Johnson le holltoghchán ar an 12 Nollaig a lorg

Tá Boris Johnson ag fanacht ar fhreagra an AE ar a iarratas ar shíneadh ama ar an mBreatimeacht

Johnson le holltoghchán ar an 12 Nollaig a lorg

Lorgóidh Boris Johnson Dé Luain seo chugainn olltoghchán ar an 12 Nollaig.

Tá sé i gceist ag Johnson rún a chur faoi bhráid pharlaimint Westminster Dé Luain seo chugainn maidir le toghchán.

Dá ndéanfadh sé sin bheadh vóta faoin rún Dé Máirt agus chaithfeadh sé tacaíocht a fháil ó dhá thrian d’fheisirí.

Tá Johnson ag fanacht ar fhreagra an AE ar a iarratas ar shíneadh ama ar an mBreatimeacht.

Dúirt sé cheana nár theastaigh an síneadh ama sin uaidh.

Dúirt Johnson tráthnóna:

“Más aon chomhartha an pharlaimint seo, d’fhéadfadh go mbeidh an mhoill sin ann go ceann i bhfad, mar is cosúil gurb é an freagra a thabharfaidh ár gcairde san AE ar iarratas na parlaiminte ná síneadh ama, rud nach bhfuil uaim ar chor ar bith.

“Is é an bealach leis an mBreatimeacht a chur i gcrích ná a bheith réasúnta leis an bparlaimint agus am breise a thabhairt dóibh, más am breise atá uathu dáiríre, ach caithfidh siad a aontú go mbeidh olltoghchán ann ar an 12 Nollaig,” a dúirt Príomh-Aire na Breataine tráthnóna.

Fágann cinneadh Johnson toghchán a lorg go bhfuil géillte aige, go bunúsach, nach mbeidh an Ríocht Aontaithe ag fágáil an AE ar an 31 Deireadh Fómhair, rud a gheall sé a dhéanfaí ba chuma cad a tharlódh.

I litir a sheol sé chuig ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, dúirt Johnson go raibh “amhras” air go dtiocfadh aon athrú ar an “nós” atá, dar leis, sa pharlaimint vótáil ar son “moill” a chur leis an mBreatimeacht.

Dúirt Johnson chomh maith tráthnóna go mbeadh “neart ama” ag feisirí a bhille Breatimeachta a scrúdú as seo go dtí an 6 Samhain, an lá deireanach a chaithfí an pharlaimint a chur ar scor chun go mbeadh toghchán ann ar an 12 Nollaig.

Dúirt sé go mbeadh sé “dochreidte” ó thaobh na “moráltachta” de mura dtacódh Páirtí an Lucht Oibre lena iarratas ar thoghchán tobann.

Fág freagra ar 'Johnson le holltoghchán ar an 12 Nollaig a lorg'