‘Is measa an dara maidhm seo ná an chéad mhaidhm’ – ospidéil an Tuaiscirt faoi bhrú mór

Thug Iontaobhas an Tuaiscirt le fios go raibh 33 duine ag fanacht ar leaba in Ospidéal Cheantar Aontroma

‘Is measa an dara maidhm seo ná an chéad mhaidhm’ – ospidéil an Tuaiscirt faoi bhrú mór

Tá ospidéil an Tuaiscirt “faoi bhrú mór” agus é ag dul dian ar oibrithe sláinte dul i ngleic leis an dara maidhm cásanna, a deir an Bord Sláinte agus Cúram Sóisialta.

Thug Iontaobhas an Tuaiscirt le fios go raibh 33 duine ag fanacht ar leaba in Ospidéal Cheantar Aontroma.

Tá iarrtha ar othair gan freastal ar an aonad éigeandála mura bhfuil cúram leighis ag teastáil ar bhonn práinne uathu.

Dúirt stiúrthóir oibríochtaí an Iontaobhais, nach in ospidéal Aontroma amháin a bhí fadhb agus go raibh “roinnt ospidéal” faoi bhrú.

Dúirt an Dr Tom Black, Cathaoirleach Chumann Leighis na Breataine  gurb í seo an tseachtain is measa ag NHS an Tuaiscirt le cuimhne na ndaoine.

Dúirt sé go raibh trí mhórfhadhb i dteannta a chéile ag cur as don tseirbhís – líon ard na n-oibrithe a bhí amuigh tinn, brú an gheimhridh agus an bhrúisc de chásanna Covid-19.

Dúirt sé go raibh “baol mór” ann nach mbeadh ar chumas an chórais dul i ngleic leis na fadhbanna sin sna seachtainí amach romhainn.

“Dealraíonn sé gur measa an dara maidhm seo ná an chéad mhaidhm. Níl an oiread céanna daoine ag fáil bháis mar go bhfuil na dochtúirí an-mhaith ag coinneáil daoine beo le stéaróidigh agus drugaí eile, ach an imní atá orainn ná, an dtiocfaidh róbhrú ar an tseirbhís sláinte.

“Bhí dochtúirí teaghlaigh faoi an-chuid brú le sé, seacht, ocht seachtaine anuas. Anois is é seal na n-ionad éigeandála é.

“Tá siad faoi bhrú mór, na bardaí leighis ginearálta, tá siad faoi bhrú mór agus, mar a deirim, ní le dóthain leapacha a bheith ann amháin a bhaineann sé ach le dóthain oibrithe a bheith ann freisin,” arsa an Dr Tom Black, Cathaoirleach Chumann Leighis na Breataine.

Bhí 39 othar a raibh Covid-19 orthu in aonaid dianchúraim an Tuaiscirt aréir agus tuairiscíodh nach raibh ach naoi leaba ICU eile ar fáil.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inné 727 cás nua den víreas.

2,543 duine a fuair bás de dheasca an Covid-19 in Éirinn go dtí seo, 658 duine ó thuaidh den teorainn agus 1,885 ó dheas di.

92,899 cás den ghalar atá deimhnithe go dtí seo, 58,067 ó dheas agus 34,832 ó thuaidh.

Fág freagra ar '‘Is measa an dara maidhm seo ná an chéad mhaidhm’ – ospidéil an Tuaiscirt faoi bhrú mór'