Joe O’Connor, Hugh O’Flaherty, an tSiúr Nóirín agus John B Keane

Chaith ár gcolúnaí oíche den scoth i gcomhluadar Joseph O’Connor agus é ag freagairt ceisteanna faoina shaol agus a shaothar

Joe O’Connor, Hugh O’Flaherty, an tSiúr Nóirín agus John B Keane

Bhí mé ag súil go mór le foilsiú an dara leabhar le Joe O’Connor sa tsraith faoin Moinsíneoir Hugh O’Flaherty. Chuir mé suim mhór sa gcéad cheann My Father’s House  a bhí suite sa Róimh le linn an Dara Cogadh Domhanda. Ansin fógraíodh gur sraith trí leabhar a bheadh ann agus anois tá an dara leabhar tagtha ar an bhfód The Ghosts of Rome.

Chaill mé an ócáid foilsithe don chéad leabhar nuair a chruinnigh muintir Uí Fhlatharta ar fad le chéile i nDún Laoghaire. Agus an t-iarBhreitheamh sa Chúirt Uachtarach, Hugh O’Flaherty, nia leis an Moinsíneoir, ina measc.

Bhí mé diongbháilte de nach gcaillfinn an dara hócáid. Nach mé a bhí sásta agus mé ag filleadh abhaile tar éis oíche den scoth a chaitheamh i gcomhluadar Joseph O’Connor agus é ag freagairt ceisteanna faoina shaol agus a shaothar. Bhí ceol álainn ann freisin ó Eamon Sweeney agus Malachy Robinson, a bhí roghnaithe ag O’Connor féin don ócáid.

Is cainteoir chomh paiteanta agus chomh taitneamhach é O’Connor nár ghá ach thart ar thrí nó ceithre cheist a chur air i gcaitheamh uair an chloig.

Bhí sé ina cheantar dúchais féin, Dún Laoghaire agus é ar a chompord. Agus bhain sé siar asam nuair a thug sé aitheantas do Chiarraíoch áirithe agus é ag inseacht faoin gcaoi ar thug sé faoin scríbhneoireacht agus ar an gcaoi ar tháinig sé ar scéal an Mhonsignor ar dtús.

‘Bhí mé i Londain agus ag iarraidh a bheith ag scríobh agus mé ag fáil an t-uafás nótaí diúltaithe ó fhoilsitheoirí,’ a dúirt sé. ‘Ansin chonaic mé fógra i gcomhair comórtas scríbhneoireachta agus ba í an duais ná turas go Lios Tuathail, go dtí an Fhéile Liteartha ansin.’

‘Níor bhuaigh mé aon duais sa chomórtas,’ arsa seisean go brónach. Ach ansin an chéad rud eile fuair sé glaoch gutháin. Thóg sé tamall air guth John B Keane a aithint.

‘Níor bhuaigh tú aon bhlas sa chomórtas,’ arsa seisean, ‘ach tar go Lios Tuathail ar aon nós le haghaidh na Féile.’ Bhí sé le tuiscint gur sheas siad an costas dó – ní raibh aon phingin aige féin ag an am.

Ní hé amháin go raibh ‘time’ aige i gCiarraí, ach ba i dteach tábhairne John B a chuala sé scéal an Mhonsignor den chéad uair.

Chuir sé an scéal de leataobh go ceann scór blianta eile. Agus nuair a d’fhoilsigh sé My Father’s House dhá bhliain ó shin, d’éirigh thar barr leis – go deimhin cloisim anois go bhfuil scannán á dhéanamh as.

Toisc gur cainteoir chomh maith sin é, ní raibh deis ach ag beirt as an lucht éisteachta ceist a chur air ag deireadh na hoíche.

An chéad duine a labhair, ba léir gur duine a bhain leis an saol acadúil a bhí ann. Dúirt sé go raibh sé féin in ann staidéar a dhéanamh ar pháipéir an Phápa Píus 12, i leabharlann na Vatacáine. Rinne sé tagairt de radharc sa gcéad leabhar ina raibh argóint láidir idir an Pápa sin agus an Monsignor. Bhí an Pápa ag iarraidh go n-éireodh sé as a chuid gníomhaíochtaí le tearmann a thabhairt do Ghiúdaigh, saighdiúirí na Comhghuaillíochta agus iarphríosúnaigh chogaidh, iad ar fad ar a dteitheadh sa Róimh.

Cén chaoi a raibh sé in ann radharc mar sin a shamhlú, a d’fhiafraigh mo dhuine, nuair nach raibh aon fhianaise ann gur tharla a leithéid? D’fhreagair O’Connor go múinte, staidéartha é. Sin ceist a chuirtear go minic, a dúirt sé, nuair a scríobhann údar leabhar atá bunaithe ar fhíricí ach gur úrscéal é. Dúirt sé nach féidir rudaí a thuairisciú go minic, ceal fianaise, ach gur féidir leis an úrscéalaí a chur in iúl cén chaoi ar ‘mhothaigh’ daoine.

