Deir Mirjana Spoljaric go raibh a ndínit mar dhaoine á séanadh ar Phalaistínigh. Dúirt go raibh an dlí daonnúil idirnáisiúnta á threascairt ag Iosrael.
Is measa Gaza anois ná ifreann i measc na mbeo, a deir Uachtarán Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge.
Agus í faoi agallamh ag an BBC, d’áitigh Mirjana Spoljaric go raibh a ndínit mar dhaoine á séanadh ar Phalaistínigh. Bhí an dlí daonnúil idirnáisiúnta á threascairt ag Iosrael, a dúirt sí.
Níor osclaíodh na hionaid dáilte fóirithinte in aon chor in Gaza inniu mar gur fhógair údaráis mhíleata Iosrael gur “ceantair chomhraic” iad na bóithre a théann go dtí na hionaid sin.
I ráiteas ó Fhondúireacht Dhaonnúil Gaza (GHF), dúradh go raibh na hionaid fóirithinte á ndúnadh chun “uasdátú a dhéanamh agus feabhas a chur ar eagrúchán agus ar éifeachtúlacht”. Gréasán fóirithinte conspóideach é GHF a bhfuil tacaíocht na Stát Aontaithe agus Iosrael aige agus a chuaigh i mbun oibre in Gaza den chéad uair an tseachtain seo caite.
Mharaigh urchair de chuid Iosrael ar a laghad 27 Palaistíneach inné agus iad ag iarraidh cúnamh daonnúil a fháil in aice le hionad dáilte in Gaza.
Dúirt Atef Al-Hout, stiúrthóir Ospidéal Nasser in Khan Younis, gur leonta ag urchair a bhí go leor de na daoine a tháinig ag an ospidéal ó na hionaid sin.
Ba é sléacht an lae inné an tríú ceann le trí lá a tharla agus daoine ar a mbealach go dtí ionaid fóirithinte an GHF.
D’admhaigh Fórsa Cosanta Iosrael [IDF] gur scaoil a dtrúpaí urchair nuair a chonaic siad daoine a raibh “amhras” orthu fúthu ag teacht faoina ndéin agus iad “ag imeacht de na bealaí rochtana a bhí ceadaithe”.
Mar bharr ar an uafás, tá Cumann an Chorráin Dheirg sa Phalaistín tar éis tuairisc léanmhar ó dhuine dá bhfoireann, oibrí paramhíochaine, a chur ar fáil ina maíonn sé gur chuala sé trúpaí Iosraelacha ag scaoileadh urchar le chéad fhreagróirí a bhí fós beo tar éis ionsaí a rinneadh in Gaza deich seachtaine ó shin.
I ndiaidh ionsaí de chuid arm Iosrael ar chonbhua feithiclí éigeandála ar an 15 Márta, maraíodh 15 dhuine dhéag idir lucht leighis agus oibrithe fóirithinte. Beirt de na chéad fhreagróirí a thug a mbeatha leo ón ionsaí sin ar an gconbhua. Duine díobh é Asaad al-Nasasra, 47 bliain d’aois, a deir gur choinnigh fórsaí Iosrael faoi choinneáil é ar feadh 37 lá tar éis an ionsaithe agus gur céasadh é.
In olluaigh a thángthas ar choirp an chúig dhuine dhéag a maraíodh, paramhíochaineoirí agus oibrithe fóirithinte, ina dhiaidh sin.
Fág freagra ar '‘Is measa Gaza ná ifreann i measc na mbeo’ – Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge'