JOHN HUME 1937-2020: Rinne sé cion fathaigh ar son mhuintir na hÉireann agus na síochána

Tá John Hume, duine d’fhathaigh stair na hÉireann, ar shlí na fírinne

JOHN HUME 1937-2020: Rinne sé cion fathaigh ar son mhuintir na hÉireann agus na síochána

Tá John Hume, iarcheannaire an SDLP ar bronnadh Duais Nobel na síochána air, tar éis bháis.

Bhí sé 83 bliain d’aois.

Státaire na hAoise. Fear físe, ailtire na síochána, iarTheachta in Stormont, iarfheisire Parlaiminte, iarfheisire Eorpach.

Ba dheacair áibhéil a dhéanamh faoin rian atá fágtha ag iarcheannaire an SDLP ar shaol na hÉireann. Ní de sheans a tharla gurb é an t-aon duine ar bronnadh na trí mhórghradam síochána air, an Duais Nobel, Duais Martin Luther King agus Duais Gandhi. Roghnaigh pobal na hÉireann é mar státaire na 20ú aoise i suirbhé agus bhí tionchar aige sa bhaile agus i gcéin.

Bhí a fhís d’Éirinn chomhroinnte ina n-aontófaí na daoine á craobhscaoileadh aige go luath sna seascaidí agus shaothraigh sé go dian chun an fhís a fhíoradh.

Dúirt Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn gur athraigh John Hume polaitíocht na hÉireann ó bhonn agus gur sheas sé an fód ar son phrionsabail an daonlathais in ainneoin na mbagairtí a rinneadh air.

“Ní áibhéil ar bith é a rá go ndearna John Hume an pholaitíocht in Éirinn a athrú ó bhonn agus a athmhúnlú, trína chuid focal, trína thaidhleoireacht chríonna agus trína bheith sásta éisteacht leis an tuairim ‘Eile’, rud ba dheacair glacadh leis uaireanta agus lorg sé an tsíocháin lena chrógacht phearsanta agus a cheannaireacht chomh maith leis an gcreideamh daingean a bhí aige i bprionsabail agus i luachanna an fhíordhaonlathais,” arsa an tUachtarán.

Dúirt Micheál D Ó hUigínn gur chóir don uile dhuine a bheith buíoch go raibh John Hume ann chun dóchas a thabhairt do dhaoine le linn an ghéibhinn.

“Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom a rá gur cheart dúinn a bheith buíoch go raibh leithéid John Hume againn chun léas dóchais a thabhairt dúinn le linn tréimhse a bhí fíordheacair.”

Dúirt Ó hUigínn go raibh John Hume inchurtha “le Parnell agus Dónall Ó Conaill”.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin, gur “laoch mór agus fear déanta síochána curthanta” a bhí ann.

“Tá sé dodhéanta cur síos ceart a dhéanamh ar scála agus ar thábhacht shaol John Hume. Bhí sé ar dhuine d’fhathaigh an tsaoil phoiblí in Éirinn sa chéad seo seo caite. A fhís agus a dhuthracht a shábháil an tír seo,” arsa an Taoiseach.

David Trimble agus John Hume agus a nduaiseanna Nobel bronnta orthu i Halla Pobail Oslo mí na Nollag 1998

Rugadh John Hume i nDoire é i 1937, an duine ba shine de sheachtar clainne. Bhí an teaghlach bocht, fearacht an chuid ba mhó de mhuintir Dhoire. Bhí sé ar an gcéad ghlúin den phobal a fuair saoroideachas tríú leibhéal. Mar mhúinteoir óg sa chathair roghnaigh sé a dhul i ngleic leis an mbochtanas; bhí sé gníomhach i bhfeachtas tithíochta agus bhí sé ar dhuine bhunaitheoirí an Chomhar Chreidmheasa. Bhí sé ina chathaoirleach ar an bhfeachtas chun Ollscoil nua a bhunadh i nDoire agus thug míshástacht an phobail le cinneadh na nAontachtach í a lonnú i gCúil Raithin chuig gluaiseacht na gcearta sibhialta é.

Bhí sé i measc bhunaitheoirí an SDLP in 1970 agus ba é an dara ceannaire ar an bpáirtí é ó 1979 go 2001. Sheas sé go tréan in aghaidh an fhoréigin i gcónaí agus theastaigh uaidh a áiteamh ar ghluaiseacht na Poblachta go mbeadh bealach na síochána níos córa agus níos éifeachtaí ná an lámh láidir. Ina theannta, sin chreid sé gur bhotún é leagan amach rialtas na Breataine gur cheist a bhain le cúrsaí slándála a bhí le fuascailt i dTuaisceart Éireann. Rith sé feachtas idirnáisiúnta i Meiriceá agus san AE chun tacaíocht a fháil don gcur chuige polaitiúil. Ba é an tUachtarán Jimmy Carter i Meiriceá an chéad duine a ndeachaigh sé i bhfeidhm air agus d’fhorbair sé an caidreamh le Meiriceá go dtí aimsir Clinton nuair a bhí seisean an-ghníomhach i bpróiseas na síochána.

