‘Is geall é le Cnoc Bréanainn a bheith tite’ – deireadh ré agus pictiúrlann an Daingin dúnta

Fógraíodh inné nach mbeidh doirse na pictiúrlainne, a bunaíodh i 1980, ag oscailt arís

‘Is geall é le Cnoc Bréanainn a bheith tite’ – deireadh ré agus pictiúrlann an Daingin dúnta

Tá croitheadh bainte as muintir Chorca Duibhne ag an scéala go bhfuil an phictiúrlann aitheanta ar bhaile an Daingin The Phoenix dúnta “go buan”.

Fógraíodh i dteachtaireacht a scaip úinéirí The Phoenix ar na meáin shóisialta inné nach mbeidh doirse na pictiúrlainne, a bunaíodh i 1980, ag oscailt arís. Tá an phictiúrlann dúnta ó thús na paindéime, Márta 2019.

Bhí Aodh Ó Coileáin, léachtóir sa Chumarsáid in OÉ Gaillimh, ag obair mar fháilteoir nuair a taispeánadh an chéad scannán sa Phoenix mí Iúil 1980, agus é 11 bliain d’aois.

Halla rince a bhí sa Phoenix roimhe sin agus bhí an áit lárnach riamh i saol cultúrtha agus sóisialta mhuintir na háite.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ó Coileáin gur “buille uafásach mór” do mhuintir na leithinse a bhí sa scéal nach mbeidh The Phoenix ag oscailt arís, pictiúrlann a bhí “lárnach i saol cultúir agus sóisialta an bhaile agus na leithinse”.

“Is tubaiste é. Is geall é le Cnoc Bréanainn a bheith tite. Buille uafásach atá ann go mórmhór ó thaobh an chultúir de. Bhíodh club scannán ann gach Máirt agus bhíodh pobal an cheantair ag bualadh le chéile ann, ag ól tae agus caife le chéile, ag caint faoi ghnáthimeachtaí an tsaoil mhóir ach ag caint faoi chúrsaí ealaíon freisin, ag caint faoi na scannáin.”

B’áit í “nach bhfeadfaí luach a chur uirthi”, a dúirt Ó Coileáin, mar gheall ar “an díospóireacht, an plé, an siar is aniar, an sá agus an tarraingt” a rinneadh ann.

B’fhear mór scannán é úinéir na pictiúrlainne Michael Francis Ó Sullivan a roinn a chuid eolais faoi chúrsaí scannán go flaithiúil.

“Ba gheall le scoil scannáin é ar leithinis Chorca Duibhne, áit a bhí ann ina bpléití ceisteanna móra ár linne mar a bhíodar ag teacht chugainn tríd ealaín an scannáin.

“Nuair a bhí úinéir na pictiúrlainne ina bheathaigh, Mícheál Francie Ó Súilleabháin, thugadh sé píosa cainte roimh na scannáin agus léadh sé léirmheasanna scannáin amach a foilsíodh sa New Yorker, The Guardian nó irisí agus nuachtáin eile”, sa dúirt Ó Coileáin.

Kramer vs. Kramer, le Dustin Hoffman agus Meryl Streep, an chéad scannán a taispeánadh sa Phoenix, agus bhí gach focal a dúradh sa scannán ar a thoil ag Ó Coileáin faoin am go raibh a chéad sheachtain mar fháilteoir déanta aige.

“Is cuimhin liom go raibh an chulaith a bhí agam do mo chóineartú orm agus an cúram orm daoine a thabhairt chomh fada lena gcuid suíochán. Dá mbeadh teip ar an teilgeoir bhí mé féin agus an bheirt eile a bhí ag obair ann réidh chun an scannán a thabhairt ó bhéal!” a dúirt sé.

Sa teachtaireacht a scaip muintir Uí Shúilleabháin faoi dhúnadh an Phoenix, gabhadh buíochas leis na daoine a thacaigh leis an phictiúrlann agus a d’oibrigh ann thar na blianta, ina measc deartháir Aodha, Tadhg Ó Coileáin, a bhásaigh in 2004.

