Tá sorry orm , a mhaicín,’ ar seisean, ‘ach tá faitíos orm go bhfuil do chut-out fucáilte.’

Ar teanga cheart ar bith atá againn anseo? Ceist í sin atá á cur le fada, which go bhfuil.

Sna 1940idí agus sna 1950idí déarfadh teangeolaithe gur truailliú teanga atá i gceist. Níl na scoláirí móra chomh cinnte anois, no way go bhfuil.

Tá go leor acu a rá inniu gur fás nádúrtha go leor atá ag tarlú.

Is minic a cheap mé gur mhaith an beart nuacht an iarthair ar Raidió na Gaeltachta a chraoladh ar thrí bhealach – sa méid atá fágtha den Ghaeilge chraicneach a thosaíodh ag damhsa ar Mháirtín Ó Cadhain, sa Ghaeilge Chaighdeánach agus sa leath-Ghaeilge leath-Bhéarla seo.

Gheofaí amach ar an gcaoi sin, one way or another, cé acu ab fhearr leis na héisteoirí.

Teastaíonn neart taighde a dhéanamh ar an ábhar ar chuma ar bith and why not?

Tá liosta agam féin de leaganacha spéisiúla eile a chuala mé.

Roinnfidh mé an liosta sin leis an té a thabharfas faoin gCéim Dochtúireachta.

Idir an dá linn chuirfinn fáilte roimh shamplaí eile fós ó léitheoirí Tuairisc.ie.

Fág freagra ar '‘Just because gur dhúirt Máirtín Ó Cadhain é doesn’t mean go bhfuil sé fíor’ – Gaeilge na linne seo'

  • E

    Mar chainteoir Bhéarla, ciallaíonn sé seo go bhfuil sé an-deacair ar fhoghlaimeoirí Gaeilge a úsáid sna ceantair Ghaeltachta mar go bhfuil teanga rúnda eile ann – leath-ghaeilge agus leath-bhéarla!
    Is cuimhin liom a bheith ag caint le cainteoir dúchais agus dúirt sí “agus ansin, walk-áil sé off!” Cheap mé ag an am gur “bhácáil” nó rud eicínt cosúil leis sin a bhí sé ag rá… an-deacair ar fad!
    Ach sin an bealach a théann teangacha… cloistear an méid sin focail meiriceánacha i mbéarla an lae inniu in éirinn…

  • Ruairí Ó hEithir

    Nuair a bhí mé i mo ghasúr sna seascaidí agsu á chur go hÁrainn sa samhradh le Gaeilge a fhoghlaim, is cuimhin liom go ndeiridís “Tá sorry orm” ach, más ceart mo chuimhne tar éis caoga bliain, d’úsáidtí seo nuair nach brón ceart a bhí ann. “Tá sorry orm ach níl aon nuachtáin fágtha” ach “Tá brón orm faoin drochnuacht.”

  • Reannaigh

    I dTír Chonaill cloisfear ‘Ag playáil football’ go minic. Tá an Ghaeilge breac le Béarla anseo. Alt an spéisiúl a Sheosaimh.

  • Sibéal

    Luann tú lucht acadúil na Gaeilge sna 1940daí.
    Mhol daoine do De Valera go mba chóir raidió dos na Gaeltachtaí a bhunú. D’iarr De Valera ar lucht acadúil na Gaeilge an moladh a mheas. An freagra a tugadh dó ná “It would pollute the purity of the dialects”. Fear as Cartlann Náisiúnta na hÉireann a tháinig ar an eolas sin sna páipéir Stáit.
    An meoin “purist” céanna atá cur lagmhisneach ar thuismitheoirí óga na Gaeltachta.
    Seachas do bheith ag ólagón faoin BhreacGhaeilge (“códmhalartú”) b’fhearr i bhfad do bheith ag tacú le haos óg na Gaeltachta le sraith teilfíse eile ar nós Aifrig a dhéanamh agus leabhair shuimiúla Roald Dahl, Eoin Colfer srl agus “comics” a aistriú dóibh.

  • Aodh

    Chuala mé scéal faoi dochtúir ó mBÁC a bhfuair post i nGaoth Dobhair. Ní raibh a lán muinín aige as a chuid Gaeilge, agus mar sin rinne sé iarracht mór é a fheabhsú roimh is a tháining i nGaoth Dobhair.

    Ar a chéad lá, chuaigh sé ar ‘house call’ go dtí seanbhean tinn, agus bhí a hiníon sa teach léi freisin.

    “An bhfuil tú lag?” a dhúirt an dochtúir go dtí an seanbhean, agus gan freagra aisti.

    Chuir sé an cheist uirthi arís, ach fós níor tháining aon freagra aisti. Bhí sé cinnte go raibh fadhb lena chuid ‘pronunciation’ nó ‘accent’.

    Ach ansin, chás iníon an tseanbhean go dtí a mháthair agus dúirt sí:

    “Mamaí, an bhfuil tú ag feeláil weak?”

  • Séamas de Barra

    Freagra ó Shéamas de Barra ar Sheosamh Ó Cuaig:

    Leathchéad bliain ó shin agus breis bhíodh an–drochmheas ag seanchainteoirí Dhún Chaoin ar an mbrille–bhreaille a bhíodh á labhairt i bParóiste Fionn Trá. Seo í an saghas Gaeilge a bhíodh á labhairt i bParóiste Fionn Trá, dar le seanphlandaí Dhún Chaoin:
    Who bearr–ed your ceann so lom in the corp of the geimhreadh istigh?
    Go up to finneog bharr an staighre, and see if the circín gioblach is destroying the gabáiste.

