Is furasta an plean do sheirbhísí iompair faoin tuath a lochtú, ach tógaimis go bog é…

Ní féidir an fhorbairt ar sheirbhísí iompair faoin tuath a d’fhógair Shane Ross an tseachtain seo a scaradh ó chúrsaí eile

Is furasta an plean do sheirbhísí iompair faoin tuath a lochtú, ach tógaimis go bog é…

Shane Ross. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Róscaipthe, ródhéanach, róbheag.

Sop in áit na scuaibe.

Cur i gcéill.

D’fhéadfaí a leithéid thuas a scríobh gan stró anseo agus beag is fiú a dhéanamh den fhorbairt ar an scéim iompair tuaithe a d’fhógair Shane Ross Dé Máirt. 

Is é sin, dá mb’fhiú colún dá leithéid a scríobh (ní fiú) agus dá mbeadh beag is fiú tuillte (níl). Teastaíonn beartais den uile chineál chun tacaíocht a thabhairt do shaol na tuaithe, agus ní cóir cúrsaí iompair a chur as an áireamh.

Tarraingíodh aird ar an scéim, agus ar an dlúthbhaint a bhí ag an Aire Stáit Brendan Griffin lena forbairt, le linn argóna idir é féin agus Ciarraíoch eile, Danny Healy Rae, sa Dáil i rith na seachtaine. 

Thug Danny Healy Rae ‘seafóid’ ar an scéim toisc nach mbeadh ocht gcinn de sheirbhísí nua bus ábalta freastal ar mhuintir uile na tuaithe. Dáiríre! Chuir an Grifíneach i gcuimhne dhó gur chuir a dheartháir Michael fáilte roimh leathnú na scéime tamall ó shin. Is féidir éisteacht leis an gclampar, gabhaim mo leithscéal, leis an argóint eatarthu anseo.  

Is ar bhonn píolótach nó trialach atá na seirbhísí bus nua á reáchtáil. Caoga seirbhís bhreise atá beartaithe faoi choimirce scéimeanna atá lonnaithe i 19 contae. San iomlán cuirfear 188 turas breise sa tseachtain ar fáil idir 6pm chlog agus 11pm san oíche ar an Aoine agus ar an Satharn. Beidh seirbhísí solúbtha ar fáil freisin a bheas ar fáil má chuirtear in áirithe iad roimh ré.

Tá 450,000 á chaitheamh ar an bhforbairt, a ndéanfar athbhreithniú uirthi  i gceann sé mhí. Thug Shane Ross le fios go mbeadh breis airgid ar fáil ina dhiaidh sin dá gcuirfí breis iarratas faoi bhráid na Roinne Iompair.

Níl seans ar bith ann go mbeidh córas poiblí iompair mar atá ar fáil sna cathracha ag ceantar ar bith faoin tuath, ar chúiseanna nach féidir a shéanadh. Beidh an caiteachas ar sheirbhísí ina chnámh spairne mar sin i gcónaí toisc go mbeidh Teachtaí Dála as ceantair tuaithe ábalta a rá i gcónaí nach leor é. Ní réiteofar argóint dá leithéid go deo.

Ar ndóigh, ní féidir an fhorbairt ar an scéim a d’fhógair Shane Ross Dé Máirt a scaradh ó chúrsaí eile. Thar aon rud eile, ní féidir an fógra a scaradh ón gcáineadh leanúnach atá á dhéanamh ag Danny Healy Rae agus ag scata beag Teachtaí Dála eile ar bhille Ross faoina gcuirfear cosc tiomána trí mhí feasta ar thiománaithe a mbéarfar orthu agus an iomarca dí ólta acu. 

Cé gur léir do chách nach bhfuil réiteach ná baol air sa scéim nua ar fhadhbanna iompair agus uaignis na tuaithe, ní foláir cuimhneamh ar an bhfírinne bhunúsach. Má theastaíonn beartas chun líon na ndaoine a mharaítear ar na bóithre a laghdú, ní chóir moill a chur air.

Is doimhne áfach na ceisteanna a dhúisigh an fhorbairt bheag a d’fhógair Shane Ross. Ceisteanna mar seo, abair. 

Nár chóir seirbhísí lae a reáchtáil chomh maith le seirbhísí oíche? Ní mian le gach duine atá ag cur faoi/fúithi i gceantar atá i bhfad ó bhaile mór dul ag taisteal san oíche.

Nach bhfuil deis nó dualgas ag teannadh le cumainn na bhfeirmeoirí, le Cumann Lúthchleas Gael agus le heagraíochtaí eile atá gníomhach faoin tuath chun seirbhísí iompair a sholáthar, le cabhair ón rialtas?

Idir an dá linn, cé go ndéantar gach iarracht clichéanna a sheachaint sa cholún seo de ghnáth, tá trí cinn in uachtar an ailt. Cén dochar mar sin má chuirtear críoch ar shaothar an lae inniu le trí cinn eile, a oireann mar chur síos ar na seirbhísí bus nua?

Is é a locht a laghad.  

Más maith, is mithid. 

Tús maith, leath na hoibre.

Fág freagra ar 'Is furasta an plean do sheirbhísí iompair faoin tuath a lochtú, ach tógaimis go bog é…'

  • Artúr

    Níl ann ach bréagiarracht leis an reachtaíocht sheafóideach i leith an alcóil a thabhairt isteach agus agenda frith-thuaithe a chur i bhfeidhm. Seachnaítear caint ar choisithe/rothaithe gan éadaí frithchaiteacha solais nó atá ar deoch iad féin.

  • Des O Murchu

    Ni feidir seirbhis iompair tuaithe a phleanail le riomhaire ar leirscail! Is beag planali iompair tuathithe a chaith tamaill fada ag taistil bothithe ach ag sui ag riomhaire ag imirt tiddlywinks le seirbhis gan chiall a eagru! Des O Murchu