“Bhí mé féin agus Tadhg ag obair ann. Bhí mé istigh ina lár ó bhí mé aon bhliain déag d’aois, agus is geall é le cuid den teaghlach a bheith imithe arís,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Coileáin gur trua leis go mór “príomhphicitúrlann na Gaeltachta” a bheith dúnta tráth a bhfuil borradh faoi scannáin Ghaeilge.

“Tá sé íorónach go bhfuil borradh chomh suntasach sin faoi na scannáin Ghaeilge, Arracht ag taisteal ar fud na cruinne, Foscadh i ndiaidh gradam a bhaint ag Féile Scannán Newport Beach, i gCalifornia, agus anois tá príomhphictiúrlann na Gaeltachta dúnta.

“Bhíomar fada ár ndóthain ag fanacht ar scannáin Ghaeilge, anois tá siad tagtha agus tá an phictiúrlann imithe,” a dúirt sé.

Dúirt an stiúrthóir Louise Ní Fhiannachta, as Cionn Trá i gCorca Dhuibhne, gur “institiúid chultúrtha” a bhí sa Phoenix don dream óg i gCorca Duibhne.

“Ionad le haghaidh smaointeoireachta” a bhí sa Phoenix do dhéagóirí an cheantair.

“Áit fíorspeisialta a bhí ann. Is cuimhin liom é a bheith ina lá an dreoilín ar an balcony, nuair a bhí The Commitments, a thaispeáint. Bhí fuinneamh dochreidte le braistint ann an oíche sin leis an oiread ceoil a bhí sa scannán. Seasann cuimhní ar nós na hoíche sin go mór,” a dúirt sí.

Dúirt Cian Ó Cíobháin, láithreoir An Taobh Tuathail ar Raidió na Gaeltachta, as an Daingean, go raibh sé “croíbhriste” faoin scéal nach mbeadh The Phoenix ag oscailt arís.

“Nuair a thosaigh an ghéarchéim, thosnaíos ag smaoineamh ar na háiteanna ar fad a mbeinn croíbhriste dá ndúnfaidís agus bhí The Phoenix ag barr an liosta agam.

“Tá clubanna imithe agus tithe tábhairne imithe sa Daingean roimhe seo ach an chúis gur bhain dúnadh The Phoenix an t-anam asam ná go raibh mé ag dul ann ó bhíos óg.”

Dúirt Ó Cíobháin gur sa Phoenix a chonaic sé den chéad uair “na blockbusters ar fad ó Hollywood” ina measc ET, Gremlins, Indiana Jones agus Back to the Future.

“Ní féidir liom cuimhneamh ar aon phictiúrlann eile arbh fhearr liom a bheith ag féachaint ar scannán ann, agus bhí dlúthcheangal ag an-chuid daoine i gCorca Duibhne leis,” a dúirt sé.

Maidir lena bhfuil i ndán don fhoirgneamh féin, dúirt Ó Coileáin gur chóir a chinntiú go gcaomhnófaí é.

“Ag an bpointe seo, ní fios fós cad a tharlóidh don fhoirgneamh stairiúil seo i lár an bhaile. An ndíolfar é, an osclófar arís é? Ba mhór an trua dá dtarlódh aon rud don bhfoirgneamh.”

Duine eile a bhí “croíbhriste” faoin scéal ná an craoltóir agus iarpheileadóir Dara Ó Cinnéide a thaithíodh an club scannáin.

Fág freagra ar '‘Is geall é le Cnoc Bréanainn a bheith tite’ – deireadh ré agus pictiúrlann an Daingin dúnta'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Is olc an ghaoth ná shéideann maitheas éigin. Cé gur buille tubaisteach é dúnadh an Phoenix, tugann sé deis eile fós d’Údarás na Gaeltachta gníomh dearfach a ghlacadh le dul i ngleic ar an easpa áiseanna dos na healaíona i gCorca Dhuibhne. Tá an foirgneamh seo ullamh chun siúl isteach agus forbairt a dhéanamh ar an iliomad féidearthachtaí atá ann don amharclannaíocht le stáitse breá mór móide seomraí feistis, don scannánaíocht agus trealamh den scoth in situ, agus fiú don rince le hurlár breá mailpe caomhnaithe faoi na suíocháin ag Michael Francie Ó Súilleabháin a thuig go maith a luach. Carpe diem!