‘Is mór idir an focal Gaeilgeoir as béal na Gaeilge agus béal an Bhéarla’

Chothaigh úsáid an fhocail ‘Gaeilgeoir’ i nuachtán náisiúnta Béarla roinnt cainte le déanaí. Lorgaíomar tuairim roinnt Gael cad a shamhlaíonn siad leis na bhfocal

‘Is mór idir an focal Gaeilgeoir as béal na Gaeilge agus béal an Bhéarla’
Pictiúr: Facebook/RnaG

Thagraíodar go searbhasach dom mar ‘Gaeilgeoir’

Seosaimhín Ní Bheaglaoich

Is cuimhin liom easaontas millteach a bheith agam le beirt chomhghleacaithe im láthair oibre, an craoltóir náisiúnta i nDomhnach Broc nuair a thagraíodar go searbhasach dom mar ‘Gaeilgeoir’.

Chuireas ar a súile dóibh go raibh dearúd orthu. Cainteoir dúchais is ea mise bíodh fhios agaibh, adúrt, is Gaeilgeoirí sibhse, mar ná fuil agaibh ach dhá fhocal fánach.

Bhí sé ina liútar léitear eadrainn ansan ar feadh tamaill. Sall is anall againn, a’ sárú a chéile.

Ar deireadh dúirt duine acu ‘all you people from the Whest are never happy anyway are ye?’

B’in é an coup de grace.

Is i mBleá Cliath a chuala an téarma Gaeilgeoir an chéad lá. Ó mo chairde Conamaracha a chuala é, leis an dtuiscint gurb é sin a tugadh ar na foghlaimeoirí a thagadh chun na Gaeltachta gach samhradh. ‘Lá Breá’ a tugadh ar a leithéid i gCorca Dhuibhne. Bhíodh laethanta breátha ó Chorcaigh is ó Thiobraid Árainn ana-iomadúil againn gach samhradh. Bhí na ‘Gael-linns’ againn leis.

 

Is mó sin amadán a cheapann go bhfuilimid ar fad mar a chéile

Alan Titley

Ach an oiread le téarma ar bith eile ar féidir le daoine a bheith íogair ina thimpeall – ar nós ‘Mick’ agus ‘Paddy’ – braitheann úsáid ‘Gaeilgeoir’ mar lipéad ar cé a deir é, cén tuin chainte atá i gceist, cén intinn atá laistiar de, cén meon atá á nochtadh ann agus cén comhthéacs ina dtarlaíonn. Tugadh Paddy orm cúpla uair, le cineáltas, mar mhasla, agus mar aineolas. Thuigeas an méid sin go brothallach.

Is féidir go mbeadh drochmheas nó amhras nó drochmhéin nó olc féin in úsáid ‘Gaeilgeoir’. Tá cloiste agam, agus is gránna fós é nuair is ‘Galegore’ a scaoiltear amach. Mothaíonn tú gaoth na fola ag séideadh tríd.

Ina choinne sin thall, d’airíos bean sa Rinn ag tabhairt ‘Gaelaingeoirí’ ar lucht turais agus foghlama isteach, agus is mar chur síos neodrach lom a dúradh é, ‘laethanta breátha’ Phádraig Uí Mhaoileoin, is dócha. Chuala ‘Gaeilgeoir’ ó dhaoine thiar á thabhairt ar shárchainteoirí Gaeilge, bídís ina gcainteoirí dúchais nó ina bhfoghlaimeoirí. Dá olcas é mar mhasla d’aon ghnó go minic, ar a laghad is fada ó d’airíos ‘Ireeshan’, focal a chaití timpeall leis an drochbhlas céanna. Is mó sin ‘Gaeilgeoir’ atá ann, is léir, agus is mó sin amadán a cheapann go bhfuilimid ar fad mar a chéile.

 

Is mór idir an focal Gaeilgeoir as béal na Gaeilge agus béal an Bhéarla

Máire Ní Fhinneadha

Is mór idir an focal Gaeilgeoir as béal na Gaeilge agus béal an Bhéarla.