    Seo caint a bhí ag Pádraig Ua Maoileoin Chom Dhíneol, trócaire air: Ní fhaigheann leaist [= last] ailp; is é sin, ‘ná dein aon mhoill agus tú ag soláthar bia chugat féin.’

    Scéal a bhí ag Pádraig ar fhear ón nGaeltacht nach raibh ach cúpla focal Béarla aige. Bhuail sé isteach chuig siopa búistéara sa Daingean, agus é ag lorg punt mairteola. Ní raibh an focal Béarla beef aige. Cad a dhéanfadh sé ach pointeáil ar an saghas feolas a bhí uaidh agus a rá leis an mbúistéir: ‘mate [= meat] mar that.’

    Bean as Gaeltacht Chois Fharraige a bhí ag cásamh 30 bliain ó nach fada eile a mhairfeadh an Ghaeilge ar an mbaile tamaillín soir uaithi féin, agus ar sise: ‘Tá an áit tóigthe over ag na Germans.’

    Caint a chuala an tOllamh Tomás de Bhaldraithe, beannacht Dé lena anam, ag seanchainteoir i gConamara nach raibh aon Bhéarla aige: ‘Yes agus no an chuid is mó den Bhéarla.’

    Amhránaí mór le rá ar fiafraíodh de ar chlár de chuid Raidió na Gaeltachta ar bhain sé sult as an Nollaig a bhí díreach caite, agus arsa an t–amhránaí: ‘Ní raibh sí chomh bouncy le blianta eile.’

    Ard–státseirbhíseach as Cois Fharraige a bhí ar aon rang le Pádraig Flynn [Aire de chuid Fhianna Fáil as Co. Mhaigh Eo], ach nach raibh pioc sásta le Flynn mar nach bhfuair Flynn soft job d’fhear Chois Fharraige riamh.

    Mac dearthár do Mháirtín Ó Cadhain Chré na Cille, Máirtín Óg, a bhí ag ól i dteach tábhairne ar an gCeathrú Rua na blianta ó shin a chuala an méid seo ag fear a bhí ag ól ina theannta: ‘Is aisteach é an human bíinc [being].’

    Ní sampla den bhrille–bhreaille í an chaint seo a leanas. Beirt Íosánach a bhí ar saoire i nGaeltacht Chorca Dhuibhne na blianta ó shin, an tAth. Piaras de Hindeberg, fear na nDéise, agus sagart ab óige ná é. Bhuail an bheirt Íosánach isteach chuig seanbhean i mBaile na nGall, ach go háirithe. D’fhéach an tseanbhean ar an mbeirt, agus arsa í sin leis an Ath. Piaras: ‘Ní mó d’óige aige ort, ná d’aois agat air.’

    Beirt ó Thrá Lí a thug turas lae ar Dhún Chaoin, agus bhuail siad isteach chuig Tigh Kruger. Bhí beirt Sualannach ann rompu agus iad ag comhrá le chéile ina dteanga féin. Gaelainn a bhí á labhairt ag an mbeirt ón tSualainn, dar leis an mbeirt ó Thrá Lí, agus arsa fear acu leis an bhfear eile: ‘ ’t is a nate language, fwen ’t is spake prapper.’

  • Séamus

    Spéisiúil an rud a dúirt ‘E’ thuas, go mbíonn sé níod deacra an ‘leath-Ghaeilge’ a thuiscint uaireanta. Cuireadh an cheist seo orm agus mé i dToraigh roinnt blianta ó shin ‘Ar enjoyáil tú an deaireadh seachtaine?’. Táim cinnte go mbeinn in ann an cheist a thuiscint dá ndéarfadh an duine sin ‘Ar bhain tú sult as…?’ nó a leithéad ach mar a tharla bhí ar an duine bocht an cheist a chur orm arís, agus b’fhéidir arís eile ní chuimhin liom anois, sula raibh mé in ann an cheist a thuiscint!

  • Mártan

    Meastú nach é Johnny Chóil Mhaidhc, trócaire air, a dúirt fadó : “Bhailigh mé liom don weekend ar feadh coicíse is mo ‘hoot-case’ ar charrier mo wise-icle a’m”

  • Traolach

    “Chuir mé cluas orm féin mar nach minic a chloisim máthair ag caint Ghaeilge lena páiste”.
    Más é sin an scéal sa Ghaeltacht, ní bheidh Gaelainn le clos sa “Ghaeltacht” sara fada.

  • Eoghan ONéill

    Cuireann sé le ornadaíocht sa chaint nuair a bhíonn corr-frása béarla nó teanga eile caite isteach ann ach is ‘Unterwerfung’ atá ann nuair a théann an nós sin thar fóir. Níl an nós sin le clos i measc na nGael i gCill Chainnigh ar chor ar bith.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Céard a chiallaíonn an focal “Unterwerfung”? Ba mhaith liom é a úsáid trí mo chuid Gaeilge feasta. I really would.

  • Jamie Ó Tuama

    Thanks a Josie. Fair play. I’d say go bhfuil an ceart ar fad agat anseo. Alt é SEO atá really go maith.

  • Eoin Ó Murchú

    Lá stoirmiuil amháin i gConamara agus tháinig duine isteach i seomra nuaóíochta RnaG ag caint faoi teach a rinneadh dochar mór do. “Tá an front ar fad totally as,” a duirt sé.