‘Is scríbhneoir mé’, a dúirt mé. ‘Conas?’ a d’fhiafraigh an t-oftailmeolaí

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Tá ciall cheannaithe ag ár gcolúnaí anois agus breathnaíonn sé ar spéaclaí mar uirlis de chuid na ceirde

‘Is scríbhneoir mé’, a dúirt mé. ‘Conas?’ a d’fhiafraigh an t-oftailmeolaí

Tuairim is seacht mbliana ó shin thug mé cuairt ar oftailmeolaí den chéad uair.

‘Cén tslí bheatha atá agat?’ a d’fhiafraigh sí díom agus mo chuid súl á dtástáil aici.

‘Is scríbhneoir mé,’ a d’fhreagair mé.

‘Conas?’ a d’fhiafraigh sí díom agus tuin ar a cuid cainte a thug orm cinneadh a dhéanamh ar an toirt oftailmeolaí eile a chuartú an chéad uair eile a bheadh a leithéid de dhíth orm.

Bhí an mearbhall céanna ar lucht an tsiopa spéaclaí a raibh orm cuairt a thabhairt air ina dhiaidh sin nuair a dúirt mé leo gurbh é sin an chéad uair dom fráma a roghnú.

‘Ach ní féidir gurb iad seo do chéad phéire spéaclaí? Tá céim +3 agat!’

Ach ba iad. Bhí mé tar éis an dallamullóg a chur orm féin ar feadh blianta fada roimhe sin nach raibh rud ar bith cearr le radharc mo shúl, ach ag an bpointe sin bhíodh orm éirí ón deasc agus dul ar shiúlóid chuile dheich nóiméad nó mar sin d’fhonn sos a thabhairt do mo shúile (agus ba ar an gcaoi sin, a oftailmeolaí fhiosraigh lán tarcaisne, ar éirigh liom an t-úrscéal deireanach a scríobh mé gan spéaclaí, An Tearmann, a chríochnú.)

Agus cén fáth?

Na cúiseanna céanna agus a bhíonn ag chuile dhuine a chuireann an chéad chuairt ar an oftailmeolaí ar an méar fhada, is dócha. Baois, bród, ceanndánacht.

Ach nach ormsa a bhí an t-ionadh nuair a thosaigh mé ag caitheamh an chéad phéire spéaclaí sin.

‘Tá cuma scríbhneora ort anois!’ a bhéic mo chuid cairde d’aon ghuth.

B’fhéidir go raibh, agus is cinnte go samhlaítear spéaclaí le scríbhneoirí go minic, ach an bhfuil ceangal idir gairm bheatha agus radharc na súl dáiríre?

Léiríonn taighde eolaíoch gur le géinitic an duine a bhaineann neamhoird súl cuid mhór ach go mbíonn tionchar áirithe ag tosca timpeallachta (aiste bia, cúrsaí aeráide, caitheamh tobac) ar an scéal. Agus cé nach ndéanann scáileáin ríomhairí agus fóin dochar fadtéarmach do radharc na súl, is cinnte go gcuireann siad tuirse ar na súile.

Is agamsa atá a fhios.

Is éard a thug orm an colún seo a scríobh inniu ná go mothaím go bhfuil sé in am cuairt a thabhairt ar an oftailmeolaí arís go luath. Faoin am seo, tá ciall cheannaithe agam agus breathnaím ar spéaclaí mar uirlis de chuid na ceirde.

Fág freagra ar '‘Is scríbhneoir mé’, a dúirt mé. ‘Conas?’ a d’fhiafraigh an t-oftailmeolaí'