Is mó a bhí ar eolas agam faoi Abu Ghraib ná mo thírín féin go dtí gur léigh mé an leabhar Gaeilge seo

Chomh maith le bheith ina thaifead ar shaol na gcimí is uafás na bpríosún, cuntas fíorspéisiúil atá i ‘Pluid’ ar an gcaoi a dtéann an duine i ngleic leis an daoirse

Is mó a bhí ar eolas agam faoi Abu Ghraib ná mo thírín féin go dtí gur léigh mé an leabhar Gaeilge seo

Léirmheas
Pluid Scéal na mBlocanna H 1976-1981 Eoghan Mac Cormaic
Coiscéim €10

Nuair a casadh an leabhar seo liom le gairid bhí sórt faitíos orm tabhairt faoina léamh. Nárbh fhearr an díchuimhne féin ná cuimhneamh arís ar Ghaeil i ngéibheann i gcás lofa agus iad bréan ina gcraiceann dearg? Gar go maith dúinn ar bóthar a bhí Blocanna H an mhíchlú agus príosún Ard Mhacha ach inár gcloigeann bhaineadar le domhan eile nár thuigeamar. Nach amhais is buamadóirí a mharaigh leanaí agus a d’fhuadaigh máithreacha a bhí sa dream a raibh an chóir á ceilt orthu?

Is cuimhin liom go maith nuair a bhásaigh an Teachta Dála do Chabhán/Muineachán Ciarán Ó Dochartaigh ar stailc ocrais i 1981 an náire shaolta a bhí ar chuid againn nárbh fhiú le Tithe an Oireachtais an bhratach a ísliú in onóir dá gcomhghleacaí. Léiriú soiléir a bhí sa masla sin ar dhearcadh oifigiúil an stáit agus fhormhór an phobail sa gcuid seo den tír.

Creid é nó ná creid ach tá greann go leor sa leabhar seo, más dóite go maith féin atá cuid de. Tá mé fós ag gáire faoin gcuairteoir ‘bóihéamach’ siúd a chonaic ealaín sa gcac a bhí ar na ballaí.

Ní hin le rá nach oscailt súl atá ann faoin mbrúidiúlacht is an bhatráil a rinne oifigigh an stáit ar na cimí, brúidiúlacht a raibh faomhadh rialtas na Breataine aici agus ar chaoch rialtais an taobh seo an tsúil uirthi.

Léargas iontach ar chumhacht na meán is éifeachtúlacht na cinsireachta is ea m’aineolas faoin íospairt a rinneadh ar na príosúnaigh seo. Is mó a bhí ar eolas agam faoi Abu Ghraib ná mo thírín féin go dtí an saothar seo agus is mór a d’fhoghlaim an Meiriceánach ó bhraighdeanas na Breataine. Ní hé nach raibh Bord na gCuairteoirí ag teacht chuig na príosúin ach chonaic siad ar taispeánadh dóibh nó an rud a bhí uathu a fheiceáil. Nár tharla an rud céanna do mhná agus páistí sna hárais?

Chomh maith le bheith ina thaifead ar shaol na gcimí is uafás na bpríosún, cuntas fíorspéisiúil atá anseo ar an dílseacht is an bráithreachas agus an chaoi a dtéann an duine i ngleic leis an daoirse is an éagóir. Nach minic gurb é an teaghlach is gaire dúinn i gcás na hanachaine ach cheil an charcair é sin féin ar an dream a bhí ar an bpluid.

Bhí deartháir óg an údair níos lú ná 100 méadar uaidh ach ní bhfuair siad deis labhairt lena chéile ach cúpla uair ag an Aifreann. Níor scaoileadh a dheartháir isteach go dtí Patsy Ó hEaghra agus é ag saothrú an bháis leis an ocras nó go raibh sé ó aithne. An mhídhaonnacht chéanna a roinneadh ar Thomás McElwee agus a dheartháir Benny, nár ligeadh chuige go raibh corp Thomáis le haithint. Brúidiúlacht státurraithe ceann ar aghaidh seachas slándáil a bhí ansin.

Bhí trua agam do na hainchreidmhigh is na neamh-aifreannaithe sa bpríosún mar is léir ón saothar seo gurbh é an tAifreann an seó ab fhearr san áit. Deis le scéalta agus pleananna a roinnt, ceisteanna gramadaí a fhiosrú leis an sagart agus slám béadáin a bhailiú – andúiligh scéalta a bhí iontu agus b’ardú croí acu a chloisteáil go raibh líne i nuachtán éigin faoin bhfeachtas, fiú mura raibh.

Scéal ag an doras, tráth na gceist, crosfhocail agus ceachtanna ar na ballaí an caitheamh aimsire a cheap siad.

Caitheamh aimsire eile a mheil seal do na cimí ab ea rás na gcruimheanna a raibh plá acu ag ramhrú ar an mbréantas sa gcúinne. Ní hionadh gur fearr eolas an údair ar shaolré na cruimhe ná ag Éanna Ní Lamhna! Nach beag an t-iontas go raibh an ‘Galar Mar an gCéanna’ go rábach san áit.

Ardú croí a bhí sna héin a bhíodh sa gcúinne beag den chlós a raibh amharc acu air – glasóga, druideanna, gealbhain, préacháin agus ‘corrspideog’. Cuimhnigh gur lom a bhí a gcillín agus gan acu seo istigh ach an phluid agus an soitheach fuail sa gcúinne.

