‘Is tú ár laoch, ár ngile mear’ – ómós tugtha do Shane MacGowan ag a aifreann sochraide san Aonach

San Aonach i gcontae Thiobraid Árann tráthnóna inniu a dúradh aifreann sochraide Shane MacGowan, príomh-amhránaí leis an mbanna The Pogues

‘Is tú ár laoch, ár ngile mear’ – ómós tugtha do Shane MacGowan ag a aifreann sochraide san Aonach

Dúradh aifreann sochraide an amhránaí mór le rá Shane MacGowan i dTeach Pobail Mhuire an Phaidrín san Aonach i gcontae Thiobraid Árann tráthnóna inniu.

Dúirt an tAthair Pat Gilbert, sagart an phobail a léigh an t-aifreann, gur file agus ceannródaí ab ea MacGowan.

“Ár bhfile, ár gcumadóir, amhránaí agus ceannródaí, duine é a bhíodh ag éisteacht leis an míshuaimhneas sa saol agus bhronn sé ar ghlúin i ndiaidh glúine toradh an bhua sin a bhí aige.”

Dúirt an tAthair Gilbert gur labhair MacGowan faoin saol mar atá agus gur bhronn sé ar a lucht éisteachta “focail a raibh fuinneamh na beatha iontu”.

Thagair sé d’amhrán Bob Dylan ‘Death is not the end’.

“Not the end, not the end, just remember that death is not the end/Not the end, not the end just remember that death is not the end.”

Thagair sé chomh maith d’amhrán de chuid Shane MacGowan féin  ‘The Sick Bed of Cúchulainn: ‘..and they’ll take you to Cloughprior and shove you in the ground and you will stick your head back out and shout ‘We’ll have another round’’.

“An rud a rinne Brendan Behan sa phrós, rinne Shane McGowan san fhilíocht é,” ar sé.

Chomh maith le pobal an cheoil a thug gean dó, bhí maithe agus móruaisle shaol na siamsaíochta agus an tsaoil phoiblí ag a shochraid inniu, ina measc an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn, Johnny Depp, Nick Cave agus baill de na Pogues.

Le linn searmanas na sochraide chas cuid dá chairde roinnt de cheol an fhile, ag áireamh leagan de a ‘A Rainy Night in Soho’ ó Nick Cave, agus bhí ceol ann leis ó Chór Chúil Aodha.

Nick Cave agus Colm Mac Con Iomaire

Chuir an tAthair Pat Gilbert fáilte roimh “an saol mór” go dtí an t-aifreann sochraide a bhí á shruthú beo ar líne.

“Cuirimid fáilte roimh an saol mór, na daoine go léir sa domhan ar fhág an fear iontach seo a lorg orthu, na daoine ar spreag sé iad, ar chuir sé siamsaíocht ar fáil dóibh, na daoine gur chuaigh sé go croí iontu,” a dúirt sé.

“Tá sé an-tábhachtach go bhfuil sibh anseo agus insíonn sé go leor faoin ngrá agus urraim atá againn go léir don fhear iontach seo.

“Tugaimis le chéile ag an altóir seo a shaol, a ghrá, a liricí, an solas a bhí ann agus a cheol, guímis go raibh suaimhneas síoraí ag a anam.”

Labhair iarcheannaire Shinn Féin Gerry Adams ag tús an aifrinn. Ag iompú ar an nGaeilge dó, dúirt sé “Is tú ár laoch, is tú ár ngile mear…”

Tugadh rudaí éagsúla chun na haltóra mar shiombailí de shaol MacGowan agus den ghrá a bhí aige do Thiobraid Árann, d’Éirinn, don litríocht, do scannáin, don cheol, do reiligiúin agus don chairdeas. Mhínigh a bhean Victoria Mary Clarke tábhacht na siombailí.

Le haithisc mhothálacha ó Victoria Mary Clarke agus Siobhán MacGowan, deirfiúr an amhránaí, agus le ‘The Parting Glas’, a chas baill na Pogues, a cuireadh clabhsúr ar an searmanas. Agus Cór Chúil Aodha ag casadh ‘Mo Ghile Mear’ a tugadh cónra Shane MacGowan ón séipéal.

Cór Chúil Aodha

Tugadh deis do mhuintir na háite agus pobal an cheoil a n-ómós don cheoltóir a léiriú tar éis an aifrinn agus an tsochraid ar a slí trí lár an bhaile mhóir. Bhí corp Shane MacGowan le créamadh ag searmanas príobháideach ina dhiaidh sin.

Níos túisce inniu chruinnigh na sluaite ar shráideanna na príomhchathrach agus sochraid an cheoltóra ag déanamh a bealaigh trí Bhaile Átha Cliath.

Ag a 10.30 ar maidin inniu thug eileatram a chónra go dtí an Rinn i lár na cathrach. Bhí bratach na hÉireann ar a chónra agus aistríodh í go dtí cóiste agus capall sular tugadh ar a thuras deireanach é trí shráideanna na cathrach ina raibh cónaí air.

Amhráin ón slua a bhí á thionlacan ar a aistear deireanach agus ‘Dirty Old Town’ á chanadh ag daoine agus pictiúir den amhránaí ina lámha acu.

Pictiúr: Sasko Lazarov / RollingNews.ie

Amach roimh an tsochraid bhí banna ceoil Ard Aidhin agus nuair a shroicheadar Sraith an Iarthair stopadar agus chasadar ‘Fairytale of New York’.

Bhí plód mór den phobal bailithe ag an gcoirnéal mar a bhfuil Cógaslann Sweny, a bhfuil cáil mhór air as a bheith luaite ag James Joyce in Ulysses, agus faoi stiúir na gceoltóirí chasadar i dteannta a chéile ‘Fairytale Of New York’.

An tseachtain seo caite a bhásaigh an mórscríbhneoir amhrán in aois a 65 bliain.  Bhí ainm in airde ar Shane MacGowan mar phríomh-amhránaí leis an mbanna The Pogues, a rinne ceol aitheanta den cheol punc-tíre a chasaidís.


Foinse: @StephenGleeson_ arX

Fág freagra ar '‘Is tú ár laoch, ár ngile mear’ – ómós tugtha do Shane MacGowan ag a aifreann sochraide san Aonach'