‘It’s desperate, isn’t it?’ – tá bliain ann ó toghadh Donald Trump

Ó d'inis Martin Hayes an fhírinne lom faoin uachtarán Trump bliain ó shin, tá breis imní á spreagadh aige

‘It’s desperate, isn’t it?’ – tá bliain ann ó toghadh Donald Trump

Shiúil Martin Hayes amach ar stáitse i nDún Laoghaire bliain go ham seo. Focal níor dhúirt sé agus nóta níor sheinn sé ar feadh scaithimh.

Bhí an Pavilion lán go doras, agus toradh thoghchán uachtaránachta na Stát á phlé ag mórán sa lucht éisteachta go dtí gur íslíodh na soilse.

Thost an slua. Bhí Dennis Cahill ina shuí taobh leis an máistir-veidhleadóir, a ghiotár ar a ghlúin, agus é faoi réir chun ceoil. D’fhanamar go léir go seinnfí an chéad phort, gan aon chaint roimh ré, mar is gnáth.

Ach níor ardaigh Martin Hayes a fhidil. Choinnigh sé a chloigeann cromtha, á chroitheadh go mall. Mar a dhéanfadh duine díreach tar éis drochscéala a chloisteáil a chuir uafás agus iontas araon air.

D’fhan sé ina thost ar feadh scaithimh eile sular labhair sé.

It’s desperate, isn’t it?”

Ar ndóigh bhí a fhios againn go léir céard a bhí i gceist aige. Cibé locht atá ar Trump, ní cheileann sé a dhrochthréithe. Drochmheas ar mhná, ciníochas, mífhoighne, sotal, drochbhéasa, easpa machnaimh, easpa tuisceana…

Ní gá leanacht ar aghaidh, go háirithe toisc go n-admhaíonn go leor daoine a thug tacaíocht dó bliain ó shin go bhfuil sé lochtach. Mar a dúirt oibrí tógála as New Jersey leis an scríbhneoir seo go gairid tar éis an toghcháin.

I know he’s rude and crude. He says things he shouldn’t say, just like me. I can’t excuse some of the things he says. I just like him because he talks straight, not like Clinton, or other politicians.”

Ba léir ónár gcomhrá an meas agus an míshásamh araon ba chúis le bua Trump sa toghchán. Ba léir freisin an bhearna idir gnáthpholaiteoirí agus aicme mhór den phobal sna Stáit ar tháinig Donald Trump i dtír air bliain ó shin.

Ach ní hionann ‘aicme mhór’ agus móramh. Ní foláir cuimhneamh i gcónaí ar thoradh an chomhairimh:

Hillary Clinton: 65, 853, 516 vóta

Donald Trump: 62,984,825 vóta

Ní bheadh Trump sa Teach Bán, murach an tslí ina gcuireann Coláiste Toghchánach na Stát vóta an phobail as a riocht.

Thaispeáin torthaí na stát-thoghchán Dé Máirt gur féidir le Daonlathaigh bealach ar ais ó thubaiste 2016 a aimsiú. Níor chuir bua Marty Walsh i mBoston iontas ar mhórán, ach bhuaigh an páirtí toghcháin thábhachtacha eile – i New Jersey agus i Virginia go háirithe.

Le tamall anuas, tá idir chúiseanna dóchais agus chúiseanna imní tugtha do na Daonlathaigh ag scata pobalbhreitheanna.

Dóchas, i dtosach. Níl ach 36 faoin gcéad de vótóirí na tíre sásta le Trump de réir na bpobalbhreitheanna (leibhéal tacaíochta atá níos ísle ná mar a bhí ag uachtarán ar bith riamh). Má bhíonn Trump ina iarrthóir arís in 2020, agus má bhíonn iarrthóir láidir ag na Daonlathaigh, agus má bhíonn riar níos éifeachtaí ar an bhfeachtas, beidh Trump i mbaol.

An t-ábhar imní do na Daonlathaigh? Léirigh pobalbhreith a d’fhoilsigh CNN Dé Luain nach bhfuil ach 37 faoin gcéad den phobal sásta leo, i gcomparáid le 44 faoin gcéad bliain ó shin. Ní raibh meas na vótóirí ar an bpáirtí chomh híseal ó na 1990idí.

Is measa cás na bPoblachtánach, de réir an tsuirbhé chéanna. Tá meas an phobail ar an bPáirtí Poblachtánach níos ísle (30 faoin gcéad) ná a meas ar na Daonlathaigh. Tá obair mhór le déanamh ag an dá pháirtí idir seo agus 2020.

Is mó an dochar nó sochar atá ar chumas uachtaráin a dhéanamh dá pháirtí féin. Is é bun agus barr an scéil nach féidir an tionchar Trumpúil a thuar. Tá an geilleagar ag neartú (ráta fáis: idir a trí agus a ceathair faoin gcéad) ach níltear ar aon intinn faoi mbaint a bhí ag an uachtarán leis an mborradh. Thar lear, tá an léargas níos éiginnte,

Thaispeáin a ndúirt sé sa Chóiré Theas Dé Máirt arís gur deacair a thuar scaití cén toradh a bheas ar a bhriathra.

Dúirt Trump mí ó shin gur cur amú ama é a bheith ag beartú comhráite faoi airm núicléacha le ceannaire na Cóiré Thuaidh Kim Jong-Un (nó ‘Rocket-Man’ mar a thug sé air).

Ach dúirt Trump Dé Máirt go mbeadh sé toilteanach labhairt le Kim, cé go raibh sé róluath faoi láthair cainteanna dá leithéid a phlé.

Cá bhfios, mar sin?

Dá rachfaí chun cinn le cainteanna idir an bheirt, agus dá ndéanfaidís margadh lena chéile, agus dá mbuanófaí síocháin dá bharr, bheadh gaisce déanta ag Trump nár éirigh le scata uachtarán eile a dhéanamh roimhe.

Neosfaidh an aimsir. Idir an dá linn, faraor, ní foláir cuimhneamh ar gach uair a d’inis an t-uachtarán (nó urlabhraithe ar a shon) bréag, ar gach athrú treo agus intinne (faoin gCoiré Thuaidh, mar a sonraíodh thuas), agus ar gach giolc maslach agus/nó mífhreagrach a d’eisigh sé.

Is fiú cuimhneamh arís ar ndúirt Martin Hayes bliain ó shin

Bímis aireach.

Fág freagra ar '‘It’s desperate, isn’t it?’ – tá bliain ann ó toghadh Donald Trump'

  • Seán Ó Laoi

    An t-uachtarán is fearr ariamh is ea Trump. Is ceoltóir é Martin Hayes agus níl sé ceart éisteacht le aon rud as a bhéal seachas an ceol traidisiúnta. Go mbeannaigh Dia obair Trump ar son na Meiricainigh.

  • Liz

    Is fear gnó é Trump. Níl sé ceart éisteacht le aon rud as a bhéal seachas gnó.