Jonathan Dowdall agus Sinn Féin – an rialtas ag tapú na deise

Eascraíonn fadhb pholaitiúil do Shinn Féin as an gcás ina bhfuarthas Gerard 'The Monk' Hutchneamhchiontach i ndúnmharú David Byrne 

Jonathan Dowdall agus Sinn Féin – an rialtas ag tapú na deise

Chreid muid go mbeadh seachtain réchúiseach againn i ndiaidh chuairt an Uachtaráin Biden, ach ní mar a shíltear a bhítear.

D’fhógair an Breitheamh Tara Burns, agus í ag labhairt sa gCúirt Choiriúil Speisialta Dé Luain, go bhfuarthas Gerard ‘The Monk’ Hutch   neamhchiontach i ndúnmharú David Byrne in 2016 in Óstán an Regency.

Bhain an dúnmharú sin preab as an tír – cor (agus bás) eile i scéal truamhéalach na coimhlinte idir mangairí drugaí, agus an bás seo tarlaithe i lár an lae in óstán i gcathair Bhaile Átha Cliath.

Bhí an cás cúirte seo i mbéal an phobail ó cuireadh tús leis, ach tharraing an breithiúnas conspóid ollmhór ó fógraíodh é.

San anailís a rinneadh i ndiaidh na trialach, measadh gur bhraith cás an Stáit an iomarca ar fhianaise Jonathan Dowdall, a bpríomhfhinné.

Toisc gur braitheadh nach raibh a chuid fianaise iontaofa chaithfí Gerard Hutch a fháil neamhchiontach as a raibh curtha ina leith, a dúradh.

Is as scéal Dowdall a eascraíonn an cheist pholaitiúil.

Iarchomhairleoir de chuid Shinn Féin is ea Jonathan Dowdall – ghlac sé ballraíocht sa pháirtí sin sa bhliain 2013. Toghadh é ina chomhairleoir cathrach an bhliain ina dhiaidh sin (sa dáilcheantar céanna le hUachtarán an pháirtí Mary Lou McDonald), agus d’éirigh sé as an bpáirtí sa bhliain 2015, an bhliain chéanna ar cúisíodh é as duine a choimeád faoi ghlas go neamhdhleathach agus bagairt a dhéanamh ar bheatha duine.

Mheas an Chúirt gur inis Dowdall bréaga go minic ina chuid fianaise, agus nár bhain inchreidteacht leis na cúiseanna a raibh sé sásta fianaise a thabhairt ar son chás an Stáit. Ní hé go bhfaca sé an fhís ar bhóthar na Damaisce. Bréagadóir is ea Jonathan Dowdall, agus theip ar an gcás dá bharr.

Is olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine éigin, áfach. I bpreasócáid sa Roinn Airgeadais inné, ghlac Paschal Donohue, an tAire um Chaiteachas Poiblí agus Teachta Dála sa dáilcheantar céanna le Mary Lou McDonald, an deis le ceist faoina caidreamh le Dowdall a tharraingt anuas.

“Céard a bhí ar eolas ag an bpáirtí nuair a roghnaíodh Dowdall mar iarrthóir do na toghcháin áitiúla?”

“Céard a tharla don €1000 a thug Jonathan Dowdall don pháirtí áitiúil, agus an dtabharfaí ar ais an tsuim airgid seo?”

Bhí leisce ar Leo Varadkar aon fhreagracht maidir le coireanna Dowdall a chur ar Shinn Féin, a dúirt sé sa Dáil, ach rinne sé athrá ar na ceisteanna céanna a luaigh a chomhghleacaí Paschal Donohue.

D’eisigh Mary Lou McDonald ráiteas ag tús na seachtaine in iarracht cuid de na ceisteanna sin a fhreagairt. “Ní raibh aon eolas againn ar nasc a bheith idir Dowdall agus an choiriúlacht eagraithe. Dá mbeadh eolas againn, ní ghlacfainn leis,” a deir Uachtarán Shinn Féin.

Cháin sí ráiteas “bréagach agus maslach” a rinne Dowdall i gcomhrá le Gerard Hutch, ráiteas a taifeadadh faoi choim, a seinneadh os comhair na Cúirte agus a chuir in iúl go raibh eolas ag Sinn Féin mar gheall ar a chúlra pearsanta.

Is ar éigean a shásódh an míniú seo na ceisteanna atá ag páirtithe an rialtais ar phríomhpháirtí an fhreasúra, go háirithe ó tháinig sé chun solais gur luadh eachtra foréigneach ar leith in agallamh le Jonathan Dowdall sular roghnaíodh é ina iarrthóir.

Ceist eile a bheas le freagairt ag an bpáirtí an mbeidís sásta tacaíocht a thabhairt don Chúirt Choiriúil Speisialta? Bhíodh siad drogallach roimpi sin san am a caitheadh.

“Caithfidh Sinn Féin vótáil ar son athbhunú na Cúirte amach anseo – seachas staonadh ar an gceist,” a dúirt an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil.

Mar is léir, is mó duine sa rialtas atá ag fanacht leis na ceisteanna ciotacha seo a chur ar a gcomhghleacaithe ar bhinse an fhreasúra.

Fág freagra ar 'Jonathan Dowdall agus Sinn Féin – an rialtas ag tapú na deise'