Is gearr nach mbeidh i saol na tuaithe ach ‘cárta poist’ ó Shlí an Atlantaigh Fhiáin…

Má leanann cúrsaí mar atá beidh an tuath amhail na híomhánna rómánsúla, seafóideacha a bhíonn le feiscint ar na cártaí poist a cheannaíonn na turasóirí agus iad ar cuairt sa samhradh

Is gearr nach mbeidh i saol na tuaithe ach ‘cárta poist’ ó Shlí an Atlantaigh Fhiáin…

Tá tamall ann anois ó nochtaigh an tAire Airgeadais, Charlie McGreevy,  Clár Díláraithe an Rialtais don domhan mór agus a mháthair ina óráid bhuiséid ar an 4 Nollaig, 2003. Bhíothas chun saol na tuaithe a chlaochlú agus chun anáil nua a shéideadh isteach inti. Chuirfí stop leis an meath tubaisteach a bhí tosnaithe le scór bliain roimhe sin agus a bhí ag dul in olcas le gach bliain a ghabh thart. Mar is eol do chách faoin am seo ba bheag duine a bhí sásta a ngreim ar an ardchathair a scaoileadh agus ní raibh rath ar bith ar an bhfiontar.

Ach ar a laghad dhein McGreevy iarracht – sin an bealach a fhéachaimse ar an ‘ruathar buile’ úd anois. Sna blianta roimh dheireadh an chéid seo caite bhí mé bodhar de bheith ag éisteacht le tráchtairí sóisialta agus polaitiúla (a raibh cónaí ar a bhformhór san ardchathair) ag moladh fiontar a bhí mórán mar an gcéanna leis an gceann a chuir Charlie os ár gcomhair. Ní túisce é curtha ar an saol aige ná gur thosnaigh siad á cháineadh agus á cháineadh go géar. Is mór idir briathar agus gníomh. Nuair a tháinig an crú ar an tairne ní raibh ach mionlach fíorbheag sásta saol na cathrach a thréigint ar mhaithe le saol na tuaithe. Iad siúd a bhog amach ba le drogall a rinne siad é, cuid mhaith acu.

Sin í an aincheist. Is fusa rudaí a rá ná a dhéanamh. Braithim ag an bpointe seo nach bhfuil i saol na tuaithe ach coincheap. Cineál íomhá mhaoithneach, rómánsúil, thnúthánach atá ag lear mór daoine a thugann seápanna fúithi ar a laethanta saoire nó nuair a thagann an ghrian amach nó nuair a theastaíonn faoiseamh uathu. Ní hionann san agus maireachtaint inti ó cheann ceann na bliana. Dála an scéil, is fear tuaithe mé féin a thréig saol na tuaithe tamall fada ó shin agus nach bhféadfadh maireachtaint inti anois. Ní fhéadfainn maireachtaint faoin tuath mar go bhfuil sí bánaithe, athraithe, tréigthe agus imeallaithe ó chónaigh mé inti tá breis agus dhá scór bliain ó shin.

Cuireann an-chuid daoine an milleán faoi bhánú na tuaithe ar an gcinneadh go gcláróimis mar bhall de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa sa bhliain 1973. Bhí muintir na tuaithe féin scoilte maidir leis an gcinneadh úd faoi arbh é ár leas nó ár n-aimhleas a bhí ann. Creidim féin nach raibh an dara rogha againn ag an am.

Bhí an meath tosnaithe i bhfad roimhe sin. D’imigh na mílte agus na mílte daoine ar imirce ó na ceantair tuaithe sna caogaidí agus nuair a bhí mé ag fás aníos sna seascaidí bhí plúr na bhfear agus na mban óg ar iarraidh ó mo cheantar féin agus an dream a bhí fágtha imithe anonn go maith sna blianta. Aisteach go leor, ba chinneadh rialtais eile a thug an buille tubaisteach do thodhchaí na tuaithe, dar liom. Sa bhliain 1967 a tharla sé sin nuair a chuir an tAire Oideachais, Donnchadh Ó Máille, tús le saoroideachas do chách. Bhris sé an slabhra a bhí ann leis na mílte bliain a choinnigh daoine óga ar an talamh. Thosaigh daoine óga ag freastal ar na meánscoileanna ina sluaite agus laistigh de roinnt bheag blianta bhí an státseirbhís, na coláistí traenála, na hollscoileanna agus na seomraí nuachta ag tarraingt a n-airde. Ba í saol na feirme an chloch ba lú ar a bpaidríní.

Leanadh leis an dídhaonrú ina dhiaidh sin. Tháinig an nuatheicneolaíocht ansin. Lean rialtas i ndiaidh rialtais ar aghaidh leis an gcur i gcéill, an fhimíneacht agus an ‘labhairt as dhá thaobh do bhéil’ maidir leis an dtuath. Agus tithe an rialtais go léir lonnaithe san ardchathair. Agus na poist go léir le fáil i ngach áit eile seachas faoin dtuath. Agus é níos deacra d’fhear nó do bhean tuaithe cead pleanála a fháil ina gceantar féin ná mar a bhíonn sé ag duine ón dtaobh amuigh teacht isteach chun teach samhraidh a cheannach.

