Istigh faoi thom aitinn taobh thiar den Spidéal a fuair mo chara an bosca…

Cérbh é an báireoir a d’imir i bPáirc an Chrócaigh ach a chaill luach a shaothair ar phortaigh Thulach an Leathair?

Istigh faoi thom aitinn taobh thiar den Spidéal a fuair mo chara an bosca…

Cé is moite den ábhar a thug mé abhaile le dó, ní bhfuair mé aon bhlas ar fónamh ar an bportach riamh, ainneoin mé a bheith i mo chuairteoir dílis ar an áit sin ó bhí mé i mo mhalrach. Corrphíosa giúsaí, neart fraoigh agus ceannbháin bhána. Anois agus arís seanbhuidéal lán le huisce buí as ar ól mo shinsir tae fuar leis an gcáca sóide a bhíodh acu.

Sin ráite níl a fhios agam céard a déarfainn dá dtiocfadh mo phíce go feirc i ‘Seanfhear Chruacháin’ a frítheadh ar phortach in Uíbh Fhailí bunáite scór bliain ó shin. Nó cé chomh mór agus a bheinn ar mo chompord dá mba mé a tháinig ar ‘Fhear Chluain Uí Chaomháin’ a raibh os cionn 2,000 bliain caite aige féin i mbogach i lár chontae. na Mí.

Ní mheasfainn mo choimpléasc a bheith in ann ag a leithéid ná go deimhin fiú ag na blocáin ime a fágadh ar an bhfuaraíocht ag tráth nach raibh Críost fós tagtha ar an saol agus a nochtar sa mbarr íochtair anois agus arís.

Seans ceart go leor nár mhiste liom a theacht ar chlaimhte miotail, ar rinn saighde déanta as cloch nó go cinnte ar bhráisléad óir.

Níorbh é a leithéid siúd a bhí ag fear a bhuail ar mo dhoras sa mbaile tá achar ó shin agus boiscín beag plaisteach ina ghlac aige – ceann ar dhéanamh an chinn ina mbeadh fáinne a cheannódh duine.

“Ná ceap gur go d’iarraidh le pósadh atá mé. Ach mura bhfaighidh tusa úinéir dó seo níl a fhios agam céard is fearr a dhéanamh leis,” a deir sé á shíneadh chugam.

Ar oscailt an bhoiscín dom chonaic mé go raibh bonn airgid den mhianach a thugtar do bhuaiteoirí comórtais neadaithe thíos ann. Leathcheann na gcinn a thugtar amach mar dhuaiseanna ag comórtais go leor – cinn a bhaineann le spórt ach freisin le hamhránaíocht, aithriseoireacht, drámaíocht, díospóireacht nó a leithéid.

Bhí barúil agam mar sin féin go raibh liathróid i gceist leis an gceann seo nuair ba ar mo thairseach-sa a leaindeáil sé.

Bhí an ceart agam. Cé nach raibh aon fheiceáil shoiléir air nó go dtug tú gar go leor do do shúile é, bhí armas Chúige Connacht le feiceáil ar éigean ar éadan an bhoinn – imlínte iolair agus an claíomh thar a bheith éadrom.

Mhéadaigh sin mo shuim agus d’iompaigh mé thart é. Craobh Chonnacht, Iománaíocht, Mionúir, 1967 a bhí greanta ansiúd. Bhí sainmharc an déantóra ag a bhun, rud a chruthaigh nárbh as aon ‘lucky-bag’ a tháinig sé.

In áit a bhfuil Tulach an Leathair mar ainm air, ó thuaidh de bhailte an Lochán Bhig agus an Tí Mhóir, tuairim ceithre mhíle taobh thiar den Spidéal a fuair mo chara an bosca. Istigh faoi thom aitinn a bhí gar go maith do bhóithrín portaigh. Tá an domhan is a mháthair amuigh ag spaisteoireacht orthu siúd na laethanta seo. Seans go mba amhlaidh a thit sé amach as póca nó as sparán.

