JOHN ALLEN: An choicís roimh chluiche ceannais na hÉireann….

Bíonn ar bhainisteoirí agus imreoirí cur suas le go leor seónna sráide roimh chluiche ceannais na hÉireann

JOHN ALLEN: An choicís roimh chluiche ceannais na hÉireann….

Joe Canning agus lucht tacaíochta na Gaillimhe. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Bhuel táimid beagnach ann agus gan aon Chat le feiscint. An rud is annamh is iontach, dar ndóigh, agus an phrapáil ag tosnú don chéad Domhnach de mhí Mheán Fómhair.

Tá a fhios againn ó shéid James Owens an fheadóg dheiridh sé lá ó shin cén freasúra a bheadh ag Gaillimh agus anois tá coicís, fíorthaitneamhach, den chuid is mó, amach roimh imreoirí agus bainistíocht an dá chontae.

Tá cuid maith atá difriúil faoin tréimhse atá fágtha roimh an lá is mó i mbliain na hiomána 2017.

Tá an diantraenáil go léir críochnaithe. Is fada anois ó na himreoirí na hoícheanta agus na maidineacha dubha dorcha agus iad ag taisteal chuig traenáil. Is fada uathu na cluichí i mí Eanáir agus an talamh trom salach fúthu. Is fada uathu na cluichí agus an traenáil tríú leibhéal i lár na seachtaine agus ansin na cluichí nó traenáil leis an bhfoireann chontae ag an deireadh seachtaine. Is fada uathu an tuirse agus an taisteal.

Ach tá fadhbanna de shórt eile ag cur isteach orthu anois, fadhbanna a mbaineann an chuid is mó díobh le ticéid, nó ba cheart dom a rá, easpa ticéad. Tá sórt tuairim ann go bhfaigheann na himreoirí ualach  mór ticéad agus an chuid is mó díobh saor in aisce. Ach ní fhaigheann agus bíonn orthu íoc as an gcuid is mó díobh. Agus ní bhíonn a ndóthain riamh acu dá gclann agus cairde.

Is cuimhin liom Roy Keane ag cur síos ar a chéad bhliain ag imirt le Manchain Aontaithe agus faoin mórstrus gach re deireadh seachtaine agus é ar síorthóir ticéid bhreise dá chairde. Ní rófhada a thóg sé air an fhadhb chéanna a leigheas.

Feicfidh tú an t-am seo bliana chomh maith ‘lucht na mbronntanas’, an dream a bhíonn sa tóir ar chuid den ‘aicsean’ a bhaineann leis an gcáil nua atá ar imreoirí a bhfuil cluiche ceannais na hÉireann bainte amach acu.

Tagann na francaigh amach as na poill agus a gcuid tacaíochta á léiriú acu don fhoireann. An chuid is mó de na daoine seo is ag lorg poiblíochta éigin ó na laochra atá siad agus níl uathu ach a bheith feicthe in éineacht le na gaiscígh.

Tagann iarratais ar agallaimh freisin as na háiteanna is aite agus is  beag imreoir nach dtugtar leabhair, sliotair, pictiúir, léinte, ticéid, nó camáin dó chun go síneodh na himreoirí ar fad iad. An uair dheireanach a raibh Corcaigh ar barr san iomáint, bhíodh líne bord leagtha amach i gceann de na seomraí gléasta agus chuirfeadh gach duine a chuid ar na boird gach oíche traenála. Is minic a bhíodh suas le céad earra le síniú i ndiaidh na traenála.

Dar ndóigh, tagann méadú mór ar an líonn daoine a thagann chuig na seisiúin traenála an choicís áirithe seo chomh maith.

Cé a dhéanfadh dearmad  ar na scéalta faoin deich míle duine a d’fhreastail ar Pháirc Uí Nualláin agus Cill Chainnigh ag súil lena gcúigiú craobh na hÉireann i ndiaidh a chéile a bhuachan.

B’fhéidir nach mbeidh sluaite chomh mór san sa Ghaillimh nó i bPort Láirge ach bí cinnte de go mbeidh buzz iontach ann agus an láthair thraenála ina tine bhruite go dtí an oíche dheireanach traenála.

Bíonn cinneadh le déanamh freisin ar faoi na héadaí foirmeálta a bheidh á gcaitheamh ag an mbuíon a bheidh ag dul chuig an dinnéar oifigiúil i ndiaidh an chluiche agus toisí le tógaint dá réir. Bí cinnte de go bhfaighidh duine nó dhó an léine mhícheart nó bríste nach bhfáisceann i gceart.

Agus dar ndóigh bíonn traenáil le déanamh, teaicticí le réiteach, géarú le déanamh luas na himeartha, na cluichí deireanacha le himirt  agus scíth agus sos le tógaint freisin. É sin uile agus gan obair an lae luaite ar chor ar bith agam.

Is minic an seanrá cloiste againn faoina a thábhachtaí atá sé an cluiche a imirt ‘seachas an ócáid’. Bíonn an dainséar ann i gcónaí, de bharr an méid seónna sráidea bhíonn ar siúl, go bhfuil sé thar a bheith éasca an tsúil a bhaint den rud is tábhachtaí.

Tá seantaithí ag leaideanna na Gaillimhe ar an ócáid mhór seo agus conas í a láimhseáil, ach is rud nua é d’fhormhór d’imreoirí na nDéise. Caithfidh Derek McGrath agus a bhainistíocht a bheith an-chúramach agus an-dírithe  an choicís ríthábhachtach seo.

 

Agus ansin breacfaidh an lá cinniúnach.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: An choicís roimh chluiche ceannais na hÉireann….'