Is gá féachaint arís ar an gceist faoin nGaeilge sa Daonáireamh

Caithfear aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí éagsúla a bhaineann leis an bhfoclaíocht sa mhír faoin nGaeilge atá beartaithe do Dhaonáireamh 2021

Is gá féachaint arís ar an gceist faoin nGaeilge sa Daonáireamh

Maidir le ceist nua faoin nGaeilge atá le bheith i nDaonáireamh 2021, tá amhras orm faoin bplean a raibh eolas faoi ar Tuairisc.ie ar an 10 Iúil 2019. Tá ráite gurb í an cheist faoi líofacht ón Suirbhé Píolótach a chuirfear isteach.

Ceist thrípháirteach a bheadh sa cheist faoin nGaeilge dá réir sin, agus í léirithe ar leataobh anseo.

Níl aon deacracht agam leis an gcéad mhír den cheist – An bhfuil Gaeilge labhartha agat? Tá leagan di ann ón mbliain 1996.

Maidir leis an dara mír, cuireadh isteach ceist faoi mhinicíocht úsáide sa bhliain 1996, agus ba cheist dhoiléir í a raibh deacrachtaí comhréire agus struchtúir ag baint léi. Rinneadh na deacrachtaí sin níos measa fós nuair a tugadh isteach idirdhealú maidir le húsáid laistigh nó lasmuigh den chóras oideachais sa bhliain 2006. Baineann deacrachtaí tromchúiseacha leis an bhfoclaíocht, go háirithe nuair nach ann do nótaí míniúcháin. Tá srianta ann maidir le cé acu de na boscaí ar ceadmhach iad a mharcáil i dteannta a chéile, ach ní thugtar aon mhíniú air sin. Conas a d’fhéadfadh daoine fios a bheith acu go bhféadfaidís catagóir úsáide 1 (‘Go laethúil, sa chóras oideachais’) a mharcáil i dteannta aon cheann eile de na catagóirí úsáide, ach nach raibh an riail chéanna i bhfeidhm má mharcáil siad catagóir úsáide 2?

An raibh sé loighciúil ‘Go seachtainiúil’ nó ‘Ní chomh minic sin’ nó ‘Ní labhraíonn riamh í’, iad sin gan tréithriú, a mharcáil, má bhí ‘Go laethúil, sa chóras oideachais’ marcáilte cheana mar fhreagra ar an gceist shonrach ‘Má ‘Tá’, an labhraíonn tú Gaeilge?’. Conas is féidir le duine a rá go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil sa chóras oideachais, agus ag an am céanna a rá nach labhraíonn siad riamh í?

Mholfainn féin go mbainfí an mhír sin amach as an Daonáireamh ar fad, agus bheadh moltaí agam maidir le ceisteanna le cur ina háit: ní de dheasca na ndeacrachtaí leis an bhfoclaíocht amháin, ach freisin de bhrí go mbaintear úsáid as torthaí roghnaithe ar an gceist chun pobal na Gaeilge a imeallú.

Má tá an Phríomh-Oifig Staidrimh meáite ar an gceist seo i bhformáid den chineál céanna a choinneáil, tá sé riachtanach ar a laghad go ndéanfaí í a leasú ar mhaithe lena soiléiriú. Cé gur deacair leasú chun feabhais a dhéanamh ar cheist a bhí dréachtaithe chomh dona sin ó thús, tá roinnt roghanna ar fáil: is féidir an coinníoll “lasmuigh den chóras oideachais” a chur le roghanna 3, 4, agus 5, nó, níos fearr fós, na freagraí a rangú faoin dá chatagóir a bhaineann le hoideachas, mar atá léirithe anseo agam.

Is gá freisin an fhoclaíocht ‘Má ‘Tá’, an labhraíonn tú Gaeilge?’ a leasú.

Chuirfeadh an mhír nua, an tríú mír, ar féinmheasúnú é ar leibhéal cumais labhartha Gaeilge an duine aonair, eolas tábhachtach teangeolaíoch breise ar fáil. Ach tá sé riachtanach go ndéanfaí an neamhréir idir na leaganacha Gaeilge agus Béarla sna freagraí a cheartú: ní hionann a rá go labhraíonn tú an Ghaeilge ‘not well’, agus a rá go labhraíonn tú ‘ar éigean’ í.

Tá am ann fós chun mionleasuithe a dhéanamh ar an gceistneoir do Dhaonáireamh 2021. Níor fhógair an Phríomh-Oifig Staidrimh na ceisteanna go poiblí fós, cé gur léir gur tugadh eolas ar leith do Tuairisc.ie. Agus má d’aontaigh an Rialtas le leaganacha lochtacha, tá tuairim agam go mbeadh sé sásta aontú le leaganacha leasaithe, dá mba ghá.

– Ghníomhaigh an Dr Ó Laighin mar Ionadaí thar ceann na hÉireann sa Chlár Suirbhéireachta Sóisialta Idirnáisiúnta, agus bhí sé ina bhall de ghrúpaí a dhear suirbhéanna áirithe ar a shon

Fág freagra ar 'Is gá féachaint arís ar an gceist faoin nGaeilge sa Daonáireamh'