Is léir nach bhfuil ag éirí le hionsaithe Shinn Féin ná gealltanais Fhine Gael

Is beag polaiteoir sa tír nach bhfuil ag réiteach don chéad olltoghchán eile ar feadh an ama

Is léir nach bhfuil ag éirí le hionsaithe Shinn Féin ná gealltanais Fhine Gael

De réir chuile chosúlacht tá imní ag teacht ar Fhine Gael faoina bhfuil i ndán dóibh sa gcéad toghchán eile. Tá na nuachtáin lán le tuairiscí faoin míshástacht le ceannaireacht Leo Varadkar a bheith ag dul i méid. Ar chúis éigin, cé go bhfuil an t-olltoghchán bliain go leith ar a laghad uainn (más fíor) is léir na páirtithe ar fad a bheith ag meas cén áit a seasann siad i súile an phobail. Ní maith le Fine Gael, go háirithe, a bhfuil le feiceáil acu.

Tá Fine Gael i gcumhacht le dhá bhliain déag. Sin tréimhse fhada ag páirtí ar bith i rialtas. Tá siad i rialtas le tacaíocht Fhianna Fáil nó i gcomhrialtas le Fianna Fáil ar feadh cuid mhaith de na blianta sin ón olltoghchán in 2017.

Tá imní sa dá pháirtí ó shin agus míshásamh go mbeidh an pobal ag breathnú orthu mar aon pháirtí amháin. Déanta na fírinne tá an méid sin fíor i measc go leor den phobal cheana a chreideann nach bhfuil tráithnín eatarthu.

Is féidir leis sin a bheith ina chabhair nuair atá comhoibriú ag teastáil ach cruthaíonn sé deacrachtaí nuair atá na páirtithe ar na doirse ag iarraidh tacaíochta ón bpobal.

Is beag polaiteoir sa tír nach bhfuil ag réiteach don chéad olltoghchán eile ar feadh an ama ach go háirithe anois agus an aimsir go breá. Le dhá bhliain anuas, tá Sinn Féin go mór chun cinn sna pobalbhreitheanna agus páirtithe an rialtais trí chéile ag iarraidh iad féin a chosaint ar ionsaithe faoi pholasaithe sláinte agus tithíochta.

Léiríonn an phobalbhreith a foilsíodh an tseachtain seo san Irish Times nach bhfuil ag éirí le Sinn Féin agus a gcuid ionsaithe diúltacha. Léiríonn sé freisin go bhfuil an pobal níos tógtha le caint mheáite agus stuama an Tánaiste agus an Aire Airgeadais ná le gealltanais Fhine Gael.

Sular foilsíodh an phobalbhreith ar chor ar bith dúirt an Taoiseach lena chomhghleacaithe sa bpáirtí parlaiminte gan a bheith ag clamhsán go poiblí faoi cheannaireacht an pháirtí.

Sheas roinnt ionadaithe leis agus spéisiúil go leor meabhraíodh don chruinniú trí chéile go bhfuil drochnós ag Fine Gael ceannairí a dhíbirt nuair a bhuaileann faitíos iad agus nuair a éiríonn siad mífhoighneach. Níl againn ach cuimhneamh ar Alan Dukes agus Michael Noonan gan trácht ar an iarracht a rinneadh Enda Kenny a threascairt.

Beidh an Dáil ina suí go lár mhí Iúil agus ina dhiaidh sin beidh tréimhse dhá mhí ann a mbeidh polaiteoirí i measc na cosmhuintire. Cloisfidh siad tuairimí an phobail agus fillfidh siad sa bhfómhar le brí nua le tabhairt faoin gcáinaisnéis.

Nó an mbeidh an bhrí sin ceilte ag imní faoi gcaoi a ndéanfar idirdhealú idir na mórpháirtithe a mheallfaidh daoine le vóta a thabhairt dóibh. Dúshlán é seo a bheidh le sárú ag Fine Gael agus Fianna Fáil agus iad ag iarraidh an t-idirdhealú sin eatarthu a chur ina luí ar dhaoine sna míonna seo romhainn.

Fág freagra ar 'Is léir nach bhfuil ag éirí le hionsaithe Shinn Féin ná gealltanais Fhine Gael'

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Nach ait é an ceannlíne atá thuas ag díriú ar Shinn Féin agus gan ach tagairt beag amháin orthu san alt go léir?