Is lú an baol dúlagair i gcás duine a bhfuil radharc ar an bhfarraige aige – ESRI

De réir taighde nua tá buntáistí móra ó thaobh meabhairshláinte ag baint le radharc maith farraige a bheith ag duine atá ag dul anonn san aois

Is lú an baol dúlagair i gcás duine a bhfuil radharc ar an bhfarraige aige – ESRI

Is lú go mór an seans go dtiocfaidh an dúlagar ar dhuine atá ag dul anonn in aois má bhíonn radharc maith ar an bhfarraige aige.

De réir taighde nua de chuid an ESRI, ba lú an baol go dtiocfadh an dúlagar ar dhaoine dá ghaire don chósta a chónaíonn siad. 

Fuarthas, áfach, gur bhain an difríocht is suntasaí maidir le baol dúlagair idir iadsan nach raibh aon radharc ar an bhfarraige acu agus iadsan a raibh radharc fairsing ar an bhfarraige acu, agus baol dúlagair i bhfad níos lú ann ina measc siúd a raibh radharc maith acu. 

De réir an taighde, fad is a bhaineann sé le buntáistí meabhairshláinte, is tábhachtaí radharc ar an bhfarraige a bheith ag duine atá ag dul anonn san aois ná a ghaire is atá sé don fharraige.

Ba léir na buntáistí a bhaineann le radharc farraige fiú nuair a cuireadh tosca eile a laghdódh an baol dúlagair san áireamh, ina measc aois, inscne, stádas socheacnamaíochta, úsáid cógais agus caidreamh sóisialta. 

Dúirt Anne Nolan ón ESRI gur léirigh an taighde an gá atá le pleanáil cheart cois cósta.

“Léiríonn an taighde seo na buntáistí ó thaobh sláinte phoiblí a bhaineann le polasaithe chun cosaint a dhéanamh ar spásanna gorma cois cósta agus barr feabhais a chur orthu, agus is cóir dá réir na buntáistí sin a chur san áireamh sa phleanáil uirbeach”.

Fág freagra ar 'Is lú an baol dúlagair i gcás duine a bhfuil radharc ar an bhfarraige aige – ESRI'