Ó thosaigh daoine ag teacht an ceantar s’againne ag foghlaim Gaeilge ar bhunú an stáit seo, Gaeilgeoirí a tugadh ar na foghlaimeoirí sin. Níor theastaigh an focal Gaeilgeoir do mhuintir na háite mar Gaeilge a labhair siad uilig seachas an corrdhuine a labhair Béarla agus nach raibh aon rún aige Gaeilge a labhairt ná a fhoghlaim. Cainteoir breá a déarfaí faoi dhuine deaslabhartha seachas Gaeilgeoir breá.

Scoláirí na gcoláistí samhraidh sa lá inniu, na Gaeilgeoirí beaga a thugann muid orthu agus ní le dímheas é cé nach mór an t-ualach Gaeilge a bhíonn ar dtús ag cuid acu.

An Fáinne agus biorán na staonairí sa seaicéad agus cual badhrónna sa bpóca an íomhá sheanchaite a cothaíodh don Ghaeilgeoir nár fhoghlaim ach a dhóthain Gaeilge le post mór stáit a fháil.

Ceanglaíodh faisisteachas teanga agus ceoil leis an téarma ina dhiaidh sin, cuid de mheon LFM, agus na hiarsmaí seanaoise seo ‘ag brú Gaeilge agus Peig bhocht síos ina scornach’. Ait go leor ní bheadh aon ghlacadh ag go leor de na daoine sin le haon ghibiris uaim mar Bhéarla agus gann go maith a bheadh an “tolerance’ mura dtuigfinn a dteanga agus a gcanúint féin.

 

Eithne Ní Ghallchobhair, Breandán Delap agus Gráinne Ní Ghilín

Bhí gradam ag baint le bheith i do Ghaeilgeoir

Gráinne Ní Ghilín

Tá cóisir againn i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich anocht ag déanamh ceiliúradh ar dhíograis agus ar dhícheallacht na bhfoghlaimeoirí le bliain anuas. Beidh an múinteoir Mat Lundy ag bronnadh fáinní agus teastais orthu atá gnóthaithe go dian acu. Fá dheireadh na hoíche beidh méadú tagtha ar líon na nGaeilgeoirí.

Is mé ar scoil lán-Bhéarla i mBéal Feirste, shamhlaigh mé gur focal iontach dearfach é an focal ‘Gaeilgeoir’. Bhí gradam ag baint le bheith i do Ghaeilgeoir – mórsprioc saoil a bhí ann stádas chomh hard leis a bhaint amach!

Nuair a chuaigh mé ar an ollscoil i gCorcaigh, d’éirigh liom áit a fháil san Ionad Cónaithe Gaeilge. An chéad duine riamh ar labhair mé leis in UCC ná Maor Bhrú na Laoi an lá ar leaindeáil mé le heochracha an árasáin a fháil. “Are you a Gwaol-gooooorrrre?” ar sé i mblas láidir chathair Chorcaí nach raibh mé cleachtaithe leis. Iarchéimí a bhí san fhear seo agus más buan mo chuimhne, bhí sé ag dul do mháistreacht sa stair nó i litríocht an Bhéarla.

Thapaigh sé an deis scéal a thaithí féin ar an Ghaeilge a ríomh dom. Thug sé le fios nach raibh focal Gaeilge ina phluic aige cé go raibh 14 bliana caite aige ag dul di ar scoil. Monuar.

Cá bhfuil an fear seo anois? Is é a tháinig i gcomharbacht ar Marian Finucane ar Raidió 1 RTÉ nuair a d’imigh sí ar shlí na fírinne. Tá ard-áit i sceideal phríomhstáisiún na hÉireann ag Brendan O’Connor, é ag craoladh ar na haerthonnta gach maidin Dé Sathairn agus gach maidin Dé Domhnaigh. Ach ní dócha go gcluinfidh tú mórán Gwaol-ge ná Gwaol-gooooorrrree ar a chlár.

