Is iontach go bhfuil Gaeilge agus Fraincis ag mo mhac agus gan aige den Bhéarla ach an méid a chuirfeadh an cat amach!

Tugann aistritheoir Gaeilge san AE léargas ar an dúshlán a bhaineann leis an chomórtas d’aistritheoirí atá ar siúl faoi láthair agus ar na buntáistí a ghabhann le saol an aistritheora sa Bhruiséil

Is iontach go bhfuil Gaeilge agus Fraincis ag mo mhac agus gan aige den Bhéarla ach an méid a chuirfeadh an cat amach!

Dhá dtrian den obair toiseacht…

‘Scríobhfaidh mé féin alt,’ arsa mé féin! Bhí an focal as mo bhéal agam nuair a smaoinigh mé: cad é faoin spéir a déarfaidh mé ann! Arae tá neart scríofa agus ráite ag comhghleacaithe liom, agus ag lucht tráchtaireachta anseo sa Bhruiséil agus in Éirinn féin, faoina fheabhas atá an saol anseo ag aistritheoirí an Aontais Eorpaigh, faoin dóigh a gcaitear go maith linn mar ghairmithe teanga, faoin tuarastal mhaith srl. Agus is fíor an méid sin ar fad. Leoga, ó tharla go raibh mé féin ag drandán liom ar an téad chéanna an uair dheireanach a scríobh mé píosa faoi chomórtas EPSO d’aistritheoirí Gaeilge, chuaigh sé crua orm an iarraidh seo smaoineamh ar ábhar nua a thabharfadh le fios go macánta gur mhaith do dhuine a bheith ag obair do na hinstitiúidí Eorpacha sa Bhruiséil nó i Lucsamburg.

Tamall beag ó shin cuireadh síneadh coicíse leis an spriocdháta le haghaidh iarratais ar an chomórtas atá ar siúl faoi láthair; níl fágtha anois ach beagán faoi bhun seachtaine. Bhí sé chomh maith agam dul i mbun pinn agus féachaint le léargas nua éigin a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann leis an chomórtas agus ar na buntáistí a ghabhann le saol an aistritheora abhus. 

Níor éirigh liom an chéad uair

Cé gur chuir mé isteach ar chomórtas EPSO in 2012, níor éirigh liom an t-am sin. Sháraigh orm sa triail iontrála (tástálacha síciméadracha amhail réasúnaíocht theibí, uimhriúil agus bhriathartha), rud a d’fhág nach bhfuair mé an seans triail aistriúcháin a dhéanamh. Arbh fhéidir gur chreid mé i mo chroí istigh go n-éireodh liom agus gan ach beagán ullmhúcháin a dhéanamh? Nach minic a chualamar uile daoine ag rá ‘Beidh mé go breá!’. Ach ní raibh!

Ar a laghad ar bith thuig mé cad é a bhí romham an chéad uair eile a thug mé faoin chomórtas, in 2016. Tá mé ar dhuine den bheagán a tháinig slán tríd an chomórtas sin agus tá post buan anois agam sa Choimisiún Eorpach. Ní hé gur tháinig claochlú éigin orm a d’fhág go raibh mé níos cliste an dara hiarraidh. Níl ann ach go raibh sé tuigthe agam, an dara hiarraidh, go dteastódh ullmhúchán, obair agus dúthracht. Caithfidh duine a bheith toilteanach coinneáil air go ceann an bhealaigh, bíodh an bealach sin fada nó gairid, cothrom nó crochta.

Buntáistí breise

Tháinig cor i mo shaol ó shin – tá cúram nua orm anois agus mac ar an tsaol agam; tá sé chomh maith agam cúpla focal a rá faoi thógáil clainne. Tig liom a rá go bhfuil na hinstitiúidí fial i dtaobh liúntas na bpáistí. Nuair a tchífidh duine na liúntais réamhscolaíochta srl. ag preabadh isteach ina chuntas gach mí, tuigfidh sé go mbeidh sé in ann a sháith clúidíní agus bainne a cheannach ar an méid sin! (I dtaca le lánúin scartha, rachaidh an t-airgead sin i gcuntas mhamaí na bpáistí, go hiondúil.) Lena chois sin tá ag méadú ar líon na bpáistí atá á dtógáil le Gaeilge sa Bhruiséil. Mar sin, beidh cuideachta mhaith ag páistí a bhfuil Gaeilge acu sa bhaile.

