Is ionann toghchán a chur ar an méar fhada agus cearta daonlathacha a cheilt

Moladh Karen Bradley go gcuirfí ar fionraí an riachtanas reachtúil toghchán a ghairm sa Tuaisceart roimh an 21 Deireadh Fómhair le plé in Westminster amárach

Is ionann toghchán a chur ar an méar fhada agus cearta daonlathacha a cheilt

Céim neamhchoitianta ab ea é. Cáineadh ón gCoimisiún Toghchánaíochta ar chinneadh rialtas na Breataine síneadh ama eile a cheadú chun toghchán Stormont a sheachaint.

Beidh plé sa Pharlaimint in Westminster amárach agus Dé Máirt ar mholadh a chuir Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Karen Bradley ar an gclár oibre Déardaoin seo caite chun a chinntiú nach mbeadh riachtanas reachtúil ann toghchán a ghairm roimh an 21 Deireadh Fómhair seo chugainn nó, fiú an 13 Eanáir 2020.

Ba é an moladh sin an leide ba shoiléire nach raibh aon choinne sa ngearrthéarma le margadh sna cainteanna a bunaíodh in Stormont naoi seachtaine ó shin. Tháinig sé sna sála ar bhabhta scamhailéireachta ar na meáin idir Sinn Féin agus an DUP faoi easpa tiomantais don tóir ar fhuascailt na sáinne. Chuir idirbheartaitheoir Shinn Féin, Conor Murphy i leith an DUP nach raibh suim acu sa bpróiseas le linn shéasúr na máirseála agus mhaígh feisire an DUP, Gavin Robinson nach raibh Sinn Féin dáiríre faoi mhargáil.

Ós annamh a eisíonn foras maoirseachta na dtoghchán cáineadh ar rialtas is díol suntais a raibh le rá ag an gCoimisiún. “Táimid an-bhuartha faoi rún an rialtais an riachtanas chun toghchán a rith a chur ar fionraí,” a deirtear. “Céim thromchúiseach is ea é i ndaonlathas a bheith ag cur toghcháin ar an méar fhada go leanúnach. Ní mór don Pharlaimint a chinntiú nach ndéantar neamhshuim de chearta na vótóirí i dTuaisceart Éireann”.

Is í an cheist ar ndóigh an ndéanfadh toghchán aon difear. Ach an leor an bharúil nach n-athródh vótóirí a nósanna chun an daonlathas a cheilt orthu?

Nuair a thit Stormont dhá bhliain go leith ó shin ritheadh toghchán Tionóil. Sa vótáil ar an 2 Márta 2017 chaill aontachtaithe a móramh in Stormont den chéad uair ach ba iad an DUP agus Sinn Féin an dá phríomhpháirtí arís. Nuair a theip orthu margadh a dhéanamh ina dhiaidh sin chun Stormont a athbhunú cuireadh toghchán eile ar an méar fhada.

Anuraidh nuair a bhí teipthe ar bhabhta eile cainteanna, gan dóchas ar bith go leigheasfaí an phairilis go luath rith Karen Bradley reacht éigeandála a chuir an dlí maidir le toghchán a ghairm ar fionraí go dtí mí an Mhárta seo caite. Cuireadh síneadh ama eile leis an bhfionraíocht go dtí an 25 Lúnasa i mbliana. Is léir ón iarracht chun síneadh nó dhó eile, a fháil nach bhfuil aon choinne le réiteach roimh an dáta sin, agus na fadhbanna idir an DUP agus Sinn Féin fós gan réiteach. Cibé mionathruithe a bhí ar thorthaí vótála eile idir an dá linn, is iad an DUP agus Sinn Féin an dá mhórpháirtí i gcónaí.

Ba léir go raibh díomá ar an Tánaiste Simon Coveney ach níor cháin sé cinneadh an Státrúnaí Bradley. Dúirt sé gur léiriú ab ea é ar an bpráinn a bhí le  fuascailt a fháil ar an tsáinn. Dúirt sé go raibh iarracht dhearfach déanta ag na cúig pháirtí agus go raibh roinnt dul chun cinn déanta. Bhí na croícheisteanna fós gan réiteach, áfach agus dúirt Coveney go mbeadh ceannaireacht chróga de dhíth chun déileáil leo. D’éiligh sé gníomh ón dá phríomhpháirtí, an DUP agus Sinn Féin, a raibh freagracht ar leith orthu.

Caithfidh an dá rialtas breithiúnas a dhéanamh go luath ar fiú leanúint leis na cainteanna reatha. Bhí caint in Stormont faoi chruinniú práinneach i ndiaidh an 12 Iúil, lá mór na nOráisteach, ar an 16 Iúil, seans. Ba dheacair a theacht ar éinne a mheas go ndéanfaí réiteach go luath, go leor den bharúil gur nocht an plean chun toghchán a sheachaint nach raibh údar dóchais ag éinne. Glactar leis mura ndéanfar réiteach sula n-imeoidh Theresa May nach ar Stormont a bheadh a aird ag rialtas nua na dTóraithe.

Thar aon ní eile, is iad Acht na Gaeilge agus pósadh comhghnéis an dá chonstaic mhóra. Sna naoi seachtaine ó bunaíodh an dreas cainteanna seo i ndiaidh mharú an iriseora Lyra McKee i nDoire rinneadh obair ghinearálta ar na ceisteanna sin ach níor fuasclaíodh an t-easaontas. Tá iarracht le déanamh sa Pharlaimint in Westminster leasú a chur le bille Karen Bradley chun cearta pósta do dhaoine aeracha i dTuaisceart Éireann a cheadú ó Westminster. Níl aon chaint ann ar chearta teanga don tuaisceart, áfach.

Meastar gur mó an brú atá ar Shinn Féin óna lucht leanúna filleadh ar Stormont ná mar atá ar an DUP ach i bhfianaise gach a bhfuil ráite acu, is deacair a shamhlú conas a d’fhéadfadh Sinn Féin glacadh le haon mhargadh d’uireasa Acht Gaeilge. Bí cinnte go gcloisfear óráidí in aghaidh Acht Gaeilge ag imeachtaí na nOráisteach ar an 12 Iúil, caint ghránna freisin in aghaidh an phósta comhghnéis. Níl aon iarracht déanta ag ceannairí an DUP chun an naimhdeas sin a mhaolú ar mhaithe le comhghéilleadh, go poiblí ar aon nós.

Ina theannta sin tá an DUP gafa leis an nguagacht in Westminster, iad ag iarraidh a chinntiú go mbeidh cumhacht acu ar na Tóraithe i ndiaidh imeacht Theresa May an mhí seo. Deir siad go bhfuilid neodrach sa chomórtas do cheannaireacht na gCaomhach idir Boris Johnson agus Jeremy Hunt ach d’inis an pictiúr dArlene Foster le Boris Johnson ar an mbalcóin in Stormont – ag breathnú amach ar a ríocht (aontaithe?) a scéal féin. Ní hí an mhoill ar thoghchán Stormont an gad is giorra don scornach.

Fág freagra ar 'Is ionann toghchán a chur ar an méar fhada agus cearta daonlathacha a cheilt'