James Lowe ainmnithe ar fhoireann na hÉireann den chéad uair don chluiche in aghaidh na Breataine Bige

Seacht n-athrú ar fad atá déanta ag príomhchóitseálaí na foirne, Andy Farrell, ar an bhfoireann a chaill in aghaidh na Fraince coicís ó shin

James Lowe ainmnithe ar fhoireann na hÉireann den chéad uair don chluiche in aghaidh na Breataine Bige

Imreoidh James Lowe a chéad chluiche d’fhoireann rugbaí na hÉireann Dé hAoine beag seo agus é ainmnithe ar an bhfoireann a bheidh ag imirt i gcoinne na Breataine Bige i mBaile Átha Cliath.

Is é seo an chéad uair go raibh foireann bhainistíochta na hÉireann in ann Lowe a roghnú don fhoireann. Sa Nua-Shéalainn a rugadh Lowe ach tá trí bliana caite aige ina chónaí in Éirinn agus é ag imirt le Cúige Laighean ó 2017.

Beidh imirceach eile ag tosú ina chéad chluiche d’Éirinn Dé hAoine, Jamison Gibson-Park. Fear eile a rugadh sa Nua-Shéalainn, d’imir Gibson-Park d’fhoireann na hÉireann den chéad uair an mhí seo caite nuair a tháinig sé isteach mar ionadaí i gcoinne na hIodáile ach imreoidh sé mar leathchúlaí clibirte ón tús an uair seo.

Seacht n-athrú ar fad atá déanta ag príomhchóitseálaí na foirne, Andy Farrell, ón bhfoireann a chaill in aghaidh na Fraince coicís ó shin.

Tá Ronan Kelleher tagtha isteach sa líne thosaigh mar húcálaí agus Cian Healy agus Andrew Porter ar a dhá thaobh.

Beidh Iain Henderson in áit Thadhg Beirne sa dara líne, taobh le James Ryan.

Fanfaidh Caelan Doris sa líne chúil ach tá Peter O’Mahony agus Josh van der Flier ainmnithe san ionad céanna don chluiche seo.

Gibson-Park agus an captaen Johnny Sexton a bheidh ina leathchúlaithe agus tá Robbie Henshaw agus Chris Farrell ainmnithe i lár na páirce.

Beidh beirt chúige Laighean, Lowe agus Hugo Keenan, ar na cliatháin agus tá Jacob Stockdale roghnaithe mar lánchúlaí arís.

D’fhéadfadh leathchúlaí amuigh Chúige Uladh, Billy Burns, a chéad chluiche a imirt d’Éirinn Dé hAoine agus é ainmnithe i measc na n-ionadaithe.

Cuid de chomórtas dúshláin nua, Craobh Náisiún an Fhómhair, é cluiche na hAoine. Tá Éire i nGrúpa A in éineacht leis an mBreatain Bheag, Sasana agus an tSeoirsia.

Foireann na hÉireann v an Bhreatain Bheag

1. Cian Healy
2. Ronan Kelleher
3. Andrew Porter
4. Iain Henderson
5. James Ryan
6. Peter O’Mahony
7. Josh van der Flier
8. Caelan Doris
15. Jacob Stockdale
14. Hugo Keenan
13. Chris Farrell
12. Robbie Henshaw
11. James Lowe
10. Johnny Sexton
9. Jamison Gibson-Park

Ionadaithe:

16. Dave Heffernan
17. Ed Byrne
18. Finlay Bealham
19. Quinn Roux
20. Will Connors
21. Conor Murray
22. Billy Burns
23. Keith Earls

Fág freagra ar 'James Lowe ainmnithe ar fhoireann na hÉireann den chéad uair don chluiche in aghaidh na Breataine Bige'