Is leor liom pobal breá léitheoireachta na Gaeilge…

Mar chuid den togra Láithreach Bonn, d’fhiafraíomar de chuid de scríbhneoirí na Gaeilge, an scríbhneoir Eorpach thú? 

Is leor liom pobal breá léitheoireachta na Gaeilge…

Baineann Roberto Calasso ceann dá leabhar, Le nozze di Cadmo e Armonia, le cur síos ar Europa agus ar an tarbh a d’fhuadaigh í. Tá mé á shamhlú sin. Nílim in ann teacht ar mo chóip féin den leabhar (an t-aistriúchán Béarla le Tim Parks, Sasanach a chónaíonn san Iodáil). An chaoi a bhfuil cúrsaí plá faoi láthair ní fheicim mé féin ag filleadh ar an leabharlann in Ollscoil Mhá Nuad chun an t-iomlán a sheiceáil go dtí am éigin an bhliain seo chugainn. 

Ach is cuimhin liom an chaoi ar fhreagair mé don scéal: admháil go raibh sé iontach, álainn fiú, ar bhealach gránna éigin, agus ina dhiaidh sin, éad. Éad mar go raibh miotas faoin Eoraip ar fáil do Chalasso a bhain ar bhealach éigin lena dhúchas féin. An t-éad céanna a bhí orm agus mé ag breathnú ar mionatáir Phicasso ag pramsáil leo go mealltach leathbhagarthach in Menton, nó b’fhéidir gur in Antibes é, ar chanbháis dhifriúla. Ainneoin Tairbh na Tána, ainneoin na dtáinte bó ó Fhraoch go Fuascailt, ainneoin Daedalus an tSeoigh, tá sé dian Europa, an tarbh, agus an trealamh liteartha sin ar fad a fhí isteach in aon mhiotas pearsanta bríomhar Gaelach.

Is déanach go maith, braithim, a leag ainnirín álainn na miotaseolaíochta Gréagaí troigh ar thrá gheal in Éirinn. An t-am céanna a tháinig Palladio chugainn, seans. Níorbh fhada ann don iníon gur rug an íoróin Ghaelach barróg uirthi: I axed her was she the fair one, an bandia úd ‘bhí ag Iúpatar, or some brightsome vestal deity chaith tréimhse seal in Ifreann. 

Níl sa mhéid sin ach an t-ualach oidhreachta a gcaithfimid uile dul i ngleic leis, idir chultúr, chreideamh, chiníochas agus chruálachas. Ainneoin an fhoréigin, ainneoin, mar shampla, an drochíde a thug Schäuble do mháthair na miotas Eorpach (gníomh danartha nár bheag a bhaint le himeacht Shasana as an Eoraip tamall ina dhiaidh sin), fós ba mhaith liom a cheapadh gur scríbhneoir Eorpach mé. 

Tá an chumarsáid leataobhach, áfach. Más ceadmhach dom tagairt a dhéanamh d’aperçu le Gearóid Denvir tamall de blianta ó shin i gcomhthéacs aosa liteartha an Bhéarla: léann muide a gcuid siadsan ach ní léann siadsan ár gcuidne. Seo mé ar thrá éigin ar chósta na hÉireann ag croitheadh láimhe go fíochmhar leo uile ó Mharcus Tullius go Thomas Mann, ó Waldo go Wittgenstein, Søren Kierkegaard go Anselm Kiefer, Louis XV go Édouard Louis, Anaximandros, d’fhéadfá a rá, go Jan Dismas Zalenka. Ní fheiceann siad mé. Ní miste liom; ní trá fholamh í. Is leor liom pobal breá léitheoireachta na Gaeilge; gan trácht ar an taisce diamhair staire, miotaseolaíochta, cultúir agus socheolaíochta againn féin.

Is scríbhneoir é Liam Mac Cóil. Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith

Fág freagra ar 'Is leor liom pobal breá léitheoireachta na Gaeilge…'