Is mór an sólás go bhfuil na bláthanna ag bíogadh agus na héin ag cantain

Diabhaltaí cliste a bhí na Críostaithe nuair a rinne siad a gcuid féin de sheanfhéilte na nGael

Is mór an sólás go bhfuil na bláthanna ag bíogadh agus na héin ag cantain

Inniu Lá Fhéile Muire na gCoinneal. Ba é inné Lá Fhéile Bríde agus is é amárach 

Lá Naomh Blaise.

Is mór an tógáil croí dhúinn an t-earrach a bheith ar fáil.

Anois teacht an earraigh beidh an lá ag dul chun síneadh, a dúirt Raiftearaí bocht agus é ag smaoineamh ar chuairt a thabhairt ar a fhearann dúchais i gCo. Mhaigh Eo.

Ní bheadh aon chead aige an turas sin a dhéanamh inniu dá mbeadh sé beo de bharr an víris dhamanta seo atá buailte sa mullach orainn.

Bhí an calar ag spré tríd an tír le linn Raiftearaí. Go deimhin rinne sé dán faoi, ‘An Cholera Morbus’.

Tá Covid-19 go dona agus go rídhona ach is mór an sólás dúinn go bhfuil na bláthanna ag bíogadh agus na héin ag cantain.

Is iad lus an chromchinn, an caisearbhán, an sabhaircín agus an plúirín sneachta is túisce a mbíonn fonn orthu iad féin a nochtadh..

Ó Lá Fhéile Bríde amach bíonn na héin ag déanamh neadracha agus an uair ag dul i dteas a deirtí.

Tá an roilleach, an fhuiseog agus an ghleoiseach ag bailiú misnigh.

Luaitear an roilleach agus an fhuiseog le Naomh Bríd.

Creideadh gurbh í Naomh Bríd a chuir cosúlacht croise ar bhrollach an roilligh. De réir scéil bhí Naomh Bríd ag teicheadh óna naimhde in aice na trá. Chlúdaigh na roilligh le feamainn í lena cur i bhfolach orthu.

Dá mbeadh an fhuiseog ag cantain Lá Fhéile Bríde ba thaispeánadh é sin go raibh earrach breá ar an mbealach.

Is dócha gur tháinig an ghráinneog amach as a leaba geimhriúcháin inné. Ceapadh go mbeadh an ghráinneog in ann tuar cruinn a dhéanamh ar an aimsir Lá Fhéile Bríde.

Dá dtiocfadh sí amach agus dá bhfeicfeadh sí a scáile léimfeadh sí ar ais ina nead aríst mar go mbeadh a fhios aici go raibh sé seachtainí eile de dhrochaimsir le theacht..

An groundhog nó an t-úitseach a dhéanann an beart sin i Meiriceá. 

Ní i gcónaí a bhíodh na ráitis faoin aimsir an tráth seo bliana ag teacht le chéile. Seo cuid acu:

Sneachta nach dtiocfaidh faoi Shamhain tiocfaidh sé ramhar faoi Fhéile Bríde.

Ní bhíonn sneachta ar chraobh ó lá Fhéile Bríde amach.

Arsa Bríd: Gach re lá breá ó mo lá-sa amach: Arsa Pádraig: Gach lá breá ó mo lá-sa amach, is leath mo lae féin leis.

Ar sheanfhéile de chuid na gCeilteach ar a dtugtaí Imbolc a bunaíodh an Fhéile Bríde. Bhí bandia darbh ainm Bríd ag na Ceiltigh.

Is minic ráite agam é gur diabhaltaí cliste a bhí na Críostaithe nuair a rinne siad a gcuid féin de sheanfhéilte na nGael.

Ceann de cheithre shéasúr mhóra na bliana ba ea Imbolc—Bealtaine, Lúnasa, Samhain agus Imbolc. Thart ar leath bealaigh a bhí sé idir grianstad an gheimhridh agus cónocht an earraigh.

Maidir leis an lá inniu, Lá Fhéile Muire na gCoinneal, comóradh é sin ar an Toirbheart sa Teampall agus ar Íonghlanadh Mhuire.

Nuair a bhí Muire ag tabhairt an pháiste chuig an Teampall bhí imní uirthi mar gur cheap sí go mbeadh slua mór ansin roimhe. Thairg Naomh Bríd aird an tslua a thógáil den leanbh trí cheannbheart a chur uirthi féin a raibh coinnle lasta air.

D’ordaigh Muire ansin go mbeadh Lá Fhéile Bríde ann an lá roimh Lá Fhéile Muire na gCoinneal.

Ach oiread le go leor rudaí eile bhí pisreoga ag baint leis na coinnle. Ní raibh sé ádhúil trí choinneal a lasadh le haon fháideog amháin.

Thug fear cuairt ar Shéarlas Stíobhart Parnell uair amháin agus é tinn ar a leaba. Bhí ceithre choinneal lasta sa seomra. Le linn dóibh a bheith ag caint mhúch ceann de na coinnle. Mhúch Parnell ceann eile acu láithreach. Mheas sé nach é an dea-rud a thiocfadh as trí choinneal a bheith lasta in éineacht.

Bhí an-mhuinín ag Críostaithe i gcónaí as Naomh Blaise. Amárach a lá siúd. Chreid siad go sábhálfadh Naomh Blaise daoine ar ghalair scornaí.

Chuirtí dhá choinneal lasta thar a chéile ar an scornach agus deirtí paidir speisialta.

Easpag ar Sebastea san Airméin (Sivas sa Tuirc inniu) ba ea Naomh Blaise. Cuireadh chun báis é ar ordú an Impire Licinius. 

 Nuair a bhíothas á thabhairt chuig an bpríosún thug máthair a mac chuige. Cnámh éisc a bhí á thachtadh. Leigheas Naomh Blaise é ar an bpointe boise.

Fág freagra ar 'Is mór an sólás go bhfuil na bláthanna ag bíogadh agus na héin ag cantain'

  • Antóin

    Is mór an sólás an t-alt seo. Ná ceilimis an t-eolas seo ar an gcéad ghlúin eile.