Is ionann an téacs liteartha agus scór ceoil – bíodh chuile chamóg agus nóta san áit cheart

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: I gcluasa inmheánacha an léitheora, iompaíonn dúch ar pháipéar ina chaint

Is ionann an téacs liteartha agus scór ceoil – bíodh chuile chamóg agus nóta san áit cheart

Tá sé ráite agam roimhe seo agus déarfaidh mé arís é: ba chóir do scríbhneoir saothar a léamh amach os ard – chuile fhocal de – sula gcuireann sé faoi bhráid foilsitheora é. 

Ar an gcaoi sin, bainfidh sé amach botúin chló, botúin ghramadaí agus mínádúrthachtaí friotail, rithime agus comhréire. Is féidir leis an bhfocal clóite an dallamullóg a chur ar an tsúil (go háirithe más ar scáileán atá an focal ‘clóite’ agus má bhíonn an tsúil tuirseach) ach ní féidir an dallamullóg a chur ar an gcluas.

Ach rud amháin is ea téacs a scríobh tú féin a léamh amach duit féin. Rud eile ar fad é téacs a scríobh tú féin a chloisteáil ó bhéal dhuine eile. Béal aisteora, mar shampla.

Fadó, fadó, i laethanta órga na litríochta, is cosúil go mbíodh an áis sin ag scríbhneoirí agus go háirithe ag drámadóirí: aisteoirí a léifeadh sliocht le go gcloisfeadh an t-údar caint a chuid carachtar ó bhéal dhaoine eile. Bhí locht mór ar an gcur chuige sin ar ndóigh: an baol go ndéanfaí plámás leis an údar.

An lá cheana, léigh mé gearrscéal greannmhar le Graciliano Ramos, duine de mhórscríbhneoirí na Brasaíle ón gcéad leath den 20ú haois. Sa scéal, tugann dornán aisteoirí cuairt ar theach scríbhneora mór le rá chun dráma nua dá chuid a léamh. Léimeann insint an ghearrscéil ó dhuine go duine: tá banaisteoir amháin ag smaoineamh ar a cuid ingne agus an dráma á léamh aici, tá fonn millteach toitín a chaitheamh ar aisteoir eile, tá an neirbhís atá ar an gcaiteoir tobac ag cur cantail ar aisteoir eile arís.

Níl suim dá laghad ag na haisteoirí sa téacs agus tá a lorg sin le brath ar a gcuid léitheoireachta, ach nuair atá an léamh thart molann siad an t-údar go hard na spéire agus déanann an t-údar amhlaidh leosan. Mar is eol go rímhaith d’aos ealaíon na Gaeilge, tá an saol an-bheag agus ní bheadh a fhios agat riamh cén uair a mbeadh gar ag teastáil uait.

Sa lá atá inniu ann agus pócaí folmha ag chuile dhuine in earnáil na litríochta, is deacair a shamhlú go mbeadh an t-am ná an t-airgead ag foilsitheoir – gan trácht ar scríbhneoir – foireann aisteoirí a íoc a léifeadh téacs os ard d’fhonn barr feabhais a chur ar an scríbhneoireacht.

Ba mhór an phribhléid dom, mar sin, gur roghnaíodh cúpla gearrscéal de mo chuid le gairid don mhír The Book on One a chraoltar go mall san oíche ar RTÉ Raidió 1. Thug sé deis dom éisteacht le mo chuid scríbhneoireachta féin ó bhéal bheirt bhanaisteoirí proifisiúnta, Bríd Ní Neachtain agus Ann Marie Horan. Ní fúmsa, ar ndóigh, breith a thabhairt ar fhiúntas na scéalta féin, ach dar liom go ndearna na haisteoirí sár-jab den léamh. 

Leag siad an bhéim ar na focail chearta, d’fhág siad sosanna sna háiteanna cuí, léirigh siad an teannas a bhí le brath idir na línte – gan acu ach an leabhar foilsithe a bhí os a gcomhair. 

Sin é an fáth gur cheart don scríbhneoir oiread dua a chaitheamh lena shaothar agus é a léamh amach os ard dó féin arís is arís eile, go dtí go mbíonn chuile chamóg san áit cheart. 

Ag deireadh an lae, is éard atá i dtéacs ar bith ná scór ceoil nó gutha, mar a bheadh ag ceoltóir nó ag amhránaí: dúch ar pháipéar a iompaíonn ina chaint i gcluasa inmheánacha an léitheora.

Fág freagra ar 'Is ionann an téacs liteartha agus scór ceoil – bíodh chuile chamóg agus nóta san áit cheart'