Cuirfidh gach duine a bhfuil aon chion aige ar an nGaeilge suim ar leith sa díocas, san fhiontraíocht agus san obair a rinne na príosúnaigh le Gaeilge a fhoghlaim agus gan leabhar ná páipéar ceart acu. Ba mhinic na múinteoirí céim bheag amháin chun cinn ar na foghlaimeoirí eile ach d’éirigh leo, fiú má ghin a bhfoclóir míthuiscintí barrúla ar uairibh. An phráinn a bhí acu as giota de shoiscéal Lúcáis a tugadh do dhuine acu mar go raibh focail nua ann. Chumadar téarmaí agus focail dá gcuid féin a bhí glic agus cuí agus rím Bhéal Feirste fite fuaite iontu.

Ar ndóigh bhí aidréanailín le fáil freisin as agóidí is scrios cillíní is troscán nuair a bhris na húdaráis a ngeallúintí.

Scéal nach gcreidfinn in úrscéal is ea scéal an raidió criostail a bhí faoi chúram an údair agus a bhí i bhfolach istigh ina cholainn aige, folach a bhí ar earraí go leor eile freisin. An Rud Eile is Maggie Taggart a baisteadh ar an bhfoinse eolais seo agus nach é Eoghan a bhí i ngalar na gcás nuair a chuala sé go raibh Bobby Sands tofa ach gan é ag iarraidh go dtuigfeadh na coimhéadóirí go raibh an boc luachmhar aige.

Cuimhnigh go raibh na fir seo ar agóid níocháin agus go ndearnadh arm brúidiúil dídhaonnaithe eile den fholcadán. Scáthán faoi do thóin le thú a chuardach is a ghlanadh in aghaidh do thola agus tú a fhágáil ansin i do líbín i gcillín báite i do chraiceann dá ndéanfá aon ghearán. Ní fhéadfainn athinsint a dhéanamh ar na hainghníomhartha.

Chaith an t-údar cúig bliana déag i bpríosún, cosamar cúig bliana ar an bpluid lena chur in iúl don stát agus don saol mór gur feachtas polaitiúil a bhí ina throid agus aitheantas dá réir dlite dó.

D’fhulaing sé íospairt, maslaí agus éagóir. Chaith sé go leor den am sin ag fanacht leis an gcéad ghleadhradh eile ina chillín agus é ag éisteacht le torann teann na mbróg ag déanamh airsean a bhí nocht ó chos go ceann. Chonaic sé deichniúr dá chomrádaithe agus dá chairde á ligean chun báis go mall pianmhar nuair ab fhurasta a raibh uathu a cheadú. Tugann sé a n-aitheantas dóibh ag deireadh an leabhair seo.

Ní bhfaighidh tú sa leabhar seo idé-eolaíocht ná polaitíocht mar a thuigeann cuid againn an cheird sin. Bhíodar dubh dóite di agus éisteacht ní raibh ann don chraic sin. An bhfuil ceacht tábhachtach ansin?

Nuair a chliseann gnó na polaitíochta cén uirlis eile a bhíonn fágtha ag daoine a aithníonn an éagóir? Ní bhfaighidh ann ach an oiread scéal a n-íospartach is a muintire a d’fhulaing a dhá oiread, gan aon laochas, an taobh eile den bhalla. An saol agus an duine faoi ghlas amháin atá le fáil anseo seachas aon athmhachnamh ná iardhearcthaí.

Bronnadh duais Oireachtais ar an leabhar seo agus tá leagan Béarla den leabhar foilsithe freisin.

Marach amháin a fuair mise ar an leabhar seo gur róchosúil le téacsleabhar scoile an cruth atá air.

Tar éis dhá léamh a dhéanamh air, ní thuigim fós an marú mar uirlis, agus sin sular gearradh aon phríosún orthu. Ní orm a bhí an bhróg ag luí, is dóigh.

Tá leabhar eile uaim, cumas an duine téarnamh ón gciapadh agus ón éagóir uafásach sin agus saol fiúntach folláin a chaitheamh le do mhuintir, más indéanta sin ag aon duine.

Fág freagra ar 'Is mó a bhí ar eolas agam faoi Abu Ghraib ná mo thírín féin go dtí gur léigh mé an leabhar Gaeilge seo'

  • Colm Ó Cinnseala

    Mar a tharlaíonn sé beidh lánseáil den leabhair Pluid ar bun sa Chrúiscín Lán sa Spidéal ar an gCéadaoin an 21 Méan Fómhair ag 7.30 in. Beidh an t-údar Eoghan i láthair agus beidh sóláistí ar fáil. Beidh seisiún cómhrá mar chuid den oíche agus beidh deis ag baill den phobail ceisteanna a chur ar Eoghan.

  • Eoghan

    Tá mé ag súil go mór leis sin a Choilm.

  • Antóin

    “Léargas iontach ar chumhacht na meán is éifeachtúlacht na cinsireachta” An-ráite agat. Oscailt súl freisin is ea na leabhair agus na paimfléid a d’fhoilsigh an tAthair Denis Faul agus an tAthair Raymond Murray thar na blianta ina ndéanann siad cur síos ar mhí-úsáid cumhachta, chiapadh, imeaglú, agus dhrochíde mhaslach. Mar shampla sa leabhar State Violence le Raymond Murray: idir 11 Samhain 1982 and 1 Márta 1983, rinneadh 722 lomchuardach ar 40 bean i bPriosún na mBan in Ard Mhacha. Ba phríosúnaigh fadtéarma formhór acu nár fhág an príosún riamh.

  • Eoghan

    An ceart agat a Antóin. Tá cúpla leabhair nua-fhoilsithe arbh fhiú léamh faoin tréimhse sin:John Lennon’s Dead le Síle Darragh (eagrán nua 2022) agus The Armagh Women le Gerry Adams agus Richard Mc Auley (2022, An Fhuiseog).