Is trua nach mbíonn an TUI chomh glórach céanna faoin ‘bpribhléid’ a bhí riamh ag cainteoirí Béarla na tíre seo

Caithfear an leithcheal atá á dhéanamh ar Ghaeilgeoirí líofa le fada an lá a chur ina cheart agus cúrsa a ndiongbhála a chur ar fáil dóibh

Is trua nach mbíonn an TUI chomh glórach céanna faoin ‘bpribhléid’ a bhí riamh ag cainteoirí Béarla na tíre seo

Tá go leor múinteoirí Gaeilge agus múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna ina mbaill d’Aontas Múinteoirí Éireann (TUI) ach is léir go gceapann Ard-Rúnaí Cúnta an cheardchumainn, John MacGabhann, go bhfuil na múinteoirí sin sa tóir ar phribhléid agus ag iarraidh “bearna phribhléide” a chruthú idir iad féin agus scoileanna eile.

Dream a deir sé a bhfuil “neart buntáistí” acu cheana féin. An daonlathas agus easpa pribhléide atá ag déanamh imní do MacGabhann, múinteoir Gaeilge pobalscoile.

Nach ait nach mbíonn an TUI chomh glórach céanna faoin ‘bpribhléid’ atá agus a bhí riamh ag cainteoirí Béarla na tíre seo, a bhfuil raidhse téacsleabhar agus acmhainní ar fáil dóibh i mBéarla, chomh maith le múinteoirí a labhraíonn a dteanga dhúchais.

Ní hamhlaidh an cás anois ná riamh ag lucht na Gaeilge ná a gcuid múinteoirí, bíodh sin sa nGaeltacht ná sa nGalltacht. Níl an TUI ag iarraidh go mbeadh buntáiste eile “san áit a bhfuil neart buntáistí cheana”.

Cá bhfuil na buntáistí siúd?

Luaigh MacGabhann chomh maith gur thábhachtach leis an TUI go mbeadh scrúdú cainte ag an Teastas Sóisearach agus is oth leis an rogha a bhíodh ag múinteoirí ceann a dhéanamh ina scoil a bheith imithe.

Meabhraím don Ard-Rúnaí Cúnta gur thug múinteoirí faoi na scrúduithe sin ar dtús ar neamhchomhairle an TUI agus an ASTI a bhí glan in aghaidh aon mhúinteoir a bheith ag déanamh aon rud gan táille ná a bheith ag measúnú a ndaltaí féin.

Is maith is eol do John MacGabhann go mbíodh tosaíocht i gcónaí ag ceisteanna pá ar cheisteanna oideachais is Gaeilge ag comhdhálacha a cheardchumainn. B’éigean dom féin cur suas le neart acu.

Is bocht an scéal é go dtiocfadh ionadaí ceardchumainn os comhair coiste Oireachtais agus mearbhall air faoin ábhar a bhí á phlé. Tá scoileanna T1 (scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna) agus scoileanna T2 sa tír ach ní faoi scoileanna a bhí an cruinniú ach faoi chúrsaí nua don Ardteist. Más míthráthúil gur baisteadh T1 agus T2 freisin ar an dá chúrsa atá á moladh, ní leithscéal é sin le daoine a chur ar mhíthreoir.

“Ní ligfí dóibh [scoileanna DEIS] T1 a dhéanamh. Is é sin an moladh atá ann i láthair na huaire,” a mhaígh MacGabhann ag an gcoiste Oireachtais.

Ní hamhlaidh an cás mar deirtear go sonrach agus go soiléir i nDréachtsonraíocht Churaclam Gaeilge na hArdteiste gur do na daltaí ar fad a bhfuil Gaeilge mhaith acu an cúrsa seo, bíodh siad i scoil Ghaeilge nó Bhéarla:

“Tá an tsonraíocht seo do Ghaeilge na hArdteistiméireachta dírithe ar chainteoirí dúchais agus ar fhoghlaimeoirí i scoileanna Gaeltachta agus ar scoláirí san earnáil a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge (Gaelcholáistí agus Aonaid Lán-Ghaeilge). I scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla beidh an rogha ann an tsonraíocht T1 a chur ar fáil chomh maith.

Tá cúrsa dúshlánach Gaeilge á éileamh ag múinteoirí Gaeilge ó lár na n-ochtóidí agus níor luamar riamh gur pribhléid do scoileanna Gaeilge is Gaeltachta ná a gcuid daltaí a bhí uainn. Is amhlaidh a bhíomar ag iarraidh cothrom na Féinne dóibh, cúrsa Gaeilge do chainteoirí líofa, is cuma cá raibh siad ar scoil, scoil DEIS nó scoil rachmais, a dhéanfadh forbairt orthu féin mar dhaoine agus a thabharfadh deis dóibh feabhas is snas a chur ar an teanga agus aithne a chur ar a litríocht, díreach mar a dhéanann cúrsa Ardleibhéal Béarla na hArdteiste.

Sin an teagasc acadúil atá dlite do chainteoirí maithe Gaeilge, bídís i scoil DEIS i dTamhlacht nó ar Oileán Thoraí i nGaeltacht Dhún na nGall.

Croí na faidhbe ar ndóigh nach n-aithníonn an Roinn Oideachais ná na ceardchumainn gur ann do Ghaeilgeoirí maithe ná do chainteoirí dúchais Gaeilge agus go mbreathnaíonn siad uirthi mar theanga ‘oifigiúil’ liom leat a gcaithfear cur suas léi go bhfaighidh sí bás de bharr siléige. A thoradh sin go gcuirtear cúrsa Gaeilge d’fhoghlaimeoirí ar fáil do chainteoirí líofa is dúchais a fhágann leathliteartha iad ina dteanga féin.

Tá próiseas comhairliúcháin ar siúl as seo go tús mhí na Nollag agus is léir gur iomaí sin duine a dteastaíonn comhairle go géar uathu.

Caithfear an leithcheal atá á dhéanamh ar Ghaeilgeoirí líofa le fada an lá a chur ina cheart agus cúrsa a ndiongbhála a chur ar fáil dóibh. Ní foghlaimeoirí iad. Ní pribhléid atá á héileamh dóibh. Ní baol don chainteoir dúchais Béarla in Éirinn.

Ná scaoil tharat an deis seo le comhairle a chur ar an TUI agus ar an Roinn Oideachais.

Fág freagra ar 'Is trua nach mbíonn an TUI chomh glórach céanna faoin ‘bpribhléid’ a bhí riamh ag cainteoirí Béarla na tíre seo'

  • Éilís Ní Anluain

    An ceart ar fad agat a Mháire, go leor bun os cionn anseo.

  • Tadhg Mac Dhonnagáin

    Treise leat, a Mháire. An-phíosa.

  • Antóin

    Mór an trua nach raibh údar an ailt seo i láthair ag Coiste Gaeilge an Oireachtais inné chun an t-eolas seo a chur ar a shúile d’Ard-Rúnaí Cúnta AMÉ agus chun cuid den ghus a bhaint as.