“Agatsa imirt anois,” a deir an té a fuair é agus é ag fágáil slán agam.

Bhí mé féin in aois mhionúir i 1967. Ghlac mé leis i dtosach go mba Ghaillimheach éicint a chaill é agus thosaigh mé ag cuimhneamh ar iománaithe a bheadh ag imirt sa ngrád sin ag an am – John Connolly agus Cyril Farrell ar bheirt acu.

Rug mé ar an láí agus thosaigh ag tochailt. Níor ghlac sé i bhfad mé a chur de mo bhuille.

Ag imirt le sinsir na Gaillimhe a bhí an Conghaileach i 1967, an bhliain roimhe sin a d’imir sé leis na mionúir. Gan é ach 18 ar éigean, d’imir sé in aghaidh Chiarraí agus in aghaidh Chorcaí agus in aghaidh Luimnigh i gCraobh na Mumhan.

Craobh na Mumhan!

Bhí cor eile bainte asam nuair a chuimhnigh mé gur i gcomórtais na Mumhan a d’imir iománaithe na Gaillimhe i ngach grád idir 1959 agus 1969, rud a d’fhág nárbh Ghaillimheach beag ná mór a bhuaigh an píosa airgid a bhí anois i mo sheilbh.

Cé mba leis é mar sin? Níl an t-eolas sin fós agam, ach b’fhéidir nach fada go mbeadh mar fearacht na mbleachtairí maithe ar fad táim ag éirí níos gaire de chroí an scéil.

Fad is a bhí Gaillimh i measc na Muimhneach reáchtáladh Craobh Iomána B ina gcúige féin – comórtas ina raibh craobh náisiúnta i gceist leis freisin mar go raibh a leithéid i gceist freisin do chontaetha laga sna ceithre chúige.

Ros Comáin a bhuaigh Craobh Chonnacht, ach seachas sin a bheith luaite sa leabhar a rinne ceiliúradh 100 bliain ar an eagraíocht sin (1902 -2002), ba rídheacair a theacht ar aon eolas eile.

Go fiú sna nuachtáin áitiúla i Ros Comáin ba bheag caint a bhí ar an iománaíocht – tús áite ag an bpeil, mar a bheifeá agus súil leis. Sa gcartadh ar fad atá déanta agam, ar bháireoirí na mionúr, níl aimsithe agam ach liosta foirne a bhí le dul chun páirce in aghaidh Mhaigh Eo i gcluiche leathcheannais an chúige agus nuair a bhí an chraobh sin buaite acu, tuairisc ghiortach sa Roscommon Herald ar ghreadadh a thug contae an Dúin dóibh i gcluiche leathcheannais na hÉireann.

I bPáirc an Chrócaigh a imríodh sin Dé Domhnaigh 20 Lúnasa 1967. Níos luaithe an lá sin, san áit chéanna, buadh freisin ar pheileadóirí mionúir Ros Comáin ina gcluiche leathcheannais féin in aghaidh Laoise. Bhí ceathrar a d’imir sa dá chluiche – Seán Ó Ceallacháin as an gCaisleán Riabhach, Eoin Mac Gabhann agus Colm Ó Dúlacháin as Gaeil Ros Comáin agus Willie Ó Fiaghlaigh as Naomh Pádraig.

An tseachtain seo tá mé féin agus an Herald ag cur tús le feachtas féachaint an mbeidh ar ár gcumas an bonn atá faoi mo chúram agus a bhuaiteoir a thabhairt le chéile arís. Le cúnamh Dé tarlóidh sin agus dá bharr beidh scéal agam daoibh faoin mbáireoir a d’imir i bPáirc an Chrócaigh ach a chaill luach a shaothair ar phortaigh Thulach an Leathair.

Fág freagra ar 'Istigh faoi thom aitinn taobh thiar den Spidéal a fuair mo chara an bosca…'

  • Colmcille Ó Monacháin

    Tá tú chomh maith le Réics Carló!