JOHN ALLEN: Bunaithe ar fhianaise na bliana seo, beidh an lá le Corcaigh

CLUICHE CEANNAIS NA MUMHAN: Mar iarbhainisteoir, is maith an tuiscint atá ag ár gcolúnaí ar lá mór na hiománaíochta i gCúige Mumhan

JOHN ALLEN: Bunaithe ar fhianaise na bliana seo, beidh an lá le Corcaigh

Diarmuid O'Sullivan agus Kieran Kingston. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

2006. An bhliain dheireanach a bhíos mar bhainisteoir ar iománaithe Chorcaí. Bhuamar  cluiche ceannais na Mumhan i gcoinne Thiobraid Árann i staid Semple. B’in an ceathrú huair i ndiaidh a chéile a raibh an contae sa chluiche ceannais agus an tríú huair dóibh an Corn a thabhairt leo le linn na tréimhse sin . Bhí an staid lán. D’ardaigh an captaen Pat Mulcahy an Corn, chuamar ar ais go dtí Óstán an Anner agus bhí béile againn. Ní raibh mórán ruaille buaille ann i measc an dream beag leantóirí a bhí i láthair. Bhíodar dulta i dtaithí ar an ócáid agus ar a bheith ag buachan agus bhí súil ag gach duine ar dhuais níos  tábhachtaí.

2013. An bhliain dheireanach dom mar bhainisteoir ar Luimneach. Cluiche ceannais Chraobh na Mumhan i bPáirc na nGael i Luimneach, an áit lán go doras, an fhoireann bhaile agus mo chontae dúchais, Corcaigh, in aghaidh a chéile. Nuair a séideadh an fheadóg dheiridh bhí an beart déanta ag Luimneach. Chuaigh slua millteanach i ngeansaithe glasa amach ar an bpáirc imeartha. B’in an chéad uair ó 1996 go mbeadh an corn cois Sionainne. Bhí sé ina fiesta amuigh ar bhóthar na hInse agus as sin ar ais go hóstán an Greenhills.

Faraor, ba ag contae an Chláir a bhí an fiesta ba mhó an bhliain sin agus iad ag ceiliúradh ar Pháirc ársa an Chrócaigh níos déanaí sa bhliain agus Corn Mhic Cárthaigh ina seilbh acu. 

Ag deireadh na bliana sin bhíomar ag ceapadh  go raibh ré órga i ndán don Chlár, tréimhse ceannasaíochta a bheadh bunaithe ar an mbua sin agus ar an gceithre chraobh faoi 21 a bhí buaite acu. Táimid fós ag feitheamh.

2017. Tá  Corcaigh in ísle brí le tamall de bhlianta (cé gur bhuadar craobh na Mumhan in 2014). Bliain thar a bheith díomách a bhí acu  in 2016, agus gan aon chraobh uile-Éireann acu ó 2005. Ag tús fheachtas na sraithe ní raibh cuma iontach ar an scéal ach an oiread. Ach tá an taoide casta nó ar tí casadh.

Tá dhá thaispeántas fhíordearfacha agus lán le spiorad tugtha uathu ag na Corcaígh. Tá bratacha an chontae le feiscint arís thar timpeall na háite. Tá muintir na hiomána sa chontae ar bís.

2017. Iarbhainisteoir fhoireann an Chláir Davy FitzGerald  imithe go Loch Garman agus míorúiltí á ndéanamh aige ann cheana féin.

Na comhbhainisteoirí a bhuaigh trí chraobh faoi fiche a haon, Dónal Moloney agus Gerry O Connor, atá i bhfeighil ar fhoireann shinsir an Chláir. Tromlach mór sa chontae thar a bheith sásta leis an gcinneadh seo. Súil le casadh na taoide.

Mar sin féin, ní fhéadfainn a rá go bhfuil mórán feicthe fós i mbliana againn a thabharfadh mórán misnigh gurb iad na Cláirínigh a bheidh ag ceiliúradh i mí Mheán Fómhair.

9 Iúil 2017. Staid Semple, Durlas. Nuair a deineadh na tarraingtí do chraobh na Mumhan bhí gach seans ann go mbeadh an Clár ag glacadh páirt sa chluiche ceannais, go háirithe nuair nach raibh ach cluiche amháin le buachan acu, i gcoinne Luimnigh. Ach is beag seans a tugadh do Chorcaigh agus iad ar an taobh céanna le Port Láirge agus Tiobraid Árann. 

Ach tá siad ann anois agus iad mar rogha na ngeallghlacadóirí. Ta éacht dochreidte déanta acu.

Bunaithe ar an méid atá feicthe sa chomórtas i mbliana againn, beidh an bua ag Corcaigh.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Bunaithe ar fhianaise na bliana seo, beidh an lá le Corcaigh'