“An bhfuil siad ag fanacht go mbeidh gach duine marbh? An é sin údar na moille?” arsa an feachtasóir, Margaret McGuckin.
Fógraíodh bás Billy McConville Dé Luain. Bhí sé 50 bliain d’aois agus an ailse ba shiocair bháis dó in oispís Bhéal Feirste. Mac ab ea é le Jean McConville duine de na daoine a d’fhuadaigh an IRA, ar fearr aithne orthu mar ‘The Disappeared’. Nuair a thóg an IRA an bhaintreach óna hárasán roimh Nollaig 1972 sular mharaigh siad í, faoi cheilt, fágadh an deichniúr clainne ina ndílleachtaí gan éinne le theacht i gcabhair orthu. Más le faitíos roimh an IRA é nó de bharr amhrais níor chuidigh éinne leo agus scaipeadh ráflaí gur amhlaidh a thréig a máthair iad agus go raibh sí imithe le fear.
Ní raibh a mí-úsáid ach ina tús, áfach.
Nuair a thug na seirbhísí sóisialta aird ar na páistí tar éis sé seachtaine, scar siad óna chéile iad agus chuireadar in institiúidí difriúla iad. Níor chas cuid den chlann ar a chéile arís go ceann blianta. Anuas air sin d’fhulaing siad an drochíde a bhí coiteann sna hinstitiúidí sin. Ní nach ionadh bhí drochthionchar ag a dtaithí ar shláinte na clainne agus fágadh cuid mhaith acu gan scileanna saoil.
In 2014, thug Billy McConville fianaise ag an bhFiosrú faoi Mhí-úsáid Stairiúil in Institiúidí. Dúirt sé gur fhulaing sé drochúsáid ghnéis in institiúid Bhráithre de La Salle, Teach Rubane agus mí-úsáid chorpartha. “Tromluí” ab ea an saol sa teach sin i gCill Ghobáin, a dúirt sé ag an bhfiosrú. Thug sé suas a cheart nach n-ainmneofaí é ionas go bhféadfadh sé labhairt amach.
D’fhoilsigh Cathaoirleach an fhiosraithe, an Breitheamh Sir Anthony Hart a thuairisc san Eanáir seo caite. Chinn sé go raibh mí-úsáid coiteann agus mhol sé cúram agus cúiteamh a thabhairt d’íobartaigh faoi phráinn. Ó thit an Feidhmeannas i Stormont thart ar an am sin níl tada déanta. Ghlac an Breitheamh céim an-neamhchoitianta le gairid nuair a d’éiligh sé go poiblí go mbunódh na polaiteoirí an scéim chúitimh gan a thuilleadh moille. Scríobh sé ag na páirtithe i Stormont nuair a bhíodar fós i mbun cainte ag tathant orthu gníomhú. Bhí práinn le tacaíocht airgid agus cóir leighis, a dúirt sé mar go raibh na híobartaigh ag dul in aois nó drochbhail ar a sláinte.
Theip ar na cainteanna polaitiúla gan aon bheart déanta. D’fhág Billy McConville a leaba san oispís níos luaithe an mhí seo chun páirt a ghlacadh in agóid ag éileamh a gcearta d’íobartaigh na mí-úsáide. Ba léir nach raibh biseach i ndán dó. Ba léir chomh maith gur ghoill sé go mór air nach bhfuair sé cúiteamh a bheadh ina thaca dá cheathrar clainne. Chomh maith le cúram sláinte, mhol an fiosrú cúiteamh idir £7,500 agus £100,000 d’íobartaigh. D’impigh Billy McConville ar na polaiteoirí brostú. Deir na páirtithe i Stormont go dteastaíonn uathu gníomhú ach ní bheathaíonn na briathra na bráithre. Níl cúis ar bith nach ndéanfadh an Státrúnaí Brokenshire socrú (rinne sé cinntí faoi dhó faoi chaiteachas) ach ní léir gurb iad na híobartaigh bhochta seo an chloch is mó ar phaidrín(í) polaitiúla.
Léiriú is ea bás Billy McConville ar an ngá atá le deifir. Ní raibh sé ach leathchéad bliain d’aois ach is annamh a fhaigheann íobartaigh dá leithéid fad saoil. Tá na daoine a d’fhulaing in institiúidí stáit agus reiligiúnda sna caogaidí nó luathsheascaidí anois, dar leis an bhfeachtasóir thar a gceann, Margaret McGuckin. ‘Tá an tréimhse saoil s’againne níos giorra mar gheall ar na rudaí a tharla dúinn,’ a dúirt sí. Is iomaí duine as an dream a chuir tús leis an bhfeachtas ar mhaithe le híobartaigh atá ar shlí na fírinne cheana féin, dar le McGuckin.
‘Is gearr uainn an uair nach mbeidh éinne againn fágtha,’ ar sí. ‘An é sin a theastaíonn uathu?’
Tá freagra tuillte aici.
Fág freagra ar '‘Is gearr uainn an uair nach mbeidh éinne againn fágtha’ – faillí ar dhaoine a d’fhulaing mí-úsáid'