Is mór an spórt iad logainmneacha na hÉireann

Ní bhíonn ónár gcolúnaí ach an leithscéal is fánaí a thabharfaidh deis dá intinn a bheith ag fánaíocht i dtreo an spóirt

Is mór an spórt iad logainmneacha na hÉireann

Ní inniu ná inné a thosaigh mé ag cur suime i logainmneacha na tíre seo, cé faraor gur mó mo spéis iontu ná m’eolas orthu. Ar an traein as Béal Feirste go Baile Átha Cliath dom an lá faoi dheireadh ba ghearr ag gluaiseacht muid nuair a chuaigh muid trí stáisiún a raibh ‘Moira’ crochta ar a chuid comharthaíochta.

Bhí oiread luais fúinn agus nár éirigh liom a thabhairt faoi deara an raibh aon leagan Gaeilge istigh leis. Ní móide go raibh, nó go mbeidh go ceann tamaill i bhfianaise a bhfuil d’easaontas tarraingthe ag an teanga sa gcuid sin den tír le gairid.

Chuimhnigh mé go mba mhaith an t-aistriúchán a bhaistfeadh ‘Máire’ ar an áit, ach cheil mé mo mheangadh mar nach raibh a fhios agam arbh iad na crogaill nó na sealgairí a bhí i mo thimpeall.

Déantar a leithéid a chrochadh choíche nó ná déantar, creidim gur Maigh Rath an leagan ceart – ach an le dúnta cosanta nó le rath fómhair a bheith ar thailte na háite a bhaineann an t-ainm, níl a fhios sin agam.

Ach cúpla nóiméad ina dhiaidh sin chonaic mé fógra bóthair ar Mhótarbhealach an M1 nach raibh aon súil agam leis. ‘Aghacommon’ a dúirt an ceann seo – Achadh Camán nó páirc na gcamán is dóigh.

Mar is iondúil, ní bhíonn uaim ach an leithscéal is fánaí a thabharfas deis don intinn a bheith ag fánaíocht i dtreo an spóirt agus ba ghearr go raibh mé ag tarraingt logainmneacha a bhí ceangailte leis siúd chugam féin.

Ní go réidh a bhí siad ag teacht liom. Ar Chrois na hIomána in aice le Aerfort na Sionna i gCo. an Chláir ba thúisce a chuimhnigh mé.

Tá an báire luaite i logainmneacha go leor. Tá Mullach an Bháire i gCo. an Chabháin agus bailte fearainn go leor ar fud na tíre a bhfuil an focal ina n-ainmneacha.

Tá foireann peile in iarthar Chorcaí a bhfuil Muintir Bháire orthu, ach aisteach go leor níl aon bhaint dhíreach ag a n-ainm siúd leis an spórt. Is le hainm na dúiche dar díobh iad a bhaineann sé. Ba dhuine de threabh Chorca Lughaidh a chónaigh sa gceantar na mílte bliain ó shin é Báire agus an leithinis atá idir Bá Bheanntraí agus Bá Dhún Mánais ainmnithe ina dhiaidh.

Is nós anois le tamall foirgnimh, bóithre nó áiteanna poiblí a ainmniú i gcuimhne ar laochra spóirt. I gceartlár na cathrach i nGaillimh tá bloc oifigí darbh ainm Lárionad Seán Duggan, cúl báire clúiteach an chontae sna 1940idí agus 50idí. I gCorcaigh tá Droichead Christy Ring agus tollán Jack Lynch, fear a rinne saothrú beag freisin lasmuigh de pháirceanna na himeartha, dar ndóigh.

Ach i bhfad sular tháinig a leithéid sin sa bhfaisean, baisteadh Log Uí Dhonnaíle ar ghleann i gCurrach Chill Dara atá timpeallaithe ag cnocáin. Bhí 20,000 duine ina seasamh orthu siúd in 1814 nuair a throid an dornálaí Dan Donnelly as Baile Átha Cliath in aghaidh sheaimpín Shasana, George Cooper.

Níorbh iad an 500 gine a bhí le fáil ag an mbuaiteoir amháin a spreag suim sa mbabhta troda seo a d’fhág tranglam tráchta ar na bóithre amach as an bpríomhchathair. Bhí Éirí Amach 1798 fós beo in intinn na ndaoine agus cé gur mó de cháil a bhí ar Cooper, ba dheis eile a bhí sa mbabhta troda stuaic a chur ar an namhaid.

Ag a deich ar maidin a thosaigh an troid. Aon bhabhta dhéag a mhair sí nó gur bhris an Donnaíleach giall a chéile comhraic.

Chroch lucht a leanta gáir mhór mholta, ina measc Bantiarna Mhaigh Eo, a raibh a cuid talún ar fad leagtha síos i ngeall aici.

Ar an drabhlás a chríochnaigh Dan Donnelly bocht a shaol agus bhásaigh sé sé bliana dár gcionn agus gan é ach 32 bliain d’aois. Mar is dual sna cásanna seo, bhí a shochraid ar cheann de na cinn ba mhó a facthas lena linn.

Go hiondúil sin deireadh an scéil, ach níorbh é i gcás Donnelly mar gur ghoid mic léinn a chorp as an uaigh agus dhíoladar le máinlia é – rud a bhí coitianta go maith ag an am nuair a d’úsáidtí corp an duine mhairbh agus oiliúint á cur ar mhic léinn leighis.

Chuir an máinlia an corp i dtalamh arís, ach bhí fad as cuimse i lámha Donnelly – deirtear go raibh sé in ann iad a leagan ar chaipíní a ghlúine gan cromadh. Choinnigh an dochtúir ceann acu agus thug leis go hAlbain í.

Faoin am ar tháinig deireadh an 19ú céad ba ag taisteal na Breataine i sorcas a bhí lámh Dan Donnelly agus daoine ag íoc airgid as í a fheiceáil. Faoi dheireadh i 1904, cheannaigh óstóir agus geallghlacadóir as Béal Feirste, Hugh ‘Texas’ McAlevey an lámh agus bhí sí ar taispeáint i dtábhairne a bhí aige ansiúd.

Sna 1950idí, le linn Fhéile an Tóstail, tugadh lámh Donnelly ar ais chomh fada leis an gCurrach agus chaith sí os cionn dhá scór bliain i dtábhairne an Hideout i gCill Chuillinn.

Le scór bliain anuas, tugadh an lámh chuig na Stáit Aontaithe agus bhí sé ar taispeáint in áiteacha sa tír seo, sa Mhúsaem i bPáirc an Chrócaigh, mar shampla.

Uair an chloig taistil ó dheas de Log Uí Dhonnaíle tá baile ar a dtugtar An Marcach i gContae Thiobraid Árann – marcach a chaill a chapall de réir dealraimh mar gurb é an t-ainm atá i mBéarla ar an áit, Horse and Jockey.

Agus ós ag caint air sin é, cé nach logainm go díreach é, is de bharr séipéil atá in dhá bhaile i gCorcaigh a fuair an rásaíocht capall ar a dtugtar ‘steeplechasing’ a ainm.

Sa mbliain 1752 agus beirt úinéirí capall ag sáraíocht faoi cé acu ainmhí ab fhearr, socraíodh gur rás trastíre, thar chlaíocha agus thar mhútaí, le cois na hAbann Bige, a réiteofaí an scéal. Ceithre mhíle faid a bhí i gceist, idir spuaic an teampaill i gCill na Mallach agus a leathcheann i nDún ar Aill. As sin a d’fhás rás na spuaice, an steeplechase nó an tseilgrás.