Is olc an ní é an víreas, ach b’fhéidir go bhfuil sé ag cur beagáinín oideachais ar na Tráchtairí Móra…

Is é an deilín atá ag na tráchtairí anois gur cheart don rialtas seo againne neart airgid a fháil ar iasacht agus infheistíocht láidir a dhéanamh le borradh a chur faoin eacnamaíocht athuair

Is olc an ní é an víreas, ach b’fhéidir go bhfuil sé ag cur beagáinín oideachais ar na Tráchtairí Móra…

Tá an ghéarchéim sláinte atá againn faoi láthair ag tabhairt an-léargas dúinn ar an gcóras eacnamaíochta atá i réim in Éirinn agus ar fud an domhain. Is spéisiúil an ní freisin a bheith ag féachaint ar pholaiteoirí agus iad ar a míle dícheall ag iarraidh an tonn tuile atá tagtha sa mullach orainn a mharcaíocht.

D’fhéadfá a rá gurb é Donald Trump is leibidí atá ag breathnú. Ní beo é ach ag iarraidh a chur ina luí orainn gurb iad na Sínigh is cúis leis an víreas.

Shílfeá gurbh é an chaoi ar chuir na Sínigh eolaithe isteach i saotharlann agus gur ordaigh siad dóibh víreas a chruthú a mharódh na milliúin.

Meiriceánaigh ab fhearr leo a chur chun báis, a déarfadh Trump. Ionsaí ar Mheiriceá an rud ar fad a dúirt sé. Is measa é ná an t-ionsaí ar Phearl Harbour ná leagan na Twin Towers, ar seisean.

Bhí an dearcadh atá aige sách páistiúil ach ba mheasa ná sin a theagasc nuair a thosaigh sé ag comhairliú dhúinn díghalráin a chur inár gcuid féitheacha leis an víreas a mharú.

Chuaigh Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson go doras an bháis. Ó tugadh slán é níl iamh ar a bhéal ach ag moladh an NHS. D’ainmnigh sé a mhaicín óg as duine den lucht leighis atá ag troid an víris.

Maidir le hAontas na hEorpa tá siad ag cruthú aríst nach aontas iad. Dá mba ea bheidís sásta íoc mar aonad as an damáiste atá á dhéanamh do chúrsaí fostaíochta.

Níl siad sásta sin a dhéanamh; iasachtaí a thabhairt dúinn atá ar intinn acu; cur leis an ualach fiacha a d’fhág siad orainn sa ngéarchéim airgeadais a bhí ann cheana.

Ní ghéillfidh an Ghearmáin don smaoineamh gur cheart an t-ualach a roinnt.

Mar is iondúil tá an rialtas sin againne ag géilleadh ró-éasca do threoracha na Bruiséile. Bhí baint aige sin leis an gcaoi ar shocraigh siad gan daoine a stopadh ó theacht isteach sa tír.

Cuireadh an cluiche rugbaí leis an Iodáil ar ceal ach fós bhí cuid de lucht leanta fhoireann na hIodáile ag imeacht ar fud Bhaile Átha Cliath.

Beidh ceangal mór eile orainn le linn dúinn a bheith ag iarraidh cúrsaí eacnamaíochta a fheabhsú amach anseo agus is é sin gur cuid de chóras an euro muid.

Níl sé de chumhacht againn díluacháil a dhéanamh.

I dtús na dtríochaidí bhí an tSualainn ceangailte leis an órchaighdeán. Ach oiread le go leor tíortha eile bhí an tír ag fulaingt go géar de bharr an Spealadh Mór. Shocraigh an rialtas ansin a gcóras airgeadais a dhíluacháil, rud a thug deis dóibh infheistíocht a dhéanamh i dtionscail dhúchasacha na tíre.

Tá toradh an pholasaí sin le tabhairt faoi deara ar chúrsaí eacnamaíochta na Sualainne go dtí an lá atá inniu ann.

Thart ar an am céanna a ndearna siad an díluacháil a tháinig Fianna Fáil i gcumhacht sa tír seo. Bhí meas ag Fianna Fáil freisin ar na tionscail dhúchasacha ag an am. Inniu níl de pholasaí bunúsach acu féin, ag Fine Gael agus go deimhin ag an gComhaontas Glas ach fág faoi na hollchomhlachtaí eachtrannacha agus faoi mhaorlathas na Bruiséile é.

Is é an deilín atá ag na Tráchtairí Móra anois gur cheart don rialtas seo againne neart airgid a fháil ar iasacht agus infheistíocht láidir a dhéanamh le borradh a chur faoin eacnamaíocht athuair.

Roimhe seo is é a mhalairt de phort a bhí acu: peaca marfach a bheadh ann airgead mór a fháil ar an gcaoi sin agus é a chur ag obair le scéim mhór tithíochta a thosú nó le córas ceart sláinte a chur ar fáil.

Is olc an ní é an víreas ach b’fhéidir go bhfuil sé ag cur beagáinín oideachais ar na Tráchtairí Móra de réir a chéile. Más mall is mithid…

Fág freagra ar 'Is olc an ní é an víreas, ach b’fhéidir go bhfuil sé ag cur beagáinín oideachais ar na Tráchtairí Móra…'

  • Eoin O Murchu

    Togha ailt.