John Hume agus Gerry Adams i gCaisleán Bhail Átha Cliath i 1994 Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Dúirt Gerry Adams liom blianta ó shin nach mbeadh próiseas síochána ann murach John Hume, moladh mór.

Dúirt Adams inniu go raibh sé de mhisneach ag iarcheannaire an SDLP dul sa seans ar son na síochána nuair a bhí daoine eile sáinnithe i polaitíocht “an achasáin”.

Cáineadh Hume go géar i ngeall ar a chainteanna le Adams as ar eascair idirbheartaíocht na síochána agus Comhaontú Aoine an Chéasta. Ghoill na hionsaithe ar Hume agus ar a mhuintir ach bhí sé meáite de gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid dá mbainfí síocháin amach.

Tá lorg a chuid smaointe ar gach socrú a rinneadh ó Sunningdale i 1973, go caisleán Hillsborough i 1985 agus Stormont i 1998. Rinne sé cion fathaigh ar son a mhuintire.

Bhí éifeacht ag an síorobair ar a shláinte. D’éirigh sé as an bpolaitíocht ar fad in 2004. Bhí néaltrú air agus fuair sé bás in ionad cúraim Owenmore i nDoire aréir agus a bhean, Pat, a chrann taca, agus a gclann, Aine, Therese, John jnr, Aidan, agus Mo, ina fhochair.

John Hume  – a shaol sa pholaitíocht

1969  – Toghadh é den chéad uair é mar Theachta  Neamhspleách don sean- Stormont

1970 – Bhunaigh sé an SDLP le  Gerry Fitt, Ivan Cooper, Paddy Devlin, Paddy O’Hanlon agus Austin Currie

1972 – Rinne sé teagmháil leis an Seanadóir Ted Kennedy agus cuireadh tús leis an bhfeachtas chun tionchar a imirt ar pholasaí Mheiriceá i leith Thuaisceart Éireann

1974 – I ndiaidh socrú Sunningdale Toghadh ina aire é sa chéad fheidhmeannas in Stormont, feidhmeannas ar chuir stailc na ndílseoirí agus foréigean deireadh leis tar éis ceithre mhí

1979 – Toghadh é ina cheannaire  ar  an SDLP é, comharba Gerry Fitt

1979  – Toghadh é ina fheisire i bParlaimint na hEorpa – ról ar bhain sé leas as  chun comhoibriú le  haontachtaithe – Ian Paisley an DUP agus Jim Nicholson an UUP. Chuaigh sé i gcomhghuaillíocht le hEorpaigh eile, go hairithe na sóisialaigh

1983  – Toghadh é ina  fheisire Parlaiminte  in Westminster do thoghcheantar an Fheabhail

1983 – 1984 Bhí ról lárnach aige i mbunadh agus feidhmiú an Fhóraim Nua-Éireann

1986 ar aghaidh – Chuaigh sé i mbun cainteanna rúnda le Gerry Adams, Uachtarán Shinn Fein faoi stop a chur leis an foréigean

1993 – Tháinig sé chun solais go raibh na cainteanna Hume-Adams ar siúl agus rinneadh dian-cháineadh ar Hume. Ach lean sé lena iarracht ar mhaithe leis an tsíocháin

1994  – Bhí toradh ar na cainteanna agus a dhiongbháilteacht nuair a d’fhógair an IRA sos comhraic

1996 – Bhris an IRA an sos cogaidh agus lean sé air ag iarraidh go ndéanfaí é athbhunú

1997  – Lean sé air ag caint le Tony Blair, Bertie Ahern, Mo Mowlam .Bill Clinton agus Jacques Delors

1998  – Síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta. Ba é Hume a d’éiligh  reifrinn ar dhá thaobh na teorann chun ‘bailíocht’ an Chomhaontaithe a chinntiú. Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar féin agus David Trimble.

2001 – D’éirigh sé as Westminster

2004 – Sheas siar ón bpolaitíocht  ar  fad mar gheall ar a shláinte a bheith ag teip

Fág freagra ar 'JOHN HUME 1937-2020: Rinne sé cion fathaigh ar son mhuintir na hÉireann agus na síochána'

  • MacAnRí

    Laoch na h-aoise a ba é…bhuail mé le John nuair a bhí mé i mo mhac léinn blianta fada o shin…fear éirimiúil a ba é..ní chífidh muid a leithidí arís go deo, ba onóir é…spreag sé go mór mór de mo chuid giniúint mar eiseamláir an chur chuige ceart den pholaitaíocht …codladh sámh a chara.. go ndéana Dé grásta air