Joe Biden agus Elizabeth Warren ag tabhairt aghaidh ar a chéile den chéad uair

Deichniúr a bheidh páirteach sa chéad díospóireacht eile sa rás d’ainmniúchán na nDaonlathach i SAM

Joe Biden agus Elizabeth Warren ag tabhairt aghaidh ar a chéile den chéad uair

Tá sé fógartha ag Coiste Náisiúnta an Pháirtí Dhaonlathaigh sna Stáit Aontaithe cé hiad na hiarrthóirí d’ainmniúchán an pháirtí don toghchán uachtaránachta an bhliain seo chugainn a bhfuil áit saothraithe acu sa gcéad díospóireacht eile sa gcoimhlint sin. Reáchtálfar an díospóireacht in Houston Texas Déardaoin seo chugainn, an 12 Meán Fómhair, agus den chéad uair beidh beirt de na príomhiomaitheoirí, Joe Biden agus Elizabeth Warren, ag tabhairt aghaidh ar a chéile.

Deichniúr a bheidh páirteach sa díospóireacht an babhta seo agus ní bheidh ach díospóireacht amháin ann.  Níor éirigh leis an deichniúr eile atá san iomaíocht cáiliú don díospóireacht. Go deimhin, tá duine amháin de na hiarrthóirí, an Seanadóir Kirsten Gillibrand, as Nua-Eabhrac tar éis eirí as an rás ó tharla nár éirigh léi áit a fháil.

Le bheith páirteach sa díospóireacht chaithfeadh iarrthóir ar a laghad 2% den tacaíocht a fháil i gceithre phobalbhreith ar leith chomh maith le hairgead a bheith faighte aige uó 130,000 deontóir in ar a laghad 20 Stát. Anuas air sin chaithfeadh 400 deontóir a bheith ag iarrthóir i ngach Stát. Bhí roinnt iarrthóirí gur éirigh leo cuid de na coinníollacha a chomhlíonadh ach nach bhfuil áit faighte acu sa díospóireacht. Is iad ABC News a bheith ag reáchtáil na hócáide agus beidh sé á chraoladh le haistriúchán i Spáinnis ar bhealach Univision.2

Tá sé ráite ag cuid de na hiarrthóirí nár éirigh leo áit a fháil sa díospóireacht nach bhfuil coinníollacha ná córas roghnaithe an choiste náisiúnta cóir. Deir Tim Ryan as Ohio go bhfuil sé i gceist aige leanacht lena fheachtas agus go mbeifear ag cur fáilte roimhe in Iowa, New Hampshire agus na stáit eile ina mbeidh na chéad réamhthoghcháin. Deir sé go bhfuil neart ama go fóill le dul i gcion ar na vótóirí.  Dúirt Gobharnóir Montana Steve Bullock an rud céanna ar Twitter – tá 150 lá go fóill go dtí na réamhthoghcháin in Iowa agus New Hampshire, ar sé, agus is iad na vótóirí sna Stáit sin a shocróidh toradh an toghcháin seo. Tá Tulsi Gabbard as Haváí, a bhí thar a bheith cáinteach ar phróiseas an DNC le hiarrthóirí don díospóireacht a roghnú, diongbháilte de go leanfaidh sí féin uirthi freisin.  Tá deis ag iarrthóirí go fóill cáiliú do na díospóireachtaí i mí Dheireadh Fómhair ach an tacaíocht a fháil sna pobalbhreitheanna cuí agus airgead a bhailiú óna ndóthain daoine i Stáit áirithe.

Seo an chéad uair go mbeidh Joe Biden, atá i bhfad chun cinn sna pobalbhreitheanna, agus Elizabeth Warren, atá ag feabhsú sna pobalbhreitheanna, ar an ardán céanna ag díospóireacht lena chéile.

Is iad an t-ochtar eile a bheidh páirteach in éineacht leo, an Seanadóir Cory Booker, New Jersey, Méara South Bend Indiana Pete Buttigieg, iar-rúnaí Rialtais Obama, Julian Castro, an Seanadóir Kamala Harris, California,  an Seanadóir Amy Klobuchar, Minnesota, an t-iarbhall de Theach na Comhdhála as Texas Beto O’Rourke, an Seanadóir Bernie Sanders as Vermont agus an fiontraí teicneolaíochta Andrew Yang.

Is fada an bóthar nach mbíonn casadh ann.

Fág freagra ar 'Joe Biden agus Elizabeth Warren ag tabhairt aghaidh ar a chéile den chéad uair'