John McGahern, an tArdeaspag agus an INTO…..

In ionad an rud onórach, an rud morálta a dhéanamh agus cás John McGahern a throid d'umhlaigh flatha an cheardchumainn roimh Bhachall an Ardeaspaig

John McGahern, an tArdeaspag agus an INTO…..

In earrach na bliana 1967 tháinig flatha an INTO isteach ar ruathar earcaíochta chun céimithe na bliana sin a shaighneáil suas don cheardchumann agus sinn fós i gColáiste Oiliúna Naomh Pádraig, Droim Conrach.

Bhí luíochán ullmhaithe agam dóibh.

Mise: Dá mba rud é gur thiteamar ar gcúl lenár n-íocaíochtaí ceardchumainn, de bharr mhíchúram na hóige, an mbeimis fós i dteideal chosaint an INTO?

Seán Brosnahan, Ard-Stiúrthóir an INTO: Bhuel, bheimis tuisceanach… Ní maith an rud é titim siar mar sin, ach thabharfaimis aire dhuit.

Mise: Fiú dá mbeimis ar gcúl ar feadh tréimhse cuibheasach fada – abair, dá mba tháillí bliana a bhí i gceist?

Brosnahan (ag éirí mífhoighneach liom): Bheadh sin místuama, a chara. Ach, sea, tarlaíonn a leithéid. Ní fhágfaí ar an dtrá fholamh thú in aon chor.

Mise: Cén fáth más ea nár chosain sibh John McGahern is gur fhág sibh i lár na bualtraí é?

Tost fada ón stáitse…

D’iompaigh buíon de mo chomhghleacaithe orm – ‘In ainm na bhfoc, Butler – cop yourself on,’ agus a leithéid – cor a bhain an-siar asam, admhaím. Ní rabhas ag tnúth le fíochmhaire an ionsaithe, ná leis an umhlaíocht thláith dos ‘na suits’ a spreag an bhinbe.

Ní rabhas sásta glacadh le cacamas na toscaireachta stáitse faoin gcaoi ‘a dtabharfadh an INTO aire dhaoibh’.

Loic an ceardchumann céanna go náireach ar John McGahern dhá bhliain roimhe sin. Bhris John Charles McQuaid é as a phost mar múinteoir bunscoile i gCluain Tarbh toisc a phósadh sibhialta thar lear, gan beannú na hEaglaise, le Annaiki Laaksi, Fionlannach mná.

Anuas air sin bhí The Dark, an dara húrscéal leis, tar éis teacht salach ar an mBord Cinsireachta, cor a chuir caidhp an bháis ar fad ar chúrsaí dó.

Thug £1,000 an Macauley Fellowship, a ghnóthaigh sé i 1964, an deis do McGahern bliain shabóideach taistil a thógaint ón scoil. Ar an drochuair, lig McGahern dá shíntiús don INTO titim chun deiridh agus é avae ar an Mór-Roinn fá choimirce na comhaltachta. Bhí sé bliain ar gcúl lena shíntiús nuair a bhuail John Charles McQuaid buille dá bhachall air.

B’in an deis a lig don INTO éalú as an ngaiste ina rabhadar.  Go teicniúil, ní raibh McGahern i dteideal a dtacaíochta. In ionad an rud ceart, an rud onórach, an rud morálta a dhéanamh – cás McGahern a throid in aghaidh a bhriste – d’umhlaíodar, flatha an cheardchumainn, do Bhachall an Ardeaspaig.

Ba chladhartha an mhaise dóibh é, agus thapaíos an deis a meatacht a chaitheamh leo a luaithe a fuair mé an deis.

Tharla go raibh beirt ábhar múinteora inár measc – Rang 1967 – an lá cinniúnach úd, a bheadh ina nard-rúnaithe ar an INTO céanna lá níos faide anonn. Táim iomlán cinnte nach raibh ceachtar den mbeirt úd, Joe O’Toole ná John Carr, ina measc siúd a d’iompaigh orm an lá sin.

Tugann Joe O’Toole fianaise mhacánta íogair sa chlár deireanach sa tsraith reatha de Cosc faoi John McGahern, clár a bheidh le feiscint ar RTÉ a hAon ag a seacht a chlog anocht.

Ba í an éagóir ba ghéire a d’imir an stát ar McGahern ná gur chuireadar moill fhada ar an bpinsean beag a bhí ag dul dó ón seal naoi mbliana a chaith sé ag múinteoireacht. Chuir an Seanadóir Joe O’Toole a chás os comhair Mary Hanafin, an tAire Oideachais san am. I gcead di, bhí Hanafin iomlán dall go dtí sin ar an éagóir a imríodh ar fhear Liatroma i dtaobh a phinsin. D’ordaigh sí athbhreithniú práinneach is tháinig toradh sásúil as sin. Íocadh John McGahern sa deireadh, dá mba mhaslach, déanach féin é.

Ní ina aonar atá O’Toole san insint i gclár na hoíche anocht. An bhfuil craoltóir níos cumasaí ná Doireann Ní Bhriain sna bólaí seo? Cuir lena hais Declan Kiberd, a raibh sé de phribhléid aige bliain a chaitheamh mar dhalta óg i rang McGahern i gCluain Tarbh, agus is deas an cliar atá agat.

Tá Aoife Bhreathnach, Corcaíoch an phodcraolta Censored ann freisin, bean a thacaigh go dílis le cás McGahern le fada an lá. Cloisfear  freisin Diarmuid Ferriter, staraí, mac céimiúil duine eile de rang 1967 Choláiste Phádraig, Nollaig Feirtéir, Tiobraid Árannach uasal.

Sinéad Ní Churnáin a rinne an taighde agus an láithriú agus ba é Dermot O’Hanlon a stiúir.

– Beidh ‘Cosc: John McGahern’, ar siúl ag 7pm ar RTÉ a hAon, anocht

Fág freagra ar 'John McGahern, an tArdeaspag agus an INTO…..'

  • alan titley

    is maith is cuimhin liom é….Sheas Butler an fód i gcónaí. Bhí ciúnas millteanach sa tseomra ag an am, agus ní ó Jackie Ó Brosnacháin amháin é….