Agus leis an dídhaonrú is beag vótaí atá faoin dtuath. Mar sin tá sé i bhfad níos éasca siléig a dhéanamh i leith na tuaithe – oifigí poist a dhúnadh, faillí a dhéanamh ar infreastruchtúr, bunscoileanna a dhúnadh, ligint do sheirbhísí taistil agus sláinte titim siar, gan postanna nó deiseanna fostaíochta a chruthú, gan áiseanna siamsaíochta agus spóirt a fhorbairt do na daoine óga, gan cuidiú leis an nGaeilge sa Ghaeltacht, gan infheistíocht ná maoiniú a chur ar fáil do na tionscail sheanbhunaithe ar nós thionscal na feirmeoireachta, na hiascaireachta agus na dtionscal tinteáin. I bhfocail shimplí, fágann bánú na tuaithe gur furasta faillí iomlán a dhéanamh uirthi le súil is go n-imeoidh sí ó chlár na cruinne ar fad.

Béalchráifeacht agus cur i gcéill.

Má leanann cúrsaí mar atá beidh an tuath amhail na híomhánna rómánsúla, seafóideacha a bhíonn le feiscint ar na cártaí poist a cheannaíonn na turasóirí agus iad ag taisteal ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin gach samhradh.

Fág freagra ar 'Is gearr nach mbeidh i saol na tuaithe ach ‘cárta poist’ ó Shlí an Atlantaigh Fhiáin…'

  • Conchubhar Ó Dálaigh

    Fís dhuairc, fís ghruama, a Mhichíl.

    Ní dóigh liom go bhfuil tú ag rá go bhfuil ‘saoroideachas do chách’ (1967) ná ‘ballraíocht sa CEE/AE (1973)’ agus a leithéid de thograí “comhaimseartha” amháin ciontach as an staid ina bhfuilimid … dídhaonrú, oifigí poist dúnta, faillí ar bhonneagar, easpa aiseanna srl.

    Tugadh seans do dhaoine – trí thograí den chineál sin – a mbealach féin, a slite féin a dhéanamh sa saol, in ana-chuid ghné den saol – agus tugtar seans dúinn fós. Agus tá ceart saorghluaiseacht mar chuid lárnach dár saol inniu, táim ag ceapadh. Tá sé deacair an clog a chur siar.

    Fós féin is féidir leis an duine aonair a rogha féin a dhéanamh maireachtáil faoi tuath – rud a rinne mé féin ar feadh dhá bhliain tamaill de bhlianta ó shin (Ailt an Chorráin, Co. Dhun na nGall). Bhain mé sult as. Bhain mise agus mo chlann tairbhe mhór as an dtréimhse sin. Bhíodh an t-ádh liom, agus mé ansin, leanúint ar aghaidh le mo chuid oibre agus slí beatha a dhéanamh – le lámh chúnta ón idirlíon (fiú seirbhís ADSL réasúnta mall, ní mór dom a rá, ach ba leor é ag an am). Admhaím nach bhfuil an fhéidearthacht chéanna a bheith ag obair ón mbaile’ ag cách. Fós féin, is faoin nduine aonair atá sé – fanacht nó a mhalairt – ag deireadh an lae. Ní fiú 100% den mhilleáin, den bhfreagracht más maith leat, ar chur ar ‘na húdaráis’ i gcónaí. Chiallódh sé sin díchumhachtú an duine aonair. Agus is saoránaigh sin. Éistear lenár nguth.

    Is cur síos é d’alt, ar bhealach, ar thionchar na n-athruithe leanúnacha in earnáil ‘na cumarsáide’ orainn uile, táim ag ceapadh, le breis is leathscór bliain anuas: liobrálú i dtionscal na heitlíochta, teacht chun chinn an leathanbhanda agus an t-idirlíon, na meáin sóisialta agus na hathruithe sóisialta go léir a tháinig in a scáth. Téann uirbiú agus domhandú le chéile bonn ar bonn.

    Mar sin féin, ní bheinn chomh éadóchasach faoin dtodhchaí – agus ní bheinn chomh suarach searbhasach sin ach an oiread faoin “íomhá mhaoithneach, rómánsúil, thnúthánach” a sheasann os cionn an ailt seo, ar nós chárta poist óna sean-laethanta… Bíodh a leithéid de radharc le feiceáil ag gach duine ó am go ham.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Beidh deis acu siúd le airgead agus maoin cónaí a dhéanamh faoin tuath. Iad siúd le gluaisteán faoina dtóin – nach mbeidh ag brath ar chóras iompar (príobháideach anois sa Ghaeltacht) le dhul chuig na siopaí ná chuig a gcuid oibre. Nach bhfuil dua laethúil á dhéanamh ag daoine ar fud na tíre agus iad ag taisteal chun na hoibre? B’fhéidir go bhfuil siad sásta fanacht faoin tuath agus an aistear fada a dhéanamh achan lá chun na hoibre, b’fhéidir gur bhfearr leo bheith níos cóngáraí don obair ach go bhfuil an costas maireachtála ró-ard, cibé dóigh a amharcann tú air, níl sé sásúil ach níl an dara suí ag daoine.

    Tá i bhfad barraíocht béime ar mhaoin saolta i mo thuairimse – agus chan inniu ná inné a thosaigh sin. An chaipitleachas ag glacadh anonn an saol agus luach ar achan rud.

    …’gan cuidiú leis an nGaeilge sa Ghaeltacht’…

    Tá cuidiú a dhith ar an nGaeilg TAOBH AMUIGH DEN GHAELTACHT chun go mairfidh sí mar theangaidh bheo sa Ghaeltacht.

    Coinníoll Gaeilge de dhith ar an Ghaeltacht.