 

Muireann Ní Mhóráin, cathaoirleach ar an ócáid

Ní smaoineofaí ar a leithéid a rá faoi chainteoirí teanga eile

Muireann Ní Mhóráin

Maidir le caoinfhulangacht, is léir go bhfuil gá leis an tréith seo le cur suas leis an bhfo-theachtaireacht atá le tuiscint as na focail ‘fluent but tolerant Gaeilgeoir’ sa tuairisc bháis ón Irish Times atá faoi chaibidil. Is léir nach é a bhí i gceist gur chuir an té a cailleadh suas le daoine de leithéid an údair ag caitheamh anuas ar lucht labhartha na Gaeilge ach gur ag tabhairt le fios gur grúpa aonchineálach iad siúd ar fad a roghnaíonn an Ghaeilge a labhairt agus nach bhfuil siad caoinfhulangach ar…n’fheadar, cá bhfios? An é gur easpa caoinfhulangachta é an Ghaeilge a labhairt i measc lucht labhartha an Bhéarla?  Nó an é ár n-easpa caoinfhulangachta é go mbímid curtha amach le maslaí a chaitear go fánach linn?

Nuair a chonaic duine ar m’aithne na focail sa tuairisc, thug sé ‘casual racism’ air agus dáiríre tá an ceart aige.

Mar a deir Caoilfhionn Nic Pháidín sa litir bhreá a scríobh sí chuig eagarthóir an nuachtáin, ní smaoineofaí ar a leithéid a rá faoi chainteoirí teanga ar bith eile agus ní bhíonn aon fho-shruth de mhasla i gceist má thugtar Frainciseoir nó Fionlainniseoir ar dhuine ach is minic a lán bagáiste i gceist nuair a thugtar ‘Gaeilgeoirs’ ar lucht labhartha na Gaeilge. Is cinnte nach ardmholadh atá ann!

Curtha in eagar ag Meadhbh Ní Eadhra

Fág freagra ar '‘Is mór idir an focal Gaeilgeoir as béal na Gaeilge agus béal an Bhéarla’'

  • Brendan Keane

    Is masla an focal (Gaeilgeoir) i mbéal an phobail fós-Ghaeil (iad ag baint airgead astu) a chuir ar foghlaimeoirí. Is írónta go mbeadh an focal á filleadh air. Is caoi le chuile dhuine in Éirinn á rá Gaeilgeoir agus an focal Gael a sheachaint, é, an focal droichid, idir cainteoir nua agus cainteoir laethúil. Cén fáth an bhfuilimid ag caint Gaeilge (briste nó fliúrseach)? a bheith in ár nGael (arís nó i gcónaí). Cén cineál difríocht a bheith in ár nGaeilgeoir? Is rud cáilithe, níos lú ar leith agus faoi corrabhuaiste. Is cosúil “Gael,” ach nach amhlaidh in dáiríre. Ciallaíonn é “Gaelín” b’fhéidir mar “injun.”

  • Eoin Ó Murchú

    Ag deire thiar nach ionann gaeilgeoir agus duine a labhraíonn Gaeilge. Ach is féidir lucht labhartha na Gaeilge a chur othu más fearr linn sin.

  • Don Ryan

    Toisc gur duine den dream sin na ‘laethanta breátha’ mé, níl mo thuiscint ar an dteanga ar ard-chaighdeán – an ag caitheamh anuas ar fhoghlaimeoirí atá Iníon Ní Bheaglaoich? Más ea cic sa tóin atá ann dúinn atá ag iarraidh daoine sa Ghalltacht a spreagadh. Tá ardmheas againn ar chainteoirí dúchais, ach ní leo siúd amháin an teanga i mo thuairim.

  • Eoin Ó Murchú

    Ní naimhde don Ghaeilge nó don Ghaeltacht iad na Gaeilgeóirí nó laethanta breátha. Gan iad ní fhéadfai meath ar bith a chur ar mheath na Gaeilge. Sa nGaeltacht atá an troid is tábhachtaí, ach níl dochar ar bith le tacaíocht ón taobh amuigh.