Is maith iad briathra binne Sunak, ach níl breac ar an bport go fóill

Is léir gur mian le Rishi Sunak agus a Státrúnaí do Thuaisceart Éireann an laincis a chuir an chonspóid faoin bprótacal iarBhreatimeachta orthu a scaoileadh

Is maith iad briathra binne Sunak, ach níl breac ar an bport go fóill

Léargas ar an dhrochbhail a bhí ar an gcaidreamh Angla-Éireannach le tamall ab ea gur gheall le sneachta samhraidh é gur fhreastail Rishi Sunak ar Chomhdháil na Breataine-na hÉireann Déardaoin. Ní raibh Príomh-Aire na Breataine ag an gcomhdháil sin ó bhí Gordon Brown ann in 2007. Ba é Sunak an chéad Chaomhach a d’fhreastail uirthi ariamh. Tá súil thall agus abhus go mbeidh rath ar an bhfeabhas atá ag borradh, cor sa scéal gur chuir an Taoiseach, Micheál Martin agus an Príomh-Aire Sunak fáilte roimhe i ndiaidh a gcruinnithe in Blackpool.

Bhí an t-amhras agus an doicheall a chothaigh rialtas Boris Johnson i leith na Bruiséile fite fuaite leis an teannas idir é agus Éirinn. Ghoill sé ar lucht an Bhreatimeachta gur mhó ag rialtas na hÉireann leas na tíre mar bhallstát den Aontas Eorpach ná éilimh na dTóraithe. Ina theannta sin, d’fheil sé do Johnson agus a lucht tacaíochta an tAE a bheith mar cheap milleáin acu chun gothaí an laochais a chur orthu féin.

Anois faoin tríú Príomh-Aire le deich seachtaine, tá port nua ag rialtas na Breataine. Meastar sa Bhruiséil agus i mBaile Átha Cliath gur mian leis an bPríomh-Aire nua aighneas trádála leis an AE a sheachaint agus go bhfuil sé dáiríre nuair a deir sé gur comhréiteach faoin bprótacal agus ceisteanna eile atá uaidh. I bhfianaise na géarchéime eacnamaíochta agus an brú iarBhreatimeachta ar chomhlachtaí, bheadh sé amaideach a thuilleadh fadhbanna a chothú. Is léir nach bhfuil rath i ndán do rialtas na dTóraithe murar féidir leo an scoilt sa pháirtí a bhaineann leis an mBreatimeacht a leigheas, nó a mhaolú ar a laghad. Is léir gur mian le Sunak agus a Státrúnaí do Thuaisceart Éireann an laincis a chuir an chonspóid faoin bprótacal iarBhreatimeachta orthu a scaoileadh.

Nuair a d’fhógair Chris Heaton-Harris, Státrúnaí Thuaisceart Éireann, in Westminster Dé Céadaoin go raibh toghchán an Tionóil curtha ar an méar fhada aige, leag sé béim ar an deis a thug an sos le dul chun cinn a dhéanamh. Thabharfadh an briseadh ama deis dul chun cinn a dhéanamh sna cainteanna idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach. Mhaígh sé gurb é athbhunú Stormont ar bhonn bisiúil príomhthosaíocht an rialtais. Dhearbhaigh sé chomh maith go raibh an rialtas tiomanta don gcaidreamh Angla-Éireannach agus Angla-Eorpach a fheabhsú agus mhaígh sé go raibh go leor déanta le roinnt seachtainí chun feabhas a chur ar an dá chaidreamh sin.

I ndiaidh an chruinnithe idir an Taoiseach agus an Príomh-Aire Sunak, dúirt Micheál Martin go raibh an t-atmaisféar sna cainteanna idir an Bhreatain agus an tAE níos fearr ná mar a bhí. Ghlac an Taoiseach leis gur theastaigh réiteach comhaontaithe ón bPríomh-Aire Sunak. Chreid sé go raibh an Bhreatain agus an Bhruiséil diongbháilte go dtabharfaí faoin idirbheartaíocht go dúthrachtach chun an tsáinn faoin bprótacal iarBhreatimeachta a rialaíonn socruithe trádála ar an oileán seo a fhuascailt. Ba léir gur mhór an faoiseamh é go raibh an ghoimh á baint as an gcaidreamh ach theastaigh uaidh feoil a fheiceáil ar chnámha an réitigh.

Sin é a theastaíonn ón gcoitiantacht i dTuaisceart Éireann a fheiceáil freisin. Cé gur athdhearbhaigh Sunak in agallamh i ndiaidh an chruinnithe gur theastaigh réiteach trí idirbheartaíocht uaidh, díol suntais ab ea é gur dhúirt sé go raibh dochar déanta ag an bprótacal do ról Thuaisceart Éireann san Ríocht Aontaithe. Sin é gearán na bpáirtithe aontachtacha agus na ndílseoirí cé go gceapann go leor eile gur bunús mothúchánach seachas bonn loighciúil atá leis. Is léir go bhfuil na fadhbanna a bhaineann leis ‘an teorainn i Muir Éireann’ infhuascailte ach ní léir conas a shásófar iad sin a mhaíonn go bhfuil siad scartha ón Ríocht? Conas a láimhseálfaidh Sunak é sin?

Tá an DUP neamhghéilliúil faoi shocrú ar bith nach mbeadh ag teacht lena seacht n-éileamh féin. Ina measc sin tá coinníollacha ar nós chomhlíonadh Acht an Aontais agus diúltú do ról ar bith don Chúirt Eorpach, spriocanna nach bhféadfadh an Bhreatain ná an tAE glacadh leo, a deirtear. Ní dea-thuar é sin d’aidhm Chris Heaton-Harris Stormont a chur ar ais ar a bhoinn taobh istigh de mhíonna. Ní dea-thuar é ach oiread do dhaoine atá buailte ag an ngéarchéim costas maireachtála agus gan aon údar dóchais acu go bhfaighidh siad cabhair go luath.

Tá blas ar an gcaint dhearfach, ar an dea-thoil, go fiú ar an siar is aniar faoi thoghchán Tionóil a bheith ar na bacáin nó gan a bheith.

Nuair atá deireadh ráite, áfach, nil iontu ach comharthaí dóchais; is maith ann iad ach thar am ar bith ariamh, nuair atá daoine fuar agus ocrach, ní bheathóidh na briathra na bráithre.

Fág freagra ar 'Is maith iad briathra binne Sunak, ach níl breac ar an bport go fóill'

  • An Teanga Bheo

    Nach minic plámas i gceist, ach beart de réir ár mbriathra atá óiriunach.