‘It will offend, it will hurt, it will anger’ – raic faoin nGaeilge a bheith ar chomhartha reilige

Tá ráite ag polaiteoir aontachtach go bhfuil ‘go leor gearán’ faighte aige ó dhaoine atá míshásta faoi chomhartha dátheangach ar bhalla reilige i dTír Eoghain

‘It will offend, it will hurt, it will anger’ – raic faoin nGaeilge a bheith ar chomhartha reilige

Tá sé ina raic arís faoi úsáid na Gaeilge ar chomharthaí de chuid Chomhairle Ceantair Lár Uladh agus comhartha dátheangach a crochadh taobh amuigh de Reilig Chnoc an Dúin sa Chorr Chríochach i gContae Thír Eoghain atá ag cothú aighnis an babhta seo.

Tuairiscítear go bhfuil ‘go leor gearán’ faighte ag Trevor Wilson, Comhairleoir de chuid an UUP, ó dhaoine a chuir a míshástacht in iúl faoin chomhartha dátheangach ar bhalla na reilige.

Dúirt Wilson leis an Newsletter gur “cuireadh olc ar go leor daoine” toisc an comhartha dátheangach a bheith ann agus mhaígh sé go gcreideann “go leor Protastúnach gur iarracht d’aon ghnó é de chuid Sinn Féin agus an SDLP an Ghaeilge a bhrú ar phobal nach bhfuil spéis acu inti beag ná mór”.

“Tuigeann siad [Sinn Féin agus SDLP] go maith gur masla é seo go ngortóidh sé daoine agus go gcuirfidh sé fearg ar go leor daoine, ach is léir gurb é sin atá ar intinn acu a dhéanamh,” a dúirt Wilson. 

Mar fhreagra air sin, dúirt an Comhairleoir Ronan McGinley, ceannaire Shinn Féin ar an Chomhairle Ceantair, gur “caint ghríosaitheach” a bhí sa mhéid a dúirt Wilson.

Dúirt McGinley “nach bhfuil bunús ar bith” leis an tuairim go bhféadfadh comhartha i nGaeilge a crochadh taobh amuigh de reilig duine a mhaslú agus gur sampla eile é den “bac leanúnach atá á chur roimh aon ní a léiríonn an cultúr Gaelach”.

Dúirt Malachy Quinn, Comhairleoir de chuid an SDLP, gur ‘ábhar bróin’ a bhí sa mhéid a bhí ráite ag an Chomhairleoir Wilson agus go gcuireann an tuairim “go mbaineann teanga le daoine ó chreideamh amháin leis an deighilt sheicteach”.

“Go deimhin, is teanga í a labhraítear ar fud an oileáin agus níos faide i gcéin ag daoine de gach cúlra agus creidimh,” a dúirt an Comhairleoir Quinn.

Tá polasaí dátheangach i bhfeidhm i gComhairle Ceantair Lár Uladh ó mhí an Mhárta 2017, polasaí a fhágann go mbíonn comharthaíocht dhátheangach á crochadh ag an Chomhairle.

Is mar chuid de Pholasaí Gaeilge na Comhairle, a aontaíodh in 2015, atá na comharthaí dátheangacha á gcrocadh.

De réir scéim a tháinig isteach anuraidh faoin pholasaí céanna, is féidir leis an phobal iarratas a dhéanamh comharthaíocht dhátheangach a chrochadh ar shráideanna.

Ní mór don duine a chuireann an t-iarratas isteach chuig an Chomhairle a bheith ina chónaí sa cheantar.

Ina dhiaidh sin, déantar suirbhé i measc an phobail, agus, más léir go bhfuil níos mó ná dhá thrian ar son na comharthaíochta dátheangaí, crochfaidh an Chomhairle í.

Dúirt an Comhairleoir de chuid Shinn Féin, Ronan McGinley, gur éileamh é seo a tháinig ó dhaoine as an áit a íocann rátaí sa cheantar.

Dúirt Trevor Wilson ón UUP go gcothaíonn an polasaí dátheangach “conspóid mhór” agus go ndéanann sé “neamhaird ar dhea-chaidreamh pobail”.

Fág freagra ar '‘It will offend, it will hurt, it will anger’ – raic faoin nGaeilge a bheith ar chomhartha reilige'