Is mór na dúshláin atá sáraithe le 93 bliain anuas ag ‘An tUltach’ agus é beo anois ar líne

I ré seo mhaolú na hintinne ag bréagscéalta agus baothábhar, éilímid toirt agus téagar a spreagfaidh chun smaointeoireachta sinn

Is mór na dúshláin atá sáraithe le 93 bliain anuas ag ‘An tUltach’ agus é beo anois ar líne

Tá curtha go mór le seirbhís An tUltach ar líne le seoladh an tsuímh nua idirlín an tseachtain seo. Tá fáil anois ar ábhar sainiúil na hirise faoi dhearadh úr ar fud na cruinne ar www.antultach.com.

An sprioc fhollasach atá leis an togra seo fáil a bheith ag an léitheoir ar an ábhar saibhir a bhíonn san iris.

Beidh gach eagrán as seo amach ar an suíomh. Beidh an téacs inchuardaithe. Beidh scéalta breise seachtainiúla ann nach gclúdaítear de ghnáth, mar ní hann do na srianta spáis agus ama sa chibearspás a bhaineann le hiris mhíosúil chlóite.

Maireann an chóip chrua fós, ar ndóigh, ach anois tá rogha agat idir sin agus leagan digiteach a bheidh tú in ann a léamh ar do ghuthán, ar do tháibléad agus ar do ríomhaire. Tá praghas níos ísle ar shíntiús bliana digiteach (£30) as siocair nach mbíonn costais chlódóireachta ná phostais le híoc (£55 atá ar an síntiús clóite).

Is ar son phobal na Gaeilge a bunaíodh an iris an chéad lá agus is ar a shon sin atá sí go fóill ann agus ag dul i dtreise. Ligfidh an teicneolaíocht dúinn a bheith i lár an aonaigh, ag tuairisciú agus ag craoladh beo agus imeachtaí tábhachtacha ag titim amach. Beidh machnamh agus anailís ann chomh maith, mar a bhíodh i gcónaí.

Tá na meáin shóisialta éagsúla mar uirlis úsáideach dúinn agus mar thairseach isteach chuig an taisceadán ina bhfuil an t-ábhar uilig le fáil: 170,000 focal in aghaidh na bliana in 170 alt le leathchéad scríbhneoir, na scéalta rangaithe de réir naoi gcatagóir. Tá ábhar ann saor in aisce do scoileanna. Tá plé ann ar chúrsaí reatha, ar na healaíona, ar an litríocht. Tá léamh úr ann ar an stair.

Má théann tú ar an suíomh díreach anois, tá beagnach 70 alt faoi réir duit, idir ábhar cartlainne agus ábhar úrnua. Agus níl sé ach ina thús. Cothrom an ama seo an bhliain seo chugainn, beidh 250 alt in airde.

Is mór na dúshláin atá sáraithe le 93 bliain anuas, agus is le fonn is le fuinneamh atáimid ag tabhairt faoi dheacrachtaí na linne seo, ina measc riar agus reáchtáil na hirise ó mhí go mí ar phingneacha beaga.

Chothaigh Gaeil Uladh An tUltach i gcónaí – in ainneoin críochdheighilte, cogaí, deargnaimhdeas ar leibhéal an stáit i leith na teanga agus ciorruithe ar mhaoiniú. Tá tacaíocht dó agus infheistíocht déanta ann ag Comhaltas Uladh agus Conradh na Gaeilge, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus Roinn na Gaeltachta.

I ré seo mhaolú na hintinne ag bréagscéalta agus baothábhar, tá cothú aigne á shantú againn. Éilímid toirt agus téagar a spreagfaidh chun smaointeoireachta sinn.

Nach maith an rud é nuair a thig an t-ábhar sin ón phobal s’againn féin.

Goitse linn thar thairseach na todhchaí. www.antultach.com 

– Is í Gráinne Ní Ghilín Bainisteoir Ar Líne ‘An tUltach’

Fág freagra ar 'Is mór na dúshláin atá sáraithe le 93 bliain anuas ag ‘An tUltach’ agus é beo anois ar líne'

  • Niall Comer

    Éacht ar fad anseo, agus obair mhór curtha isteach ag foireann An tUltach, ag Gráinne agus ag Comhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge leis seo a thabhairt chun críche. Dúshlán ollmhór a bhí ann leis na blianta An tUltach a choinneáil beo, ach d’éirigh linn, ar bhonn deonach, é seo a dhéanamh.