‘Jab déanta’ agus ceann eile le déanamh

Ní raibh ar Joe Schmidt ach an dá fhocal ‘jab déanta’ a rá tar éis an chluiche i gcoinne Cheanada. Mura ngortófar éinne, is amhlaidh a bheidh an scéal tar éis an chluiche i gcoinne na Romáine

Tá mé cinnte go mbainfidh Joe Schmidt leas as cluiche i gcoinne freasúra réasúnta lag le deis a thabhairt don chuid eile den phainéal cleachtadh a fháil ar imirt ar ardán domhanda, go háirithe roimh an dá chluiche crua i gcoinne na hIodáile agus na Fraince, cluichí  atá fós le n-imirt. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne
Joe Schmidt. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Níl aon dabht ach go ndearna fir Joe Schmidt an méid a theastaigh uainn ar fad, seachas muintir Cheanada, b’fhéidir, sa gcéad chluiche den Chorn Domhanda an Satharn seo caite. Ceithre úd agus pointe bónais roimh leath ama agus ceithre úd eile sa dara leath. Ní hamháin sin, ach ní raibh aon chaint faoi ghortuithe d’aon imreoir.

Chinntigh sin ar fad nach raibh tada le tuairisciú ag Schmidt ná ag Paul O’Connell, captaen na foirne, ach an dá fhocal “jab déanta” a rá agus a athrá ag an bpreas-ócáid thar éis an chluiche.

Tá an t-ádh ar na Gaeil go bhfuil scíth seachtaine acu roimh cur chun páirce arís an Domhnach seo. Seans freisin go bhfuil ádh ag baint le bheith i gcoinne na Rómáine sa dara cluiche. Tá go leor den tuairim go mbeidh na Gaeil i bhfad róláidir d’ fhoireann ó thír ina bhfuil an cluiche fós ag forbairt.

Seans nach bhfaca siad an cluiche iontach úd idir an tSeapáin agus an Afraic Theas nuair a fuair fir an domhain thoir an ceann is fearr ar churaidh (faoi dhó go deimhin) an chomórtais. Ach níl ach scíth ceithre lá ag an Rómáin roimh thabhairt faoi na Gaeil i Stáid Wembley agus d’imir siad agus chaill siad go trom (38 – 11) i gcoinne na bhFrancach i Stáid Olympic ar an gCéadaoin.

Tá mé cinnte go mbainfidh Joe Schmidt leas as cluiche i gcoinne freasúra réasúnta lag le deis a thabhairt don chuid eile den phainéal cleachtadh a fháil ar imirt ar ardán domhanda, go háirithe roimh an dá chluiche crua i gcoinne na hIodáile agus na Fraince, cluichí  atá fós le n-imirt.

Maidir lena bhfuil roimh na foirne eile i ngrúpa D, níl dabht ar bith ach gurb iad na Francaigh an baol is mó atá amach romhainne. Bhí siad eagraithe, crua agus thar a bheith fisiciúil sa dá chluiche i gcoinne na hIodáile agus na Rómáine. Is cinnte go bhfuil áit ar bharr tábla mar sprioc acu.

I ngrúpa C, ní bheidh mórán stró ar an hAll Blacks barr an tábla a bhaint amach, go háirithe ó fuair siad an ceann is fearr ar an Airgintín sa gcéad chluiche. Ní fiú tagairt a dhéanamh don chluiche i gcoinne na Namaibe.

Mar a luaigh mé roimhe seo ba é bua na Seapáine ar an Afraic Theas i ngrúpa C ar an Satharn seo caite an splanc a las an comórtas, go háirithe tar éis an túschluiche leamh a bhí idir na Sasanaigh agus muintir Fidsí. Ní raibh na Seapánaigh in ann cur lena gcáil agus iad i gcoinne na hAlban ar an gCéadaoin, rud a fhágann go bhfuil an grúpa seo thar a bheith oscailte faoi láthair.

Seans gurb ionann an cás i ngrúpa A nó grúpa an bháis mar a tugtar air freisin. Tá seans fós ag Sasana, an Astráil agus an Bhreatain Bheag. Ach níl spás ach do dhá fhoireann sna babhtaí ceathrú ceannais.

Fágann sin go bhfuil sárchluiche le teacht fós sa ngrúpa seo, díreach mar a bheas againn sna grúpaí eile ar fad. Go deimhin, ón méid a chonaic muid go dtí seo, ní féidir a shéanadh ach go bhfuil comórtas domhanda iontach faoi lán tseoil. Ach níos tábhachtaí ná sin, tá na Gaeil mar chuid lárnach de.

Fág freagra ar '‘Jab déanta’ agus ceann eile le déanamh'