Ba bhreá liom féin tuilleadh a chloisteáil ón bhfear a rinne staidéar ar na páipéir a bhain leis an bPápa conspóideach ach bhí ceist eile réidh ag bean a bhí ina suí amach romham. D’fhiafraigh sí de O’Connor an raibh aon scéalta cloiste aige faoi na mainistreacha agus na clochair san Iodáil, le linn an Dara Cogadh Domhanda? Dúirt sí go raibh sí ag fanacht le clann san Iodáil sa bliain 1962, agus í ina au pair ann. D’inis fear a’tí  di go raibh sé ina threallchogaí Iodálach le linn an chogaidh agus gur fhan  siad go minic faoi cheilt  i mainistir Phroinsiasach.

Chuir an bhean sa lucht féachana suim sa scéal toisc, dúirt sí, go raibh na mainistreacha agus na clochair taobh amuigh de theorainn na Vatacáine agus ní bheadh an chosaint chéanna acu ó na Naitsithe.

Mar fhreagra, d’inis O’Connor dúinn go raibh Éireannach eile sáite i scéal an Mhonsignor O’ Flaherty agus an líne ‘teitheadh’ a bhunaigh sé. Agus bhain an scéal le clochar.

B’in í an tSr Noreen Dennehy as Cill Orglan, ó thús, agus a bhí ina bean rialta sa Róimh le linn bhlianta an Chogaidh. Proinsiasach a bhí inti agus go deimhin, bhí an mhainistir a raibh na mná rialta ann taobh amuigh den Vatacáin.

Chuidigh sise leis an Monsignor sa mhéid is gur thug sí teachtaireachtaí dó ó bhanphrionsa áirithe sa gcathair agus thugadh sí litreacha uaidhsean ar ais chuici. Tuigtear go raibh banphrionsa ag tabhairt airgid dó chun cabhrú leis an iarracht daoine a bhí ar a dteitheadh a thabhairt slán. Bhí airgead, bia agus éadaí ag teastáil ó na mílte ar tugadh cúnamh dóibh.

In agallamh a thug an tSiúr Noreen do staraí i gCiarraí na blianta ina dhiaidh sin, bhí sí ag déanamh beag is fiú den obair a bhí ar bun aici. Ach ba léir gur obair thar a bheith tábhachtach a bhí inti. Ba léir freisin gur chuidigh na mná rialta leis an iarracht agus gur mhinic a choinnigh siad saighdiúirí ó dhoras agus Giúdaigh sa mhainistir. Ní bheadh aon chosaint acusan dá dtiocfadh na Naitsithe orthu. Thógfaí iad ar fad agus chuirfí sa bpríosún iad nó mharófaí ar an toirt iad.

Bhí féith an ghrinn sa Mhonsignor. Insíonn an tSr Noreen scéal faoin gcaoi ar shiúil sí thairis lá amháin gan beannú dó, toisc gur cheap sí gurbh é fear an ghuail a bhí ann agus gur dúradh leo sa gclochar gan a bheith ag caint le daoine nach raibh aon aithne acu orthu.

D’admhaigh sé gurbh é féin a bhí ann, agus é ag dul thart in éide bhréagach. Ba ar an gcaoi sin a bhí sé in ann a bhealach a dhéanamh thart i gcathair na Róimhe, toisc nach raibh aon chead aige dul amach as Cathair na Vatacáine. Lá eile, dúirt sí, chonaic sí é agus é gléasta mar Phroinsiasach. Rinne sé iarracht paidríní a dhíol le saighdiúir Naitsíoch agus chuir seisean an ruaig air. Bhí misneach thar na bearta aige.

Tá Cuntaois áirithe lárnach sa leabhar nua – measann sibh arb í sin an Bhanphrionsa a bhí ag cur ‘litreacha’ chuige le cabhair na mná rialta as Cill Orglan? Murach í agus an dream ar fad a bhí i gcomhpháirt leis an Mons O’Flaherty, bheadh na mílte maraithe. ‘An Cór’ a thugaidís orthu féin, dream daoine a raibh an t-amhránaí Delia Murphy ina lár, chomh mhaith le Sasanaigh, Iodálaigh agus daoine éagsúla eile a d’aithin go raibh gá le seasamh a ghlacadh in aghaidh na tíorántachta.

Fág freagra ar 'Joe O’Connor, Hugh O’Flaherty, an tSiúr Nóirín agus John B Keane'