Is mó an scéal bagairtí na hIodáile ná an Breatimeacht

Is léir go bhfuil dlús á chur leis an díospóireacht faoin gcineál Aontais a bheidh san Aontas Eorpach sa bhfadtéarma nuair a bheas an Breatimeacht curtha as an mbealach

Is mó an scéal bagairtí na hIodáile ná an Breatimeacht

Ní haon ionadh nach bhfuil aird na tíre seo, chomh fada is a bhaineann sé leis an Aontas Eorpach, dírithe ar thada ach ar an mBreatimeacht ach seans go bhfuil fadhbanna níos bunúsaí ag an Aontas. Fadhbanna iad seo atá ag éirí níos measa, fadhbanna ar chóir dúinn machnamh éigin a dhéanamh fúthu.

Tá mé ag caint, ar ndóigh, ar an dúshlán atá á thabhairt ag rialtas na hIodáile don Aontas maidir le buiséad na tíre sin.  Sáraíonn an buiséad na rialacha airgeadais atá leagtha síos ag an Aontas faoin gComhaontú Fioscach.

Agus tá Coimisiún na hEorpa ag bagairt an dlí a chur ar an Iodáil agus na milliúin euro a ghearradh orthu mar phionós.

Faoin bplean atá ag an Iodáil, bheadh easnamh 2.4% den olltáirgeacht intíre (GDP) aici an bhliain seo chugainn: sin trí huaire níos mó ná mar a cheadaíonn an tAontas.  Tá an t-airgead breise le caitheamh ar cháin a ísliú (éileamh an Liga), ar airgead breise a chaitheamh ar na daoine is boichte sa tír agus ar an bpinsean a ardú (éileamh na gCúig Réalt).

Deir Giovanni Tria, Aire Airgeadais na hIodáile, go bhfuil sé riachtanach na moltaí seo a thabhairt isteach ar mhaithe le beocht a chur arís san eacnamaíocht, le bochtanas a laghdú agus le tús a chur le fiacha na hIodáile a ísliú.

Tá dhá mhórphrionsabal ag teacht salach ar a chéile san aighneas seo: teastaíonn ó rialtas na hIodáile freastal ar riachtanais mhuintir na tíre ach teastaíonn ó Aontas na hEorpa go ngéillfeadh gach tír do rialacha an Aontais, is cuma cén tionchar a bheadh ag na rialacha céanna ar na daoine.

Faoi láthair tá na hIodálaigh ag rá go seasfaidh siad lena mbuiséad is nach ngéillfidh siad don bhrú seo ón gCoimisiún.  Feicfimid amach anseo céard a tharlóidh má théann an Coimisiún ar aghaidh lena mbagairt fíneáil a chur ar an Iodáil agus má sheasann an rialtas lena gcinneadh gan géilleadh.

Ar ndóigh, cuireann an scéal seo scéal na Gréige i gcuimhne dúinn. Ach tá difríochtaí ann freisin.

Labhair na Gréagaigh go dána, ag bagairt seo, siúd agus eile ach ghéill siad sa deireadh. Tá na hIodálaigh ag rá nach dteastaíonn uathu briseadh leis an Aontas ach nach rachaidh siad salach ar mhian a bpobail féin. Tá siad níos ciúine, ach b’fhéidir níos cinnte ná mar a bhí na Gréagaigh.

Bhí muintir na Gréige go láidir ar son an euro mar chóras airgeadais, agus bhí faitíos ar an rialtas ansin briseadh leis; ach is lú i bhfad an bá atá ag na hIodálaigh leis an euro céanna. Cé nach bhfuil siad ag caint faoi imeacht ón euro, tá amhras ar na margaí go mbeidís sásta é sin a dhéanamh dá mba ghá dóibh.

Bhí sé soiléir freisin i gcás na Gréige go raibh an tír ag caitheamh i bhfad níos mó ná a shaothraigh sí, ach i gcás na hIodáile, tá farasbarr acu sa gcuntas reatha agus ag an gcéad leibhéal fioscach.

Ní hamháin sin, ach cuireann an Iodáil níos mó airgid isteach san Aontas ná mar a fhaigheann sí as. Sea, tá deiseanna ag an Iodáil nach raibh ag an nGréig.

Tá ráiteas amháin, mar sin féin, ó rialtas na hIodáile a d’fhéadfadh suaimhneas éigin a thabhairt don Aontas: is é sin go ndeir siad go mbeadh siad sásta athmhachnamh a dhéanamh ar an bplean don bhuiséad dá dtiocfadh sé chun solais nach raibh ag éirí leis!

N’fheadar cén suaimhneas a thabharfadh an ráiteas sin don AE.

Tá Luigi Di Laio, ceannaire na gCúig Réalt, ag rá go mbeadh an Iodáil ar ais i lámha shaineolaithe na déine dá ngéillfidís. “Ní fhéadfaidh muid géilleadh,” a deir sé.

Agus tá Matteo Salvini, ceannaire La Liga, ag fógairt nach ag ionsaí an rialtais atá an Bhruiséil ach ag ionsaí na ndaoine.

Seo é an dúshlán is mó a thug aon tír do rialacha an Aontais, agus tráth a bhfuil an Coimisiún ag dul chun aighnis leis an bPolainn, an Ungáir, Poblacht na Seice agus anois, an Rómáin, tá na hIodálaigh den tuairim go mbeidh tacaíocht acu in am na cinniúna.

Is spéisiúil chomh maith an Iodáil a bheith ag caint faoi dheireadh a chur leis na smachtbhannaí in aghaidh na Rúise mar d’fhéadfadh ábhar comhghuaillíochta nua in aghaidh údarás an Choimisiúin a bheith ansin chomh maith.

Is ar éigean go seasfadh rialtas na hÉireann leis na hIodálaigh, mar gheall ar iad a bheith chomh dílis sin don Eoraip agus don idé-eolaíocht nua-liobrálach atá taobh thiar den Chomhaontú Fioscach, ach is léir go bhfuil dlús á chur leis an díospóireacht faoin gcineál Aontais a bheidh san Aontas Eorpach sa bhfadtéarma nuair a bheas an Breatimeacht curtha as an mbealach.

Fág freagra ar 'Is mó an scéal bagairtí na hIodáile ná an Breatimeacht'