‘Is ionann gach focal Gaeilge as béal lucht Shinn Féin agus piléar a scaoileadh ar son saoirse na hÉireann’ –iarMhéara Dhoire

Mhaígh an Comhairleoir Maurice Devenney nach raibh ‘fadhb ar bith’ aige leis an nGaeilge ach amháin nuair a bhíonn sí á húsáid mar ‘political football’

‘Is ionann gach focal Gaeilge as béal lucht Shinn Féin agus piléar a scaoileadh ar son saoirse na hÉireann’ –iarMhéara Dhoire

“Is ionann gach focal a thagann as béal duine de mhuintir Shinn Féin agus piléar a scaoileadh ar son saoirse na hÉireann”, a dúirt comhairleoir aontachtach ag cruinniú de chuid Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin tráthnóna.

Bhí an comhairleoir aontachtach neamhspleách, iarMhéara Dhoire, Maurice Devenney, ag labhairt i dtaobh rún a mhol Maolíosa McHugh, comhairleoir de chuid Shinn Féin, go ndéanfaí athbhreithniú ar pholasaí na Comhairle i dtaobh úsáid teangacha ar a cuid comharthaíochta agus ábhar brandála.

Tuairiscíodh ar an Derry Journal tráthnóna gur mhaígh an Comhairleoir Devenney, a bhí tráth ina fheisire de cuid an DUP i Stormont, go raibh polasaí maith ag an gComhairle cheana féin agus go raibh imní air gur iarracht a bheadh sa pholasaí nua droim láimhe a thabhairt leis an Ultais.

“I thought we had a very good policy here on the signage. We have the three languages, English, Irish and Ulster Scots and I would be worried by the proposals coming forward here that some of that may be removed. There has been good work done in this chamber and everyone has tried to work together,” a dúirt an Comhairleoir Devenney.

Mhaígh an Comhairleoir nach raibh “fadhb ar bith” aige leis an nGaeilge ach amháin nuair a dhéantar “cnámh spairne pholaitiúil” aisti.

De réir an Derry Journal thug an comhairleoir aontachtach suntas don scéal go raibh an Ghaeilge á plé sa Chomhairle don dara seachtain as a chéile. “How far do we take this?” a d’fhiafraigh sé.

Ba ansin a mhaígh an Comhairleoir Devenney gurb ionann gach focal Gaeilge as béal mhuintir Shinn Féin agus “a bullet being fired in the fight for Irish Independence”.

Glacadh le rún an Chomhairleora McHugh.

Fág freagra ar '‘Is ionann gach focal Gaeilge as béal lucht Shinn Féin agus piléar a scaoileadh ar son saoirse na hÉireann’ –iarMhéara Dhoire'

  • Packy Leonard

    Leadranach….gnáth chác cheanna óna haontachtóirí ag cur an lochta ar gach duine eile don leathrom a dhéanann said féin in aghaidh féinůlacht Éireannach i dtólamh leis an fhírinne a rá…..