
Ceisteofar Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh ar an gclár This Week ar RTÉ Raidió 1 Dé Domhnaigh faoi chás na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Le linn an chláir, cuirfear agallamh beo ar an Aire a bheidh bunaithe ar thuairisc speisialta a taifeadadh i gConamara le roinnt laethanta anuas.
Mar chuid den tuairisc sin, chuir an t-iriseoir Diarmaid Fleming saineolaithe éagsúla faoi agallamh, ina measc an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, an sochtheangeolaí Seosamh Mac Donnacha, an scríbhneoir Joe Steve Ó Neachtain agus an craoltóir agus ball de Thuismitheoirí na Gaeltachta, Sorcha Ní Chéilleachair.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie inniu, dúirt Fleming gurb é aidhm a thuairisce ná dul i ngleic leis na ‘ceisteanna casta’ a bhaineann le cás na teanga sa Ghaeltacht.
Bhí fonn air, a dúirt sé, a fháil amach an raibh fiúntas ag baint leis na polasaithe teanga atá i bhfeidhm faoi láthair agus tuairimí mhuintir na Gaeltachta a fháil faoi staid na teanga agus faoi na beartais fóirithinte atá ag teastáil uaithi.
“An bhfuil ualach rómhór á leagan ar phobal na Gaeltachta féin i réimse na pleanála teanga? An bhfuil ag éirí le Straitéis Fiche Bliain na Gaeilge agus polasaí an Stáit? Sin iad na saghsanna ceisteanna a ndéanfar cíoradh orthu agus tá meascán suimiúil de thuairimí ann,” a dúirt Fleming.
Tá Gaeilge ag Fleming féin agus thug sé tréimhse ag maireachtaint ar an Spidéal. Dúirt sé gurb ait leis i gcónaí go gcreideann daoine áirithe go bhfuil rud éigin ‘mistéireach’ faoin teanga nó go mbaineann sí ‘le héilít éigin’.
“A mhalairt atá fíor agus b’fhéidir go dtuigfeadh daoine níos fearr é sin dá dtabharfaidís turas chun na Gaeltachta.
“Bhí meas riamh agam ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht ach is dóigh liom go bhfuil tuiscint níos fearr agam anois ar a thábhachtaí is atá sé go mbeadh áit ann ina bhfuil an Ghaeilge fós á labhairt mar theanga phobail. Tá an tobar sin riachtanach”, a dúirt sé.
Dar leis an saoririseoir gur “ceist náisiúnta” í ceist na Gaeilge sa Ghaeltacht agus go bhfuil sé thar am go mbeadh díospóireacht náisiúnta mhacánta oscailte ann i dtaobh na teanga.
“Is léir san iomlán go bhfuil dea-thoil i measc an phobail don Ghaeilge, ach conas dul i bhfeidhm ar an dea-thoil sin, sin í an cheist.”
Craolfar tuairisc Diarmaid Fleming ar an gclár This Week ar RTÉ Raidió 1 Dé Domhnaigh.
Cuirfear faoi agallamh, ar an gclár céanna, Aire na Gaeltachta, Joe McHugh.
Fág freagra ar 'Joe McHugh le ceistiú faoi chás na Gaeilge sa Ghaeltacht ar RTÉ Dé Domhnaigh'