Is dóigh go mbíonn imní ar chorrdhuine go mbeadh a gcuid páistí gan Béarla – cad é mar d’éireodh leo nuair a d’fhillfidís ar Éirinn? Is iontach an rud é go bhfuil mac agam a bhfuil Gaeilge agus Fraincis aige, agus gan aige den Bhéarla ach an méid a chuirfeadh an cat amach! Ach ar ndóigh beidh Béarla aige, go cinnte; bheadh agat le bheith i do chónaí i mbuidéal ar an aimsir seo le gan an Béarla a thógáil. Na páistí a théann ar na Scoileanna Eorpacha (scoileanna do chlann fhoirne na n-institiúidí Eorpacha) mar shampla, tá Béarla chomh maith acu agus atá ag Sasanach ar bith. Tá aithne agam ar chomhghleacaithe a chuir a gcuid páistí ar scoil Fraincise; ní labhraíonn siad ach Gaeilge sa bhaile, agus chuir siad na páistí chuig ranganna príobháideacha Béarla – a bhuí leis an tuarastal bhreá, bhí sé ar a n-acmhainn sin a dhéanamh. Nach mór an buntáiste ag páistí dhá theanga eile a bheith acu chomh maith lena dteanga féin? Agus foghlaimeoidh siad an ceathrú ceann ar ball – an Ollainnis – agus sin roimh fhágáil na bunscoile dóibh!

Tá scolaíocht den scoth ar fáil anseo sa Bhruiséil, ó leibhéal na naíolainne suas go dtí an dara leibhéal; tiocfaidh na daltaí as an chóras scolaíochta ar ball agus trí nó ceithre cinn, ar a laghad, de mhórtheangacha na hEorpa ar a dtoil acu.

An comórtas féin

Is mór idir an comórtas seo agus an ceann deireanach. Dar liom gur athrach chun feabhais atá i leagan amach nua na dtrialacha. Nuair a bhí mé féin ag gabháil dóibh, bhí agam leis na trialacha síciméadracha a dhéanamh ag an chéad chéim den phróiseas, agus pas a fháil iontu sin sula bhfaighinn deis dul faoi thriail aistriúcháin. Ní hamhlaidh a bheidh an iarraidh seo. Tabharfaidh na hiarrthóirí faoin aistriúchán sa chéad chéim, rud a fhágfaidh go bhfaighidh siad amach go luath sa phróiseas an bhfuil siad inchurtha leis an ghairm. Ansin má éiríonn leo, is cinnte go spreagfaidh sin iad le hullmhúchán breise a dhéanamh le haghaidh an dá chéim eile – na trialacha síciméadracha agus an t-ionad measúnaithe.

I dtaca leis an triail aistriúcháin de, ní gá do dhaoine eagla ar bith a bheith orthu roimh an chineál téacs a bheidh le haistriú acu. Ní téacsanna reachtacha a bhíonn iontu, agus ní bhíonn siad breac le saintéarmaí. Gnáththéacsanna a bhíonn iontu den chineál a léifeá in irisí amhail The EconomistLe Nouvel Observateur.

Idir dhá chomhairle?

Seans nach bhfuil aon chur amach agat ar an Bhruiséil, ná ar Lucsamburg, agus go bhfuil drogall éigin ort faoi theacht amach anseo. Mholfainn duit an cinneadh sin a fhágáil go dtí lá níos faide anonn, ach an t-iarratas a dhéanamh anois agus tabhairt faoi na scrúduithe. Tá an deis ann ach í a thapú, ach ná cuir ar an mhéar fhada í nó beidh an t-am istigh roimh i bhfad.

áTá gach eolas faoin gcomórtas, agus an leathanach ar a ndéantar an t-iarratas, tá sin le fáil anseo. An spriocam nua don chomórtas an 20 Meán Fómhair 2018.

Fág freagra ar 'Is iontach go bhfuil Gaeilge agus Fraincis ag mo mhac agus gan aige den Bhéarla ach an méid a chuirfeadh an cat amach!'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Postanna íontacha sa mBruiséil agus i Luxemburg do dhaoine le ardscileanna teanga ag aistriú cáipéisí an AE nach léifear go Gaeilge agus ganntan daoine leis na sainscileanna céanna in Éirinn!